Fáilte go Scoil Léann na Gaeilge
Trí Roinn atá i Scoil Léann na Gaeilge: Roinn na Nua-Ghaeilge, Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, agus Roinn an Bhéaloidis. Léiriú ar a thabhachtaí is atá teanga agus litríocht na Gaeilge, agus Léann na Gaeilge féin, san Ollscoil agus sa tír trí chéile, is ea an cumar seo na dtrí Roinn. Tá gach aon Roinn acu chun tosaigh ina saindisciplín féin ó thaobh taighde, teagaisc, agus scoláiriúlachta de, agus cuireann siad bonn torthúil faoi phobal Scoil Léann na Gaeilge, pobal a bhfuil teist idirnáisiúnta air.
The School of Irish Learning consists of three Departments: the Department of Modern Irish, the Department of Early and Medieval Irish, and the Department of Irish Folklore and Ethnography. This combination of academic departments is reflective of the importance of Irish Studies and of Irish language and literature within UCC and in Irish life in general. Each Department is at the forefront of third-level research, teaching and scholarship in its particular discipline, and each contributes to the cross-disciplinary community of the School of Irish Learning, which enjoys an international reputation. You can find out more about the Departments of Early and Medieval Irish, Folklore and Ethnology, and Modern Irish by visiting their respective departmental websites.
Na Ranna Acadúla
Imeachtaí | Upcoming Events
26.02.2026 : Seimineár Scoil Léann na Gaeilge, Sraith an Earraigh, 2026
Beidh an tarna léacht i Sraith an Earraigh, Scoil Léann na Gaeilge, ar siúl Déardaoin, 26 Feabhra, ar a 5 i.n i WW9. Labhróidh Yushuai Guo, mac léinn PhD de chuid Roinn na Sean- agus na Méan-Ghaeilge, ar an téama ‘Weak or Strong, Right or Wrong? Anger and Its Cultural Codings among Women, Warriors, and Saints in Medieval Ireland’.
The second seminar in the School of Irish Learning Spring Seminar Series 2026 will take place on Thursday, 26 February, at 5.00 pm in West Wing 9 when Yushuai Guo, a PhD student in the Department of Early and Medieval Irish, will speak on the topic ‘Weak or Strong, Right or Wrong? Anger and Its Cultural Codings among Women, Warriors, and Saints in Medieval Ireland’.
Scoil Léann na Gaeilge - Sraith Seimineár - Earrach 2026 School of Irish Learning - Seminar Series - Spring 2026
26.02.2026 : Litríocht na Gaeilge i gCéin is i gCóngar - Sraith Imeachtaí Liteartha
Éire agus an Airgintín Déardaoin 26 Feabhra, 18.30-20.00
Léifidh an file Áine Uí Fhoghlú dánta óna leabhar nua Scéala ó Charolina (Éabhlóid). Beidh an t-aistritheoir Aigintíneach, Jorge Fondebrider, ina teannta agus cuid d’aistritheoirí an Bhéarla chomh maith. Ócáid cheiliúrtha thrí-theangacha bheidh ann i Seomra Coiteann na Foirne i gCearnóg na hOllscoile.
Ireland and Argentina Thursday 26 February, 18.30-20.00
Poet Áine Uí Fhoghlú will read from her new book, Scéala ó Charolina (Éabhlóid). Joining her will be the Argentinian translator, Jorge Fondebrider, as well as some English translators of her poems. This celebratory tri-lingual event will be held in the Staff Common Room at UCC.
Litríocht na Gaeilge i gCéin is i gCóngar - Forging Connections
04.03.2026 : Litríocht na Gaeilge i gCéin is i gCóngar - Sraith Imeachtaí Liteartha
Éire agus Albain Dé Céadaoin 4 Márta, 17.00-18.00
Beidh Pádraig MacAoidh/Peter Mackay, File Náisiúnta (Makar) na hAlban agus Ollamh le Litríocht in Ollscoil Naomh Aindriú, ag léamh a shaothair (i nGàidhlig na hAlban agus i mBéarla) i Seomra Seimineáir CACSSS in Áras Uí Rathaille.
Ireland and Scotland Wednesday 4 March, 17.00-18.00
The National Poet (Makar) of Scotland, Professor Peter Mackay, will give a bilingual reading from his work in Scottish Gaelic and English. This event will take place in the CACSSS Seminar Room in the O’Rahilly Building.
Litríocht na Gaeilge i gCéin is i gCóngar - Forging Connections
11.03.2026 : Seminar for Ancient and Medieval Studies
Prof. Jacqueline Borsje, University of Amsterdam
‘Lettering down’ formulae and anatomic lists in verbal remedies for fevers and headache: A long-term and broad perspective.
Wednesday 11 March, 5.15pm in the CACSSS Seminar Room (ORB G27)
Seminar for Ancient and Medieval Studies - Spring 2026 Poster
12.03.2026 : Léacht Sheáin Uí Ríordáin 2026
Is mór againn go mbeidh an tOllamh Seán Ó Coileáin i mbun Léacht Sheáin Uí Ríordáin i mbliana. ''An 'mise istigh' sna haistí próis aige'' teideal na cainte a thabharfaidh an sé ar an Déardaoin 12 Márta in WW9 ar 17.00. Fáilte roimh chách.
18.03.2026 : Bród na Nua-Ghaeilge 2026 - Léacht Phoiblí
Ag Aitiú na Gaeilge
An Dr Jamie Murphy, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
5 pm, 18 Márta 2026
Seomra Seimineár CACSSS, Áras Uí Rathaille G.27
24.03.2026 : Litríocht na Gaeilge i gCéin is i gCóngar - Sraith Imeachtaí Liteartha
Éire agus an Eoraip Dé Máirt 24 Márta, 17.00-18.30:
Labhróidh an Dr Diarmuid Johnson faoina shaothar, Deoch an Tobair (Leabhar Breac). Scríbhneoir ilteangach agus fear léinn é Diarmuid atá ag cur faoi ar an mór-roinn le fada. Beidh an cur i láthair seo ar siúl i Seomra Seimineáir CACSSS in Áras Uí Rathaille mar chuid dá mhionchónaitheacht i Scoil Léann na Gaeilge.
Ireland and Europe Tuesday 24 March, 17.00-18.30
Dr Diarmuid Johnson is a multilingual author, scholar, translator and musician who has been living on the continent for many years. A prolific writer, he will speak about his recent book, Deoch an Tobair (Leabhar Breac). This Irish-language presentation is one of a number of events he will undertake as part of a micro-residency in the School of Irish Learning.
Litríocht na Gaeilge i gCéin is i gCóngar - Forging Connections
25.03.2026 : 'Fite Fuaite (Interwoven): Curating Irish Language and Art'
'Fite Fuaite (Interwoven): Curating Irish Language and Art' leis an Dr Kristen L. Dowell (Florida State University)
Seomra seimineáir CACSSS (ORB G27), 25 Márta, 4pm
Fite Fuaite (Interwoven) - Poster
25.03.2026 : Seminar for Ancient and Medieval Studies
Prof. Francesca Tinti, University of the Basque Country
Female mobility in early medieval England
Wednesday 25 March, 6.00 pm in the CACSSS Seminar Room (ORB G27)
Seminar for Ancient and Medieval Studies - Spring 2026 Poster
26.03.2026 : Seimineár Scoil Léann na Gaeilge, Sraith an Earraigh, 2026
The third talk in the School of Irish Learning Spring Seminar Series, 2026, will talk place on Thursday, 26 March at 5.00 pm in West Wing 9. Shane Lehane will give a paper entitled 'Skellicking Day: Aspects of Irish Shrove Carnival Traditions'.
Scoil Léann na Gaeilge - Sraith Seimineár - Earrach 2026 School of Irish Learning - Seminar Series - Spring 2026
30.04.2026 : Idir Shúgradh agus Dáiríre: Litríocht na Gaeilge roimh an 20ú haois
Saorchead isteach: cuir scéal, led thoil, chuig sophie.niriain@ucc.ie
27.05.2026 : Foclóireacht agus Frásaíocht na Gaeilge 2026
Reáchtálfar comhdháil ar an 27ú Bealtaine 2026 i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ina gcuirfear foclóireacht agus frásaíocht na Gaeilge faoi chaibidil. Tugtar cuireadh do scoláirí achoimre i nGaeilge ar aon ábhar a bhaineann le foclóireacht agus/nó frásaíocht na Gaeilge a chur ar aghaidh. Cuirfear fáilte faoi leith roimh iarchéimithe agus scoláirí luathghairme atá i mbun taighde sna réimsí thuasluaite. Fáilteofar roimh pháipéir i nGaeilge a phléann le Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann chomh maith.
Iarrtar ar dhaoine ar mhaith leo páipéar 20 nóiméad a léamh, teideal an pháipéir mar aon le hachoimre ghairid (250 focal) a chur chuig kniloingsigh@ucc.ie roimh an 28ú Feabhra 2026. Is féidir clárú don chomhdháil ag an nasc seo.
Gairm ar Pháipéir - Foclóireacht agus Frásaíocht na Gaeilge
21.08.2026 : The Disappearing Text Project
Tionólfar comhdháil ar Acallam na Senórach ar an 21-22 Lúnasa, 2026, i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Clár ar ball. Beidh tuilleadh eolais le fáil ar https://www.ucc.ie/en/disappearing-text/news/ i gceann na haimsire.
A conference on Acallam na Senórach will be held on 21-22 August, 2026, in University College Cork. Programme to follow. This and other information will be available in due course at https://www.ucc.ie/en/disappearing-text/news/ .
School of Irish Learning
Scoil Léann na Gaeilge
Contact us
Bloc A, Urlár na Talún, Áras Uí Rathaille / Block A, Ground Floor, O'Rahilly Building, UCC, Cork,