Nuacht 2013

Comhghairdeachas le Caitríona Nic Bhloscaidh

Comhghairdeachas le Caitríona Nic Bhloscaidh, mac léinn sa dara bliain, a bhuaigh duais le déanaí i gcomórtas H. H. Stewart de chuid Ollscoil na hÉireann.

Gradaim agus Scoláireachtaí

Comhghairdeachas leis na céimithe seo leanas ar bronnadh scoláireachtaí iarchéime orthu le déanaí:

  • Síle Ní Mhurchú, scoláire, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn, Bhaile Átha Cliath

  • Maeve Clancy, Scoláireacht Fulbright, Ollscoil St Thomas, Minnesota.

Bronnadh Cartlainne agus Bronnadh Leabhar

Cúis lúcháire agus cheiliúrtha ag Roinn na Nua-Ghaeilge is ea dhá bhronnadh a tháinig inár dtreo le déanaí ó Aingeal, bean Bhreandáin Uí Bhuachalla, go ndéana Dia grásta air.

  1. An chartlann chuimsitheach de Ghaeilge Chléire a bhí á cur le chéile feadh na mblianta ag Breandán, tá sé bronnta anois ag Aingeal, fé chomhairle Roinn na Nua-Ghaeilge, ar Leabharlann an Choláiste Ollscoile. Ar ábhar na cartlainne seo tá cártaí foclóra agus foghraíochta, foilseacháin, taifeadaí fuaime, agus leabhair nótaí, a bhaineann le gnéithe éagsúla de chaint an oileáin. Foinse luachmhar taighde d'aos léinn a bheidh anseo feasta.

  2. Agus an bronnadh thuas á dhéanamh aici ar an Leabharlann, dhein Aingeal bronnadh ar leithligh ar Roinn na Nua-Ghaeilge: sraitheanna luachmhara iomlána d'irisí léinn (m.sh.Eighteenth-century IrelandIrish Economic and Social HistoryStudia Hibernica, etc.). Tá fáil ar na sraitheanna seo i seomra na n-iarchéimithe anois.

Tá Roinn na Nua-Ghaeilge go mór fé chomaoin ag Aingeal Uí Bhuachalla as ucht a flaithiúlachta i gcuimhne a céile ionúin. Tá coinne againn tabhairt amach a bheith againn níos déanaí sa bhfómhar chun ceiliúradh cuí a dhéanamh ar an bhflaithiúlacht seo.

Staidéaracht PhD 2013-14 ar fáil

Tá Staidéaracht PhD á tairiscint ag Roinn na Nua-Ghaeilge i gcomhair na bliana 2013-14.

Gach eolas anseo.

Cúrsa Nua: Teastas sna hEalaíona (Nua-Ghaeilge)

Beidh Teastas sa Nua-Ghaeilge (NFQ Leibhéal 6) á eagrú ag Coláiste Ollscoile Chorcaí i gColáiste na Rinne sa bhliain acadúil 2013-14. Is é Pádraig Ó Macháin, Ollamh le Nua-Ghaeilge i Corcaigh, atá á eagrú.

Rithfear an cúrsa oíche sa tseachtain, ó dheireadh Meán Fómhair go deireadh Márta agus beidh táillí €700 Euro á leanúint (€350 an téarma).

Leagfar béim sa Teastas ar theanga agus litríocht Ghaelach na nDéise. Is iad an lucht teagaisc ná Áine Uí Fhoghlú, Mícheál Ó Drisleáin, Gráinne Ní Lúbaigh, agus Pádraig Ó Macháin.

D'oirfeadh an Teastas do dhaoine a mbeadh caighdeán pas maith san Ard-Teist acu, nó a mbeadh tuiscint áirithe ar an dteanga acu cheana féin. Samhlaítear go mbeidh éileamh ar an dTeastas ag daoine a mbeadh cáilíocht ghairmiúil uatha sa Ghaeilge, nó daoine ná beadh uathu ach cur amach a bheith acu ar shaidhbhreas dúchasach na nDéise.

Tá i gceist Oíche Eolais a bheith ar siúl i gColáiste na Rinne, ar an 27ú Meitheamh, ar a 7.30 trathnóna. Beidh muinteoirí an chúrsa agus lucht an Choláiste Ollscoile i láthair chun gach eolas a thabhairt i dtaobh an chúrsa.

Comhgháirdeachas

Comhgháirdeachas ó chroí le Naoise de Bhaldraithe, duine dar gcéimithe, a bhfuil Scoláíreacht Fulbright bainte aige chun Gaeilge a mhúineadh in Ollscoil Montana.

Ard-Dioplóma sna hEalaíona (Nua-Ghaeilge)

Tá cúrsa nua díreach fógraithe: Ard-Dioplóma sna hEalaíona (Nua-Ghaeilge)

 Tuilleadh eolais anseo.

Seminar, May 10 2013

Department of Modern Irish Seminar on Wednesday, 10 April, 2.30 p.m., O’Rahilly Building, Room 201.

‘Late medieval legal deeds and documents: an introduction to the Mac Niocaill Project’, by Professor Pádraig Ó Macháin.

All are welcome.

Seoladh Leabhair

Déardaoin, 14 Márta, 5.00 p.m., an Seomra Caidrimh, Áras Uí Rathaille

Seolfaidh Liam P. Ó Murchú leabhar le duine dá iarscoláírí féin, Fiona Crowe. Leanbh Deireanach an Bhlascaoid is teideal don leabhar, agus beidh an fear féin, Gearóid Cheaist Ó Catháin, i láthair ag an ócáid. I mbliana féin a bhain Fiona Crowe céim M.A. amach i Roinn na Nua-Ghaeilge, agus tá sí anois i mbun múinteoireachta i gcathair Chorcaí.

Fáilte roimh chách.

Leabhar nua ó chéimí de chuid Roinn na Nua-Ghaeilge

Is í Fiona Crowe údar leabhair a foilseofar le gairid agus atá bunaithe ar shaothar miontráchtais a dhein sí sa mbliain 2012. Leanbh Deireanach an Bhlascaoid is teideal don leabhar, agus beidh sé ag teacht amach ó Choiscéim i bhfómhar na bliana seo.

Tá an leabhar bunaithe ar agallaimh a chuir Fiona ar Ghearóid Cheaist Ó Catháin, an leanbh déanach a saolaíodh ar an mBlascaod Mór. Tréigeadh oileán an Bhlascaoid sa bhliain 1953. Ar an lá cinniúnach sin tháinig pobal agus cultúr leithleach chun deiridh. D’fhan na cuimhní pobail agus na nósanna ar fad i seilbh duine amháin: Gearóid Cheaist Ó Cathain. B’é Gearóid an leanbh deireanach a rugadh ar an mBlascaod. Sna cuntais go léir faightear cur síos ar am ina raibh mórán athruithe ag titim amach do phobal an Bhlascaoid. Is cuimhin le Gearóid féin, na nósanna agus na heachtraí a chuaigh i bhfeidhm air féin agus ar a phobal in aimsir chinniúnach i stair an Bhlascaoid.

Cuirfidh an leabhar nua seo go mór lena bhfuil de litríocht agus de thráchtaireacht againn cheana féin a bhaineann le saol an Bhlascaoid. Abhar é sin atá ina shainchúram taighde de chuid Roinn na Nua-Ghaeilge.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr