Skip to main content

Gradam na Gaeilge

‌‌An spreagann tú an Ghaeilge san ollscoil? Má spreagann tú tá seans iontach agat Gradam na Gaeilge a bhuachaint. Bronnfar an gradam seo ar an mac léinn is mó a dheineann iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn sa choláiste agus is fiú €1000 é don té a bhaineann é. Is féidir le gach mac léinn san ollscoil cur isteach air.

Preasráiteas 2024

Bronnadh Gradam na Gaeilge, ar scoláire amháin agus bronnadh Onóir na Gaeilge ar bheirt scoláirí de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh ar an 24 Aibreán 2024. Is é Liam Ó hÓgáin, Dlí agus Gaeilge 2, a bhain Gradam na Gaeilge amach i mbliana. Bronnadh Onóir na Gaeilge ar Mhéabh Ní Chonaill, Na Dána - Ceol 2, agus ar Amergín Ó Caoindealbháin, Dlí agus Gaeilge 2. Tá na dámhachtainí urraithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha.

Dhein na mic léinn sárobair i gcaitheamh na bliana maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn i dtimpeallacht na hOllscoile. Ba iad an Dr Caoimhín Ó Muirí, Roinn na Sean-agus Meán-Ghaeilge, Katie Halpin-Hill, Oifigeach Cultúir agus Gaeilge, Aontas na Mac Léinn agus an Dr Caitríona Breathnach, Ionad na Gaeilge Labhartha a bhí mar mholtóirí.

Ba í an Dr Caitríona Breathnach a dhein an bronnadh ag ócáid speisialta a eagraíodh sa Seomra Caidrimh.

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr