An Ghaeltacht

An Ghaeltacht

Cúis áthais agus bhróide ag Roinn na Nua-Ghaeilge an caidreamh atá cruthaithe againn leis an nGaeltacht i gcaitheamh na mblianta, Gaeltachtaí na Mumhan go háirithe. Cloch de bhunchlocha na Roinne is ea an caidreamh sin.

Tá ceangal sean-bhunaithe idir an Roinn agus Gaeltacht Chorca Dhuibhne. Tá cóngas cothaithe idir an Roinn agus Gaeltacht Chorcaí agus Gaeltacht na nDéise chomh maith.Cuireann mic léinn na Roinne aithne ar na ceantracha Gaeltachta tríd an oiliúint a fhaigheann siad ón Roinn, agus tré chóras na scoláireachtaí Gaeltachta a bhíonn á riaradh ag Ionad na Gaeilge Labhartha.

Is mór againn i gcónaí litríocht na nGaeltachtaí go léir, agus bunchuid dár gcursaí teagaisc d'fhochéimithe is ea  na modúil a mhúintear ar an saothrú taibhseach a rinneadh ar litríocht na Gaeilge sna Gaeltachtaí sa bhfichiú haois.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr