- Mithidh déanamh cuairte ag Cormac
cuingidh Luighne na learg mín,
crann ós fhiodhbhaidh d'fhine Eadhra,
2850] bile dh'iobhraibh Teamhra in Trír.- Seachna codhnaigh chinidh Mhodha
meisdi an tí re dteagfodh sé;
dóith as fhearr ní fhuidhi aoinfhear,
ceann uidhe na n-aoidhiodh é.
2855]- Fad na treimhsi a-tú 'n-a fhéagmhois,
éanbhrath céile chríche Fáil,
lór do thúr fhaludh dom aithghein,
tamhan a húir thairthigh Tháil.- Ní hurusa dh'éis a chleachtaidh
2860] a gcéin uaidh go n-anfadh fear,
bile coirmthe mórchlann Modha,
lóchrand oidhche bhrodha Breadh.- Deacroide dhuinn déanamh thairis,
tearc a chomhmaith dho chleacht sinn,
2865] meic ríogh nach cuirthear re chéimibh
do shíol cruithgheal Éimhir Fhinn.- Gé a-tá mé re hathoigh d'aimsir
a n-éagmhois Cormuic mheic Céin,
a ghrádh um chridhe do caomhnadh,
2870] an bile nár saorghlan séimh.
- Dob fhiu ar ndúthchos re dhreich maorrdha,
mac mheic Oilill airgeas tír,
gan bheith do shíor uaidh ag anmhoin
an ghríobh ón Mhuaidh mhallghloin mhín.
2875]- Tuigeadh féin an fáth fa bhfoilim
feadh treimhsi gan triall dá fhios,
ar mbuain ó chomhghar a chéile,
gruadh donnghlan as séimhi slios.- Ní thréigfinn ar adhbhur oile
2880] earrla clannúr dan cóir toil,
beantor sind le sluaghoibh Danar
gur uamhan linn aghoidh air.- Do-chuala gur cuireadh eision
d'imlibh corra críche a shean
2885] gá ní bhudh doilghe do dhéinimh?
rí Luighne nar éimhigh fhear.- Dá bhrídh so do seachnadh linne
leannán éigeas innsi hÍr;
go mbiadh dar n-égnuch dob easbhuch
2890] ciabh na ngéagbhoth seasmhoch sídh.- Ó a-táid Gaoidhil do ghuth éinfhir
ag athchor Ghall nguirt na bhFionn,
's na slóigh ó lios Eamhna d'fhéagsoin,
d'fhios Í Eadhra as éasgaidh ind.
2895]- Dóibh a-rís ní racha Cormac
céim do dhruim a dhúthchois féin,
fian Ghall 'n-a aghaidh fa aonchuing,
croinn toraidh do chaomhchloinn Chéin.
- Dá dtí dhínne dol in uairse
2900] fa iath Muaidhe na madh nglan,
fonn maoithréidh as uaine oirir,
aoinchéim uaidhe as doilidh dhamh.- Dá roisiom a radharc Cormuic
clódh uaidhe ní fhéadfa sind,
2905] fear as treisi ar ghníomhradh glaisreann
seisi síodhbhrudh bhfairseang bhfionn.- Leomhan éachtach d'fhíonfhuil Mhodha,
múr doileagtha as daingni rún,
fear as roiréidh bha riar bhfileadh,
2910] ciabh chloidhshéimh na n-igheadh n-úr.- A aircctheoir cniochtGhall, cosg a bhfoghla,
feithmheoir baoghoil Bhanbha Cuinn,
caor bhuaidh ar chéimibh a gcathaibh,
féinnidh go ngruaidh ndathaigh nduinn.
2915]- Fear as mhaorrdha a measg a theaghlaigh,
triath Luighne re lingthear sluadh,
béim foladh ó aon ní foghar,
raghaidh saor ó ghorudh gruadh.- Ar chaoineas, ar chomhrádh dtaighiuir,
2920] tearc aoinfhear a aithghein sin;
dá mhéad dáileas um cheann gcomhráidh
fearr áineas an donnbháin dil- A ua Oilill mhóir mheic Mhadhnois,
méad h'anma ní hiongnadh dhuid
2925] 's a dtig uadha thríbh do thonnoibh,
a mhír chruadha an bhronnuidh bhuig.
- Más cúis mhórrtha dod mhac samhla
seachna béime, a bhruinne seang,
's gan teacht re haoinfhear bha bhfuighthe,
2930] tearc Gaoidhiol badh cuirthe ad cheann.- Fuarois céile as chosmhoil doitsi
díth maoine ní mhothuigh sí;
cóir teacht le a tréidhibh a-nalloin
searc gach éinfhir annaimh í.
2935]- Dual do bhanua Briain mheic Eoghain
éigsi Banbha do bheith lé;
tarrla ar gach taobh d'fhíonnchloinn Fhearghna
craobh do ríoghchoill Teamhra Té.Mithidh déanamh.