Nuacht 2014
Scoláireachtaí agus Duaiseanna
Comhghairdeachas le gach aoinne dár gcuid mac léinn a bhain duaiseanna nó scoláireachtaí amach i mí Dheireadh Fómhair 2014.
Duais Chiste Theach an Ard-Mhéara
Comhghairdeachas ó chroí le Kate Healy a bhain Duais Chiste Theach an Ard-Mhéara sa Ghaeilge le déanaí.
Scoláireachtaí an Choláiste
Ag bronnadh scoláireachtaí an Choláiste le déanaí, bronnadh Scoláireachtaí Quercus ar Rachel Hayes agus ar Aisling Vaughan.
Bronnadh Ard-Scoláireacht PhD ar Andrea Pallandri atá tagtha chughainn ó Cambridge chun saothrú ar scéal Mharco Polo i Leabhar Leasa Móir.
Nuala Ní Dhomhnaill sa Seomra Caidrimh
Déanfaidh Nuala Ní Dhomhnaill a saothar a phlé agus a léamh sa Seomra Caidrimh, Dé Luain an 28 Aibreán, ar a 5 p.m. Fáilte roimh chách.
Seimineár lámhscríbhinní le Tim O’Neill
Tháinig an t-ealaíontóir agus an peannaire mórchlúiteach, Tim O’Neill, chughainn ar an 3 Aibreán chun seimineár lae a thabhairt i dteannta an Ollaimh Phádraig Ó Macháin.
Ceardlann agus léamh filíochta le Biddy Jenkinson
Bhí an file cáíliúil Biddy Jenkinson inár measc le déanaí. Dhein sí ceardlann shuaithinseach ar a cuid filíochta a stiúrú ós comhair na foirne agus na mac léinn.
Féilscríbhinn in onóir an Ollaimh Seán Ó Coileáin
Leabhar Nua
Seoladh féilscríbhinn in onóir an Ollaimh Seán Ó Coileáin oíche le déanaí: In dialogue with the Agallamh. Cnuasach aistí ar Agallamh na Seanórach atá ann agus is iad Aidan Doyle agus Kevin Murray a chuir in eagar. Four Courts Press a d'fhoilsigh.
Gradaim dár mic léinn
Bronnadh gradaim Ollscoile ar bheirt dár mic léinn dara bliain le deanaí. Comhgháirdeachas le Máiréad Carey (Scoláire na Bliana) agus le Rachel Hayes (Scoláire an Choláiste Ollscoile).