Barr na gCnoc

Réamhrá

Barr na gCnoc: Tionscnamh um phobalscoileanna faoi chúnamh Ollscoile.

Cumasc idir dualgas COC i leith na páirtíochta pobail agus an dualgas um thaighde agus teagasc is ea Barr na gCnoc. Cuireann an tionscnamh seo acmhainní acadúla, daonna agus praiticiúla sa Ghaeilge ar fáil ar mhaithe leis an bpobal.

Stair an Tionscnaimh

Sa bhliain 2017 chuaigh COC i bpáirt le Coláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne i gCnoc an Chuilinn, Cnoc na hAoine, chun tacaíocht a thabhairt dóibh i mbunú Aonaid Lán-Ghaeilge sa scoil, mar a ndéanfaí gach ábhar a theagasc tré Ghaeilge, ón gcéad bhliain ar aghaidh go dtí an Ard-Teistiméireacht. Freagra ar éileamh ón bpobal féin ab ea é seo, go gcuirfí rogha sa mheánoideachas ar fáil dá bpáistí i gceantar ina mbraitheann go leor daoine go bhfuil siad fágtha i leataoibh ag an saol. Tugadh cuireadh do COC páirt a ghlacadh sa togra seo, agus ba dá thoradh sin a bunaíodh Barr na gCnoc faoi cheannas an Ollaimh Phádraig Ó Macháin, Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha. Osclaíodh an t-aonad (Gaelcholáiste Mhic Shuibhne) i 2019, agus tá tacaíocht COC ag leanúint ar aghaidh ó shin.

Cur Chuige an Tionscnaimh

Na Mórghnéithe don dTacaíocht atá ar Fáil
  • Abhcóideacht tré oibriú i bpáirt le tuismitheoirí agus rannpháirtithe eile i gcruinnithe poiblí agus ar ócáidí eile, agus tréna shocrú go bhféadfadh idir thuismitheoirí agus dhaltaí turasanna a thabhairt ar champas COC.
  • Tacú le múinteoirí tré ranganna feabhais sa Ghaeilge a sholáthar sa phobalscoil Bhéarla chun éascú a dhéanamh ar aistriú na múinteoirí go dtí an t-aonad nuair is gá sin, agus tré leanúint leis na ranganna sin laistigh den aonad chomh maith. Is iad An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a dheineann urraíocht ar na ranganna seo.
  • Tacú le daltaí tré
    • scoláireachtaí a sholáthar do dhaltaí céad bhliana an aonaid. Tarlaíonn bronnadh na scoláireachtaí seo ag ócáid bhliantúil san Ollscoil.

    • urraíocht a dhéanamh ar sheal foghlama sa Ghaeltacht do na daltaí i gcampas seachtrach COC, Dún Chíomháin, i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.

    • urraíocht a dhéanamh ar obair dheonach ag mic léinn COC le daltaí an aonaid (imeachtaí agus clubanna obair bhaile).

  • Tacú le tuismitheoirí tré pháirt a ghlacadh in oícheanta faisnéise, agus tré ranganna Gaeilge a chur ar fáil dóibh um thráthnóna.

Agus an tionscnamh seo ag dul chun cinn, tharraing Barr na gCnoc ar thaighde idirnáisiúnta ó Ollscoil Phennsylvania (Netter Center for Community Partnerships) chun múnla a chruthú don bhfeabhsú oideachais a bhí bunaithe ar theoiric agus ar phraitic.

B’é bun agus barr an taighde sin ná go dtairbhíonn daltaí scoile go mór de theacht a bheith acu ar fhoghlaim oiriúnach teanga, de roghanna éagsúla oideachasúla, d’acmhainní uileghabhálacha pobail, agus de dheiseanna cothroma a bheith ar fáil dóibh.

Tá an togra seo bunaithe go hiomlán ar chaidreamh leis an bpobal ónar tháinig an t-éileamh seo chéad uair. Baineann sé leas as bun-shonraíocht náisiúnta um scoileanna DEIS maidir le míbhuntáiste oideachais.

Tá comhpháirtíocht torthúil cruthaithe ag Barr na gCnoc a théann chun tairbhe an dá pháirtí. Tá feabhas á chur ar chaighdeán na beatha agus na foghlama sa scoil agus sa phobal, agus an pobal féin á chumasú anuas air sin. Tá tiomantas COC i leith an chaidrimh phobail curtha chun cinn chomh maith. Ar thionchair an togra go dtí seo tá:

Cruthú Acadúil

B’iad an chéad díorma de dhaltaí 2019-2020 an chéad bhuíon riamh de dhaltaí Chnoc na hAoine a dhein scrúduithe stáit tré mheán na Gaeilge. Bhí a dtorthaí i dTeastas Sóisearach 2022 ar chomhchéim le torthaí scoileanna nach scoileanna DEIS iad, rud nach nós le scoileanna DEIS de ghnáth a mbíonn a dtorthaí níos ísle de ghnáth (S.M. Nelis et al., Beyond achievement (2021); E. Smyth et al. Learning from the Evaluation of DEIS (2015).

Capatal Sóisialta Feabhsaithe

Bhí páirt nár bheag ag an bpobal i mbunú agus i bhfás an aonaid, arbh é éileamh na dtuismitheoirí ar rogha san oideachas mar cheart daonna a bhunús. D’eascair feabhas suaithinseach ar an gcapatal sóisialta – an pobal ag cur le chéíle chun leasa an uile dhuine – as seo, agus é le feiscint sa chur le chéile ag gach aon chéim den dtogra.

Féachaint Suas Oideachasúil

Toradh neamhchoitianta a bhaineann le Barr na gCnoc ná an t-athrú atá tagtha ar an tslí ina mbreithníonn na daltaí agus a dtuismitheoirí ar an ard-oideachas anois. Roimhe seo ní ritheadh an t-ard-oideachas leo mar sprioc réalaíoch, ach anois áirítear ina fhéidearthacht inrochtana réasúnta é. Do réir staidéir a deineadh ar an dtogra:

Parents and pupils of this new Irish-medium school, without exception, expressed the view that third-level education, and specifically UCC, had now become an aspiration of parents/guardians and an ambition of all pupils . . . It seems clear that one of the reasons for this remarkable shift in attitude is the presence of University College Cork . . . throughout the establishment process of this new school, and their continued presence and involvement as the school develops.

Aitheantas Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

Is mó rud atá bainte amach ag Barr na gCnoc ar féidir a thoradh a thomhas ar na duaiseanna atá buaite ag Gaelcholáiste Mhic Shuibhne:

  • Duais Gaisce an Uachtaráin
  • Gaelbhratach Fhoras na Gaeilge
  • Duais Euroscola, Parlaimint na hEorpa (i bpáirt le Coláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne) 2023
  • Duais Náisiúnta ‘Ríomheolaíocht’, Féile Kinia Tech 2023

Tharla an barr bua go luath mí na Bealtaine 2023 nuair a bhuagh na daltaí an ‘Virgin Digital Innovators Award’ i searmanas i bPáirc an Chrócaigh, as leabhar dátheangach Códú 4 U a scríobh agus aip a chumadh a ghabhann leis.

Cé Sinne: Pearsana

Comhpáirtíocht phobail is ea Barr na gCnoc a bhunaigh an tOllamh Pádraig Ó Macháin (Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) i bpáirt le Phil O’Flynn, Príomhoide, agus foireann Choláiste Phobail Thraolaigh Mhic Shuibhne, Cnoc na hAoine, Corcaigh.

Imeachtaí agus Cúrsaí

Beidh tuilleadh eolais ar fáil anseo go luath.

Nuacht is Déanaí

 

Grúpa Stiúrtha

An tOllamh Pádraig Ó Macháin
Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha
R: p.omachain@ucc.ie

Coistí

Tá na Coistí seo a leanas mar chuid de Bharr na gCnoc.

  • Coiste Stiúrtha
  • Coiste Comhairle
  • Coiste Feidhmeach

Scoileanna atá Páirteach

Coláiste Phobail Thraolaigh Mhic Shuibhne
Cnoc na hAoine
Corcaigh

 

Sonraí Teagmhála

Oifig na Gaeilge Labhartha
ORB G02 Áras Uí Rathaille
Coláiste na hOllscoile Corcaigh
R: g.labh@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr