Skip to main content

Áras Uí Thuama

‌Suite gar do Pháirceanna na Laoi tá Áras Uí Thuama. Beidh tú sona sásta san árasán nua-aimseartha seo i dteannta le mic léinn eile. Beidh tú ar do sháimhín só i do sheomra codlata úrnua, compórdach a bhfuil áiseanna staidéir ann. Gaeltacht na hOllscoile atá anseo ina bhfuil bloc de naoi n-árasán (le dhá, trí, ceithre sheomra codlata iontu). Fan i dteagmháil le do chairde ar an ríomhphost nó déan do chuid taighde ar do shuaimhneas san áras breá seo tríd an idirlíon atá ar fáil saor in aisce. Cuirfidh tú aithne ar mhic léinn ó gach coláiste agus beidh craic agaibh le chéile.

Chomh maith leis sin, ní bheidh ocras ort riamh agus ollmhargadh díreach in aice leat mar a bhfuil rogha gach bia ar fáil. Níl an ollscoil ach cúig neomat de shiúl na gcos uait agus tá Áras Uí Thuama an-chóngarach do lár na cathrach. Oireann na hárasáin seo do gach gné ded’ shaol. Cad eile a bheadh ag teastáil ó mhac léinn an lae inniu?

Imeachtaí an Árais 2023-2024

Eagraítear roinnt imeachtaí do na scoláirí fad is atá siad ag fanacht in Áras Uí Thuama. Seo cúpla pictiúr den bhfáiltiú a bhí acu ag tús na bliana acadúla.

Iarratais

Tá fáilte roimh aon mhac léinn lánaimseartha a bhfuil Gaeilge líofa aige/aici cur isteach ar áit in Áras Uí Thuama. Is gá dó/di foirm speisialta Ghaeilge a líonadh agus dul faoi agallamh.

Cuirtear roinnt áiteanna i leataobh gach aon bhliain le haghaidh mhic léinn na chéad bhliana. Tá scoláireachtaí substaintiúla ar fáil.

Tá an spriocdháta thart d'iarratais don bhliain acadúil 2024-2025.

Bronnadh na Scoláireachtaí 2024

Bronnadh scoláireachtaí ar áitritheoirí Áras Uí Thuama, lóistín Gaelach na hOllscoile, ag ócáid sa Seomra Caidrimh ar an 24 Aibreán 2024. Ba í Máiréad Ní Loingsigh, Roinn na Nua-Ghaeilge, a dhein an bronnadh seo.

 

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr