Mic léinn dár gcuid a bhain ardghradaim amach ag ócáid Ollscoil na hÉireann le déanaí: Seosamh Mac Cárthaigh, Eimear de Brún, Cárthach Ó Faoláin.
Read more
Mic léinn dár gcuid a bhain ardghradaim amach ag ócáid Ollscoil na hÉireann le déanaí: Seosamh Mac Cárthaigh, Eimear de Brún, Cárthach Ó Faoláin.
Tá gradam mór bainte ag an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh as a leabhar The Coast Road (The Gallery Press, 2016). Tá an leabhar ainmnithe le fíordhéanaí ar an ngearrliosta i gcomhair an 'Warwick Prize for Women in Translation'. 58 de shaothair a cuireadh isteach i gcomhair na duaise seo, agus sé cinn acu san atá ar an ngearrliosta, leabhar Ailbhe ina measc. Tuilleadh eolais: https://www2.warwick.ac.uk/newsandevents/pressreleases/warwick_announces_shortlist/
Tháinig an tAire Joe McHugh agus an tArd-Aighne, Séamus Woulfe, ar cuaird chun Roinn na Nua-Ghaege le déanaí. Labhair siad le mic léinn agus mholadar an dea-obair atá ar siúl sna cúrsaí ilghnéitheacha atá ar siúl againn.
An Linn Bhuí iml. 21 á bronnadh ag an Ollamh Pádraig Ó Macháin ar an Dr Attracta Halpin, Cláraitheoir Ollscoil na hÉireann, a sheol an leabhar. An tOllamh Aoibheann Nic Dhonnchadha agus Nioclás Mac Craith laistiar.
Modúl nua Gaeltachta is ea GA2033, ina bhfreastalaíonn mic léinn dianchúrsa Gaeilge agus imeachtaí eile i nGaeltacht na Rinne agus an tSeana-Phobail. Cuirtear ranganna ceoil, rince, iomána, amhránaíochta, staire, agus go leor eile ar fáil chomh maith. Sna pictiúirí seo tá duine desna mic léinn á chur fé agallamh ag TG4, agus cuid eile acu ag rothaíocht ar an Rian Glas i nDún Garbhán.
Tháinig saineolaithe ó gach aon aird den gcruinne chun stair an pháipéir a phlé i gcomhdháil de chuid Roinn na Nua-Ghaeilge. Dhein an plé seo comhthéacs a sholáthar do lámhscríbhinní na Gaeilge, a raibh cuid acu ar taispeáint i gcaitheamh na comhdhála. Bhí ionadaithe ó naoi gcinn de thíortha i láthair, agus bhí freastal an-mhaith ann ó cheithre hairdibh na tíre seo. Agnieszka Helman-Wazny (Hamburg) agus Barbara Fairbanks-Harris (Yale) atá sa phictiúr.
Mic léinn dár gcuid a bhain ardghradaim amach ag ócáid Ollscoil na hÉireann le déanaí: Seosamh Mac Cárthaigh, Eimear de Brún, Cárthach Ó Faoláin.
Read more
Le déanaí tá togra nua curtha ar bun i gCorcaigh chun staidéar a dhéanamh ar na cineálacha dúigh a mbaintí leas astu i lámhscríbhinní na Gaeilge.
Read moreÁras Uí Rathaille, UCC