Iarchéimithe

Staidéar Iarchéime

Tugann Roinn na Nua-Ghaeilge deis do mhic léinn staidéar agus taighde iarchéime a leanúint sna hábhair atá le sonrú ar reimsí spéise na mball foirne. Bíonn fáilte ag an Roinn roimh mholtaí i dtaobh ábhar taighde, agus bíonn na baill foirne ar fáil i gcónaí chun a leithéid a phlé le mac léinn ar bith.

Ar réimsí taighde na Roinne tá:

  • Lámhscríbhinní agus pailéagrafaíocht na Gaeilge ón dara haois déag go deireadh na naoú haoise deag

  • Filíocht na Nua-Ghaeilge Moiche: Filíocht na Scol, chomh maith le filíocht éadtrom an ghrá agus na haoire

  • Prós na Nua-Ghaeilge Moiche: prós na staire agus prós ócáidiúil, prós cruthaitheach agus prós feidhmiúil

  • litríocht na seachtú haoise déag: saothar pearsan mór na haoise sin – Ó Cianáin, Céitinn, Ó Bruadair, etc.

  • litríocht na hochtú haoise déag, go háirithe filíocht na Mumhan - Ó Rathaille, Eoghan Rua,  Donnchadh Rua etc.

  • amhráin na ndaoine

  • litríocht na naoú haoise déag, go háirithe prós na tréimhse roimh an nGorta Mór mar a léirítear i gcín lae agus i scríbhinní Aomhlaoibh Uí Shúilleabháin, i gcomhfhreagras agus i seanmóintí é.

  • canúineolaíocht agus teangeolaíocht na Gaeilge, Gaeilge na Mumhan go háirithe

  • logainmníocht

  • nua-litríocht na Gaeilge, idir fhilíocht is phrós, go háirithe saothar Sheáin Uí Ríordáin agus saothar scríobhnóirí comhaimseartha

Tá eolas ar scóláireachtaí iarchéime ó Coláiste na nEalaíon le fáil anseo:

Mic léinn atá cláraithe i gcomhair M.A., agus go bhfuil cáin ioncaim á híoc acu, b’fhéidir go mbeidh siad i dteideal ar chéatadán de na táillí (20% faoi láthair) a fháíl thar n-ais. Féach

Mic Léinn Iarchéime

Mic Léinn PhD

Beatrix Faerber, An annotated edition of two Irish translations of Bernard de Gordon, De Decem Ingenus (Stiúrthóirí: An tOllamh Pádraig Ó Macháin, Dr Aoibheann Nic Dhonnchadha (DIAS))

Mairéad Ní Loingsigh, Scéalta Shéamuis Chaomhánaigh (Stiúrthóirí: Liam P. Ó Murchú, An tOllamh Pádraig Ó Macháin)

Ciara Ní Riain, Traidisiún na Gaeilge i Montana, 1880-1920 (Stiúrthóir: Dr C. G. Buttimer)

Antoin Ó Floinn, Filíocht Phádraig Phiarais Chúndún, (Stiúrthóirí: An tOllamh Pádraig Ó Macháin, Dr C. G. Buttimer)

Michael S. Ó Geallabháin, Téarmaíocht an Cheoil i Litríocht na Gaeilge 800-1800 A.D. (Stiúrthóirí: Dr Seán Ua Suilleabháin, An tOllamh Máire Herbert)

Seán B. Ó hUllacháin, Saothar Oideachais an Ghúm, 1927-45 (Stiúrthóir: Dr C. G. Buttimer)

Tomás L. Ó Murchú, Filíocht Éamoinn de bhFál (Stiúrthóir: Dr C. G. Buttimer)

Andrea Palandri, The Irish Marco Polo (Stiúrthóirí: An tOllamh Pádraig Ó Macháin, Dr Seán Ua Súilleabháin)

 

Céim Mháistreachta tré Thaighde

William J. C. Ryan, Lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste na Rinne, Co. Phort Láirge (Stiúrthóir: An tOllamh Pádraig Ó Macháin)

Ard-Dioplóma san hEalaíona (Nua-Ghaeilge)

Clár staidéir is ea an tArd-Dioplóma san hEalaíona (Nua-Ghaeilge) (NFQ Leibhéal 8, Mór-Ghradam) a ritheann ar feadh 9 mí (lánaimseartha) nó 18 mí (páirtaimseartha) ón gcéad-data cláraithe. Dírithe orthu siúd a bhfuil céim acu cheana féin atá sé, agus ar mian leo anois cáilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach tré chúrsa dianstaidéir thar tréimhse bliana nó dhá bhliaina acadúla.

