Nuacht 2015
NUI Mansion House Fund Scholarship for Irish 2015
Congratulations to Máiréad Carey on being awarded the NUI Mansion House Fund Scholarship for Irish, 2015. Image (L-R): President Michael Murphy, Máiréad Carey, and Prof. Pádraig Ó Macháin.
Seimineár ar Fhilíocht na Scol
Tá an seimineár iarchéime fé stiúir ag an Ollamh Ó Macháin ar eagarthóireacht na filíochta ar siúl arís i mbliana sa seomra seimineáir, 3 p.m. gach Máirt.
Leabhar Nua
Cúis cheiliúrtha agus chomhgháirdeachais is ea foilsiú an tsaothair is déanaí ó pheann an Dr Aidan Doyle, A history of the Irish language from the Norman invasion to independence (Oxford University Press 2015).
Comhdháil na Longánach (27-28 Lúnasa 2015)
D’éirigh thar barr le Comhdháil na Longánach mí Lúnasa. Bhí freastal iontach ann ón bpobal áitiúil agus ó shaol an léinn. Fearadh fáilte fé leith roimh dhream de shliocht na Longánach féin agus roimh muintir John Windele. Éagsúlacht abhair a bhí sna páipéirí a léadh, agus bhí moladh mór ag gach aoinne ar an léiriú a deineadh ar shaol na n-ardscríobhaithe seo agus ar an aimsir inar mhaireadar.
Scoláireacht IRC 2015
Tá Scoláireacht Iarchéime de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn bainte ag Andrea Palandri, duine dár n-iarchéimithe dochtúireachta: comhgháirdeachas ó chroí leis.
Scoláireacht Liteartha an Dr H. H. Stewart
Tá Ollscoil na hÉireann tar éis Scoláireacht Liteartha an Dr Henry Hutchinson Stewart a bhronnadh ar mhac léinn dara bliana, Aisling Ní Dhonnabháin, bunaithe ar a cuid oibre i scrúduithe na céidbhliana. Tréaslaímíd an t-ardghradam seo le hAisling agus lena cuid léachtóirí, a mbíonn sárobair á déanamh i gcónaí acu.
Cnuasach Shéamuis Uí Mhaolchathaigh
An tOll. Pádraig Ó Macháin agus an tAth. James Mulcahy (mac le Séamus Ó Maolchathaigh, údar An gleann agus a raibh ann) nuair a bronnadh leabhair agus cáipéisí a athar ar an gColáiste Ollscoile le déanaí.
Bronnadh na céime MA le déanaí
Bronnadh na céime MA le déanaí: Seán Ua Súilleabháin, Jimmy Crowley agus Pádraig Ó Macháin:
An dara bliain sna Déise, Feabhra 2015
An dara bliain sna Déise, Feabhra 2015.
Cáipéisí Dlí sa Ghaeilge 2015
Cuirfidh an tOllamh Pádraig Ó Macháin tús le seimineár na bliana so, Dé hAoine an 23ú lá, 3 p.m., ORB G.20.