- Díoghruis chomainn ar Chormac,
earrla fiar na bhfochanshlat,
re a dhreich náir dtroighfhearrdha dtais
budh báidh doidheaghla ar ndíoghrais.
2975]- A dhíoghrais do dhruim thoile
ceanglais a hucht ionmhoine;
re a bhais gcorrshaoir ndéadla nduinn,
's an chomaoin chéadna ceangluim.- Briocht seirce as iomthnúdh dh'ainnribh
2980] 'n-a ghruaidh línigh leaphairghil,
's re gcuirthear teannál fam thoil
ó leannán chruithgheal Chlároigh.- Fáth ar gcumoinn re a chúl bhfann
ní thigim ní thig thoram
2985] dob é ar gcédannsa a ghruaidh gheal;
ní fhédabhsa uaidh m'aigneadh.- Dá mbeith gan adhbhar oile
agam dh'fhadógh m'ionmhoine,
d'fhine Gaoidhil bhrogha Breadh
2990] rogha gach aoinfhir eisean.- Mar so charoid a chiabh lag,
buidhne neimhneacha námhad,
's ní ró ceana é acht omhan;
sé fa-deara a dheonaghudh.
2995]- Do ghuais reann a rinn feadhma,
d'iolfhaobhraibh lann loinnearrdha,
mór n-uair as taibhgheoir toili
fuair d'aimhdheoin an ionmhoine.- Do thabhoigh Cormac mhac Céin
3000] ar foghloidhibh fuinn tsaoirNéill
barr ionmhoine nach iarr sin
a ngrian iorghoile is éigin.- Más ar tharbha téid an grádh
ar mhuirn nó ar chion nó ar chomhrádh,
3005] filidh cláir naomhthabhuig Néill,
is cóir aoncharuid eiséin.- no ar teasdaibh nó ar tréidhibh ríogh
nó ar díochor uilc nó ainbhfíor
nó ar cléir nduasoirrdhreic do dhíol
3010] as céim uasoilmheic airdríogh- nó ar bhriathraibh tearca tromdha,
nó ar mhaith nó ar mhéd mbaromhla,
nó ar buaidh ndealbha mar dhleaghar,
fuair Ó hEadhra a uaisleaghadh,
3015]- nó ar clú nó ar uaisle a fhola
a-táid cách dhá chomhthogha,
nó ar chor gcliachdha um chrích a shean
nar iartha a díth do dhéineamh,- ionann charoid a chruth nár
3020] an chaor charud nó an compán,
nó mná seangleabhra gruadh nglan,
nó sluadh feidhmfhearrdha foghludh.
- Caroimse ar an ngcor ccéadna
mar chách a chruth fíréanda,
3025] ua saoirÉimhir dá bhfhiar fiodh,
aoinfhéinnidh gliadh na nGaoidhiol.- Luach ar n-annsa dh'Ó Eadhra
fríth uaidh dh'aoibhneas oireaghdha;
díol luaidh an bronnadh do-bheir
3030] nach fuair ollamh a aithghein.- Muna cumhachta cloch mbuadh
nó ilcheol n-iomdha n-ionnfhuar
tar shlógh mBanbha na dtreabh dtais
ceadh as damhna don díoghrais.Díoghrais.