Cad is ‘Léann Dúchais’ ann agus cad air a dhéanann sé staidéar?
Is é atá sa ‘Léann Dúchais’ ach suim san eolas, nó i slite chun eolais, atá neamhfhoirmiúil, neamhoifigiúil, dúchasach nó ailtéarnach. Tagraíonn sé do shaol an duine ó bhreith go bás, ó bhás amach agus ó inné go dtí inniu. Díríonn eitneolaithe, béaloideasaithe, taighdeoirí sa Léann Dúchais, i léann an chultúir tré chéile, san antraipeolaíocht chultúrtha nó sa Léann Gaelach, ar chruthaitheacht agus ar ealaín an duine.
Tugtar ‘folklore’ air sa Bhéarla le céad go leith bliain. Nuafhocal atá ansin a chum an Sasanach William Thoms sa bhliain 1846. Ó aimsir na hathbheochana in Éirinn samhlaítear ‘folklore’ leis an bhfocal Gaeilge béaloideas, focal atá níos fiannaí. Tagraíonn an focal seanchas don tuiscint chéanna. Tá an t-ábhar á mhúineadh i Ollscoil Chorcaí ó na 1970óidí.
___________
Is focal suntasach é ‘folklore’, tá sé de theideal ar chluiche PlayStation, ar albam Nelly Furtado agus ar albam 16 Horsepower ach bhí amhránaí na hAirgintíne Jorge Cafrune roimh ré leo sa bhliain 1962, timpeall an ama a dúisíodh an tsuim go léir i gceol na muintire nó ‘folk music’. Admhaítear inniu nach fastaím chaoinbhéasach Victeoiriach a thuilleadh an ‘folklore’ ach ábhar fairsing torthúil léinn.
Dúirt an scoláire Alan Dundes nach mar a chéile ‘folk’ agus ‘tuathánach’ nó ‘tuath’ nó seanaimsireacht. Dúirt sé sa bhliain 1965 go raibh béaloideas ag muintir na cathrach agus go mbíonn béaloideas á chumadh agus á cheapadh riamh is choíche. Is fada Roinn an Bhéaloidis ag plé le béaloideas na cathrach faoin dTionscadal Béaloidis an Chinn-Thuaidh nó an Northside Folklore Project.
___________
Déanann an Léann Dúchais léann ar (A) Scéalta agus Seanchas: finscéalta, seanscéalta, fiannaíocht, scéalta grinn, miotais, seanfhocail nó tomhaiseanna. (B) Féile, Creideamh agus Leigheas: crá agus creideamh tíre, reiligiún dúchais, deasghnátha, féilte, féilire agus iompar agus (C) An Cultúrtha Ábhartha agus Slí Bheatha na nDaoine: cultúr fisiciúil nó ábhartha, ealaín, ailtireacht dhúchais, déantúsaíocht atá lámhdhéanta nó táirgthe. Is ceart ciall fhairsing a bhaint as an dtéarma béaloideas sa lá atá inniu ann. Is suim leis an seansaol ach is suim leis an saol comhaimseartha chomh maith agus an gaol atá eatarthu.
‘Folklore, like any other discipline, has no justification except as it enables us to better understand ourselves and others’. R. D. Abrahams, Journal of American Folklore 81: 157 (1968).
______________
‘Actually, folklore is a word very much like culture; it represents a tremendous spectrum of human expression that can be studied in a number of ways and for a number of reasons. Its primary characteristic is that its ingredients seem to come directly from dynamic interactions among human beings in communal-traditional performance contexts rather than through the rigid lines and fossilized structures of technical instruction or bureaucratized education, or through the relatively stable channels of the classical traditions’. B. Toelken, The Dynamics of Folklore (Boston, 1979, p.28-29)






