An Coiste Gnó

Obair an Choiste

Fochoiste de Bhord na Gaeilge is ea an Coiste Gnó.    Cuirtear Coiste nua le chéile ag tús na bliana acadúla.   De ghnáth bíonn seachtar ball foirne ar an gCoiste is tugtar cuireadh d’ionadaite ón gCuallacht, ón gCumann Drámaíochta, ó Chumann an Cheoil Thraidisiúnta, Áras Uí Thuama is Aontas na Mac Léinn a bheith mar bhall den gCoiste leis.  

Bíonn deis ag baill an Choiste labhairt lena chéile maidir leis an obair atá ar siúl sa choláiste chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus na slite gur féidir leis na baill lámh chúnta a thabhairt dá chéile.  Seoltar tuairisc ar an bplé seo maraon le haon mholtaí a bhíonn ag an gCoiste chuig Bord na Gaeilge.

Buaileann an Coiste le chéile trí huaire le linn na bliana acadúla.    

Ballraíocht an Choiste 2022/23

Baill Foirne :

Emma Nic Cárthaigh,  Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge

Féilim Ó hAdhmaill, Staidéar Sóisialta Feidhmeach

Caitríona Breathnach, Ionad na Gaeilge Labhartha

Karol Ó Colmáin, Ionad na Gaeilge Labhartha

Nuala de Búrca, Ionad na Gaeilge Labhartha

Clíodhna Ní Cheallacháin, Oifig na Mac Léinn Lánfhásta

Ken Ó Donnchú, Roinn na Nua-Ghaeilge

 

Urlabhraithe Mic Léinn:

 Méabh Ní Chonaill, Cumann an Cheoil Thraidisiúnta

                Katie Halpin-Hill , Aontas na Mac Léinn

                Liam Ó hÓgáin, An Chuallacht

                Aifric Nic Niallais, Áras Uí Thuama

Miontuairiscí

Brúigh anseo chun féachaint ar na miontuairiscí ó chruinnithe an Choiste.    Beidh ainm úsáideora agus pasfhocal uait chun féachaint ar na miontuairiscí seo. 

Barr