Modúil de luach 60 creidiúint atá i gceist leis an Ard-Dioplóma (30 creidiúintí in aghaidh na bliana i gcás an chúrsa pháirtaimseartha), agus roghnaíonn an mac léinn na modúil sin ó chúrsaí an 2ra agus an 3ú bliain. Modúl éigeantach is ea GA3001.

Mic léinn a bhfuil céim Leibhéal 7 acu, ná fuil staidéar ar an nGaeilge déanta acu ag leibhéal fochéime, beidh orthu 10 gcreidiúintí breise a dhéanamh.

Is tré chóras PAC a chuirtear isteach ar an gcúrsa seo.

Déanfar gach iarratas a mheas ar a cháilíochtaí féin. Is iad na cáiliochtaí ginearálta a éilitear ná:

  1. GA1002 nó a mhacasamhail. nó
  2. Go léireofaí do Roinn na Nua-Ghaeilge (tré agallamh agus/nó scrúdú) go mbeadh an t-iarrthóir oiriúnach don gcúrsa. Moltar teangmháil a dhéanamh leis an gCeann Roinne sa chás seo.

 

MA sa Nua-Ghaeilge

Céim mháistreachta mhúinte: CÓC riachtanais iontrála agus modh iarratais

Tuilleadh eolais agus MA sa Nua-Ghaeilge [PDF] 

 

Online M.A. in Gaelic Literature

An online M.A. in Gaelic Literature, taught entirely through English, is offered by the Department of Modern Irish. Application is currently open via the UCC Postgraduate Study system.

This online M.A. offers modules in all aspects of Irish Literature (heroic, Fenian, bardic, female-authored, religious, modern), History, Manuscripts, Society, Mythology, Placenames, Translation Studies, and Popular Belief and Custom, as well as an optional Beginners’ Irish Language module.

This online M.A. forms an exciting part of our long-term commitment to distance learning. Students of all ages, regardless of their other commitments, can take an M.A. in the central element of Ireland's heritage without ever leaving their homes.

Read more of the course description, and former students’ testimonials: Gaelic Literature MA – CKD13; DKD14 PT

 

MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa

CUR SÍOS AR AN gCÚRSA

Cúrsa bliana í an Mháistreacht sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa atá dírithe ar chéimithe sa dlí, nó ar dhaoine le cáilíochtaí eile sa dlí, agus caighdeán maith Gaeilge acu chomh maith agus ar mhian leo an caighdeán sin a ardú anois agus cur lena saineolas ar Dhlí na hEorpa. Cuid de thogra an Údaráis um Ard-Oideachas é seo chun deiseanna fostaíochta na gcéimithe Dlí agus Gaeilge a fheabhsú, go háirithe i gcomhthéacs na hEorpa.
Chomh maith le croí-mhodúil sa Ghaeilge agus sa Dlí, tugann mic léinn faoi mhodúil roghnacha i nDlí na hEorpa agus i dteanga eile de chuid na hEorpa, chomh maith le dianchúrsa Gaeltachta.
Mórghradam ag Leibhéal 9 den NFQ atá sa cháilíocht seo.

Clár Staidéir

Cúrsa lánaimseartha 12 mhí an MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa. Baineann Cuid 1 leis an gcéad agus an dara seimeastar agus Cuid 2 leis an tríú seimeastar.

