Cúrsa Oíche do Mhúinteoirí

Achoimre ar an gCúrsa

Cur síos ar an gCúrsa

Is cúrsa é seo dóibh siúd atá ag múineadh nó gur mhaith leo bheith ag múineadh tré mheán na Gaeilge. Díreofar ar na príomhábhair chainte a bhíonn ar siúl laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, sa seomra foirne agus i dtimpeallacht na scoile. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas na múinteoirí:

  1. ábhar/ábhair faoi leith a mhúineadh trí Ghaeilge
  2. caidreamh sóisialta a bheith acu le múinteoirí eile agus le daltaí na scoile, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga
  3. scileanna cainte/scríbhneoireachta/gramadaí a fhorbairt, mar aon le stór focal.

 

I measc na n-ábhar a phléifear bheidh a leithéid seo: 

Tarlúintí i rith an lae

  • Foclóir an ábhair atá á mhúineadh trí Ghaeilge
  • Caidreamh an tseomra ranga agus an tseomra foirne
  • Am sosa, am lóin, am saor, imeachtaí scoile
  • Mothúcháin phearsanta (an dea-mhéin, an buíochas, an gliondar, an míshásamh, an éiginnteacht, an faitíos srl.)

Tarlúintí i rith na seachtaine 

  • Cruinnithe foirne
  • Cluichí, clubanna
  • Turasanna scoile
  • Cuairteoirí, eagraíochtaí, an bhaint idir an scoil agus an tsochaí

Tá an cúrsa seo oiriúnach do:

  1. ábhair mhúinteoirí
  2. múinteoirí nua-cháilithe
  3. múinteoirí atá fostaithe cheana féin i nGaelcholáistí
  4. múinteoirí a bhfuil fonn orthu cur isteach ar phostanna i nGaelcholáistí nó i nGaelscoileanna
  5. bunmhúinteoirí ó Ghaelscoileanna

 

Speisialtóirí

Tabharfar isteach speisialtóirí ins na hábhair éagsúla mar aoí-chainteoirí (múinteoirí a bhfuil sean-taithí acu).

Táille

€300

Cathain is Féidir Liom Clárú?

Bíonn an clárú do na cúrsaí oíche go léir a bhíonn againn ar siúl ag deireadh mhí Lúnasa nó i mí Mheán Fhómhair de ghnáth.

Sonraí Teagmhála

Isobel Ní Riain
Riarthóir an Chúrsa
R: i.niriain@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr