- Clú gach fheadhma ar fhuil Chéin,
a-tá ortha i n-iath n-imchéin,
cinn tsluaigh ó eachtra nar fhan,
's cruaigh gach gleacra dá ngoradh.
3375]- Ag imbeirt beartán mbaoghuil
gnáth iad idir iolfhaobhraibh
tar roineart lámh is laoch lonn
gan a ccládh re fraoch forlann.- Ríoghradh nar aomh a n-obadh,
3380] fuair foighreadh a ccruadhchogadh,
na sailghe ar nar sraoineadh
le a ndaingne re a ndíosgaoileadh.- Aontroigh nír cuireadh ar gcúl
don ógbhaidh dob fhearr furtún
3385] 's nír thearc a mbuaigh gan bhuige
le neart sluaigh ná sochruide.- A mbuaigh ní rugadh a-riamh
ógbhadh réidh na ruag n-imchian
le sluagh mórdhálach ar muigh
3390] fa chuan comhdhálach Cobhthuigh.
- Ac gleic ar ghalaibh aoinfhir
a ccosg ar n-a ccomhmaoidhimh,
a maoidhiomh as meabhair liom,
le haoinfhear d'fhearaibh Éirionn.
3395]- A-tá orthaibh ceann 'n-a cceann
séala ar a cclú go coitcheann,
na sluaigh ler snadhmadh an t-ágh,
a mbuaidh adhbhal ar iomrádh.- Clú einigh agus eangnaimh
3400] ortha agus clú i ccaithbhearnaibh
na slata fa cruaidh i ccath
an bhuaidh aca gan fholach.- Na laithe fa lugha a neart
's a saoilfidhe iadsan d'imtheacht
3405] don droing ógnáir gidh sia sin
Dia dá ttógbhail do thairngir.- Do fhaguibh éigsi innsi Fáil
a tteisd a maitheas re a mórdháil,
an fhian armghlan ó Bhóinn Bhreadh
3410] glóir as adhbhal re n-áireamh.- Aicme Eadhra na n-arm nglas,
ó sloinntear an séimh solus,
leomhain taisdil Bhanbha Breagh
gabhla gaisgidh na nGaoidheal.
3415]- Do mhac Cormuic nach claon cuing
's dó do labhras a labhruim,
tug briocht seirce 'n-a ghnúis ghloin
cúis nach ceilte do chliaroibh.
- Giodh fáth tnúith togha dealbha,
3420] tug Dia dá dhreich loineardha
deilbh aobhdha gheanamhail ghrinn
mhaordha ffearamhail inghill.- Ruaidhrí laoch an aignidh fhéil
i n-aonchúis nar thuill toibhéim,
3425] féinnidh armghlan gaoth glantais,
laoch nach adhbhar iongantais.- Óg ghuthaibh sgagtha na sgol
fuair sé eolas na n-ughdor;
do mheabhruigh go snasta sin
3430] as leabhruibh gasda an ghaisgidh.- Do bhí seal ag Ionghus Óg
i síth mhaisigh na míonrod;
cuingidh bean nach cleasach cuing
seal go feasach ag foghluim.
3435]- Fuair eolas séimhidhe seal
ó Bhoghmhuin buime am ghaisgeadh,
mhílidh díon ar dhiombuaidh 's ar dhacraibh
's a síoth fhionfhuar Abhartoigh.- A Sídh Aodha ós Éirne brais
3440] i cceardcha cliste an chumais
fuair liamhadh is gaibhneacht glan
glainshliocht gan fhiaradh orthaibh.- A tréighe luith is lámhaigh
's a ilcheasa Iollánuigh
3445] lann chruaidh fíorchabhair ar bhfuinn
a síothbhroghaibh fuair foghluim.
- Nós a chinidh leis leantair
le deighgníomh 's le deighbheartoibh;
mór ffear 'n-a cceann le comhaidh,
3450] nírbh fhearr seal a síothbhroghaibh.- Dá ttuguinn geall na nGaoidheal
dá uaisle ó iul seanlaoidheadh,
gnúis nár nar donnadh le droing,
re rádh ollamh do fhéadfuinn.
3455]- Iomdha rí roimhe san raon
uadh go hÉimhear neamhchlaon,
croinn chumhra na cceann tais,
dob fhearr umhla don eaglais.- Leantar leis lorg a athar
3460] ar ghaisdeadhaibh gleothachar,
an séimh gan doghra a ndocraibh,
's a mhéin thromgha thábhochtuigh.- Téid le n-a béasaibh bunaidh,
aicme Chéin chomhramhaigh,
3465] croinn réidhe na cnuas nar chas
ar fhéile ar chruas ar cheannas.- Ua hÍ Fhlaithbheartaigh gan cheist,
deaghua í Chéin re caoimhtheist,
tarbh tána ar nar ceileadh cion,
3470] do-gheibheadh cána coguidh.- Bradán Sligigh na sruth ffann,
maighre Easa dá Éagann,
eo Muaidhe an tiomratha te,
Guaire fionnLocha Finne.
3475]- Fear cosnumha clú gach uair,
an t-Iollánach re hiolbhuaigh
fos flatha, féile gan on,
tréighe an ratha dá rochtain.- Mac Máire nach cleasach cuing
3480] dá dháimh as díon ar dhoghruing
le neart gan tár gan time
le ceart 's le fál fírinne.- Óg a aois, arsaidh a fhos,
cliste i cclaidheadh a chomas,
3485] díochur forlann an soirbh sáimh,
doirbh a chomhlann i ccomhdháil.- Sás na cléire do chealgadh
le áinios gan imdheargadh,
féinnidh séimh as bheobhras bladh
3490] le céill is le heolas ughdar.- A-tá orrtha ó am go ham
clú cinidh is clú comhlann,
gan shéana ar a neart a-nú
séala ceart ar a chéadchlúClú