 

Modúil

Cláróidh mic léinn do 90 creidiúint mar leanas:

 

Cuid 1

Croí-Mhodúil (30 creidiúint)

GA2001 Úsáid agus Cruinneas na Gaeilge (10)

GA3001 Úsáid agus Cruinneas na Gaeilge (10)

LW6650 Contemporary Issues in EU Competition Policy (10)

† Éileofar ar mhic léinn a thug faoi na modúil seo cheana mar chuid den mbunchéim modúil mhalartacha a roghnú (roghnófar na modúil seo i gcomhairle le comhordaitheoir an MA).

 

Modúil Roghnacha A (20 creidiúint ó na roghanna thíos)

LW6536 Intellectual Property Law (10)

LW6574 Intellectual Property and Internet Regulation (10)

LW6581 Method in Environmental Law (5)

LW6618 Climate Change Law and Policy (5)

LW6634 Refugee and Forced Displacement Law (10)

LW6657 Law and Policy of the EU Digital Market (5)

LW6662 Law and the Future of Europe: Critical Perspectives Internal Market and Citizenship (5)

LW6663 Law and the Future of Europe: Critical Perspectives EMU and Governance (5)

 

Modúil Roghnacha B (10 gcreidiúint ó na roghanna thíos)

FR1105 Threshold French (5)

FR1107 French for Reading Purposes I (5)

GA6001 Scríobh Acadúil na Gaeilge (10)

GA6002 Beirt Bhanfhile: Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson (10)

GA6020 Advanced Translation Skills (Irish) (10)

GE6014 German-English-German Translation: Methods and Practice (10)

HS6006 Advanced Spanish Language for Professional Purposes (10)

IT6101 Translation: Methods and Practice (10) 

 

Cuid 2

GA6027 Ardchúrsa Cónaitheach sa Ghaeilge (15)

GA6028 Tionscnamh Taighde sa Dlí agus sa Ghaeilge (15)

 

Dioplóma Iarchéime sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa

Mic léinn a thugann faoi mhodúil dar luach ar a laghad 60 creidiúint i gCuid 1, ar n-áirítear 25 creidiúint as na croí-mhodúil múinte agus 35 creidiúint as na modúil roghnacha, agus a bhaineann pas amach sna modúil sin ach a dteipeann orthu i gcuid 2 nó ná mian leo leanúint ar aghaidh le Cuid 2, tabharfar cead dóibh an clár staidéir a fhágaint agus bronnfar Dioplóma Iarchéime sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa orthu. Má theastaíonn ó mhac léinn leanúint ar aghaidh go leibhéal na Máistreachta ina dhiaidh sin, ní mór dó nó di é seo a dhéanamh laistigh de thréimhse trí bliana i ndiaidh bhronnadh an dioplóma.

 

Teistiméireacht ó mhac léinn de chuid an MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa

"Mholfainn an iarchéim seo d’éinne a bhfuil Dlí idir lámha acu agus a rinne staidéar ar an nGaeilge ag an ardléibheál san Ardteist nó d’éinne a bhfuil céim sa Dlí agus sa Ghaeilge beagnach críochnaithe acu agus atá ag smaoineamh ar staidéar breise a dhéanamh.Tá meascán maith de mhodúil Ghaeilge agus Dlí ar fáil. Tá réimse leathan de mhodúil iarchéime sa Ghaeilge ar tairiscint chomh maith le dul siar cuimsitheach ar ghramadach agus úsáid na Gaeilge. Maidir le modúil Dlí, tá réimse leathan modúl ar fáil.Tá saoirse iomlán maidir le rogha tráchtais (8000 focal). Chomh maith leis sin, tá deis ag mic léinn seachtain a chaitheamh sa Ghaeltacht i rith an tsamhraidh, rud atá an úsáideach chun cur le líofacht sa teanga.
Is maith is fiú d’éinne a bhfuil bunchéim á chríochnú acu smaoineamh ar thabhairt faoin iarchéim seo mar is féidir leo máistreacht a fháil sa dhá dhisciplín ag an am céanna. Tá na léachtaí beag agus pearsanta agus tá caighdeán teagaisc den chéad scoth ar fáil."
– Síle Ní Dhonnabháin, MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa, 2016-17

“Mholfainn an MA seo d'éinne a bhfuil suim acu i dteangacha agus sa Dlí. Tá réimse leathan ábhar ar fáil agus mar sin, tá an-chuid saoirse ag na mic léinn a dhéanann an cúrsa. Chomh maith leis na modúil sa Dlí agus sa Ghaeilge, rinne mé cúpla modúl Fraincise. Thaitin na modúil Ghaeilge go mór liom. Bhíodar thar a bheith difrúil ó aon rud eile a rinne mé trí Ghaeilge riamh. Chuamar go dtí an Ghaeltacht ar feadh tréimhse chomh maith: bhí sé sin an-taitneamhach agus chuir mé feabhas ar mo Ghaeilge labhartha. Chomh maith leis sin, bhí modúil eile agam ag plé leis an aistriúcháin féin, scil atá thar a bheith áisúil do dhaoine cosúil liomsa a bhfuil spéis acu i dteangacha. Ó thaobh an Dlí de, bhí deis agam tabhairt faoi ábhair chomhaimseartha a bhaineann leis an saol e.g. an ríomhthráchtáil agus an mhaoin intleachtúil. Rud eile a thaitin liom ná go raibh éagsúltacht ann maidir leis na modhanna measúnaithe - bhí aistí, scrúduithe scríofa agus scrúduithe béil i gceist. An buntáiste is mó a bhaineann leis an MA ná nach bhfuil na ranganna ró-mhór agus mar sin bíonn deiseanna agat labhairt leis na léachtóirí, ceisteanna a chur orthu, agus iad a phlé. Níl aon amhras ach gur bhain mé tairbhe as an MA seo.”
– Therese Collins, MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa, 2017-8

“Roghnaigh mé an MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa a dhéanamh mar bhí fonn orm níos mó staidéir a dhéanamh ar an Dlí agus na teangacha leis. Rinne mé bunchéim sa Dlí agus san Fhraincis agus mar sin bhí taithí agam ar na hábhair seo cheana féin. Thaitin leagan amach an chúrsa liom: bhí go leor ama agam staidéar a dhéanamh idir na ranganna. An chuid is mó den am, aistí a bhí le scríobh agam in ionad scrúduithe agus mar sin bhí seans agam níos mó oibre a dhéanamh. Maidir leis an miontráchtas, bhí deis agam an t-ábhar a roghnú mé féin agus bhíos buíoch as sin. Chomh maith leis sin, d’fhreastail mé ar chúrsa Gaeilge sa Rinn, Co. Phort Láirge chun eolas a chur ar chultúr na Gaeltachta. Molaim an MA seo do dhaoine a bhfuil suim acu sna teangacha agus sa Dlí agus go háirithe do dhaoine atá ag iarraidh post a fháil mar aistritheoir Gaeilge leis an Aontas Eorpach.”
– Eve Ryan, MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa, 2017-8

 

IONCHAIS GHAIRME

Ardú ar stádas na Gaeilge san AE

Tá an MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa dírithe ar dhaoine ar mhaith leo cur isteach ar phost mar aistritheoir nó mar dhlítheangeolaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Is poist spéisiúla, tharraingteacha iad na poist seo, a bhfuil tuarastal ard agus coinníollacha maithe oibre ag gabháil leo chomh maith le deiseanna ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach. Tuilleann aistritheoirí isteach is amach le €48,000 sa bhliain i ndiaidh cánach, cuir i gcás, agus €5,500 in aghaidh an mhí tuarastal tosaigh an dlítheangeolaí.  Cuireann an obair thábhachtach, fhiúntach a bhíonn idir lámha ag aistritheoirí agus dlítheangeolaithe go mór le stádas na Gaeilge san Eoraip agus in Éirinn.

 

Cén obair a bhíonn ar siúl ag dlítheangeolaí?

Cinntíonn dlítheangeolaithe gurb é atá i leagan teangeolaíoch de dhlí áirithe léiriú cruinn ar an méid a aontaíodh agus a scríobhadh sa bhunleagan den dlí sin ionas go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar an dóigh chéanna i ngach ceann de na Ballstáit. Ní mór cáilíocht dlí a bheith ag dlítheangeolaithe.

Foinse agus eolas breise: https://ireland.representation.ec.europa.eu/live-work-study-eu/careers-irish-languages-speakers-eu-institutions_ga

 

Cén obair a bhíonn ar siúl ag aistritheoir in institiúidí an AE?

Bíonn aistritheoirí in institiúidí an Aontais ag obair ar réimse leathan téacsanna – téacsanna dlí (reachtaíocht an Aontais), téacsanna polaitiúla (óráidí, ailt, etc.), téacsanna beartais agus cumarsáide (bróisiúir, leathanaigh ghréasáin, etc.) i measc téacsanna eile. Baineann aistritheoirí úsáid as a saineolas féin agus as uirlisí éagsúla eile – foclóirí, cuimhní aistriúcháin, meaisínaistriúchán néarach, etc. – chun a chinntiú go gcuirfear bailchríoch ar na téacsanna laistigh de na spriocdhátaí a leagtar síos.

Foinse: https://ireland.representation.ec.europa.eu/live-work-study-eu/careers-irish-languages-speakers-eu-institutions_ga

 

Próiseas Earcaíocht na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO)

Tá próiseas dúshlánach i gceist le post buan a bhaint amach in institiúidí an Aontais Eorpaigh. I gcás fhormhór na gcomórtas Gaeilge, bítear ag súil le hardscileanna Gaeilge agus Béarla, chomh maith le cumas áirithe i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, ní mór pas a fháil i dtrialacha réasúnaíochta agus i dtrialacha eile. Mar chuid den MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa, tugtar treoir do mhic léinn a ligeann dóibh tabhairt faoi na comórtais earcaíochta seo go muiníneach.
Tá an leagan Gaeilge de shuíomh EPSO le fáil ag an nasc seo a leanas: https://epso.europa.eu/home_ga  

 

IARRATAIS

Déantar iarratais ar-líne ag www.pac.ie/ucc.
Breis eolais le fáil anseo: https://www.ucc.ie/en/ckd49/.

 

Bróisiúr an Chúrsa

MA Irish and European Law CKD49 Brochure [PDF]

 

Scoláireacht

Beidh deis ag mic léinn a dhéanann iarratas ag www.pac.ie/ucc faoin 1 Meitheamh cur isteach ar scoláireacht (táillí íoctha).

 

Teagmháil

Má tá breis eolais uait, déan teagmháil leis an Dr Síle Ní Mhurchú (s.nimhurchu@ucc.ie) nó tabhair cuairt ar https://www.ucc.ie/en/ckd49/.

MA i Léann an Aistriúcháin

Ag tosnú Mí Mheán Fómhair 2015, beidh Roinn na Nua-Ghaeilge ag glacadh páirte san MA – Léann an Aistriúcháin. Is clár idirdhisciplíneach é seo a ritheann Scoil na Nua-theangacha i bpáirt le ranna eile teanga. Soláthraíonn sé cúrsaí ginearálta ar theoiric an aistriúcháin, chomh maith le ceardlanna ar phraitic an aistriúcháin idir an Béarla agus teangacha faoi leith. Bíonn ar mhic léinn miontráchtas a scríobh agus tograí éagsúla a shíneadh isteach le haghaidh measúnú leanúnach. Is féidir staidéar a dhéanamh ar theanga amháin nó ar dhá cheann, de réir chúlra an mhic léinn.

Is é an riachtanas iontrála i gcoitinne ná 2H1 sa teanga / sna teangacha a bheidh ina n-ábhar staidéir, ach cuirfear triail teanga ar iarrthóirí Gaeilge chun iad a mheas le haghaidh an MA áirithe seo.

Cuireann an MA seo oiliúint ar dhaoine ar mian leo dul le ceird an aistriúchán, agus cuireann sé ar chumas aistritheoirí feabhas a chur ar a gcuid scileanna.

Tuilleadh eolais faoin nasc: http://www.ucc.ie/en/cke77/

M.Phil.

Céim mháistreachta tré thaighde: CÓC riachtanais iontrála agus modh iarratais

Ph.D.

Céim dhochtúireachta: CÓC riachtanais iontrála agus modh iarratais

Féilire an Choláiste

Féilire CÓC: Chuid 2 Iarchéime

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr