- Frémh na fíoruaisle fuil Chéin,
ní cuid don fhíoruaisle fhuair;
2285] cia in fhuilagus féaghadh féin
ar fhuil Chéin do-bhéarudh buaidh?- Geall ó uaisle adhbha hÍr
tarrla ar a nduasaibh do dháil;
ní bhí acht trom a bhfileadh féin
2290] ag ciniodh Chéin ar fonn bhFáil.- Láimh re tráigh ar gcor a chuart
do-chóidh ar nbloghadh a bhárc;
d'uaisle an anma fhuair ós écht
do hslécht don uaidh tharrla a ttrácht.
2295]- Échta ríogh ios ceana cáigh
díol a n-éarca dleaghar dhóibh;
iomdha biodhbha ag ciniodh Céin,
a dtiomna ghéill ighiodh n-óir.- Tréd féinniodh dan fuilngeach rí,
2300] ní fhuilngid ar n-éirghe laoi
do luaighil Í Eadhra é;
do bhuaidhir sé a meanma ar mnaoi.- Meic ríogh ar a rádha féin
ag díol a chána gan chóir;
2305] fios fiach í Oirill mar fhuair
do-chuaidh triath ós fhoirind óir.
- Líon troda um Chormac a ccuan
nar obtha dh'fhoghluidh re n-ádh,
do bhí ar ógaibh na gcleath ccaol
2310] saor do thógoibh teach ós trágh.- Líon ádha in mhílidh ón Mhuaidh
ní bhí a námha dílios dóibh;
tír biodhbhudh do chineadh Chéin
ag ionnramh ghéill igheadh n-óir.
2315]- Slat do lubhghort Thealcha Té,
mac Úna nach doirbh fa draoi,
rí dhar chuibhghe treabh Dhá Thí,
ní hí Luighne a mheadh dho mhnaoi.- Géill fhoghloidh ag dol 'n-a dháil
2320] tar Éirne ag torchor ghleoidh;
leabhair fhoirfe chinidh Chéin
d'fhilidh géill as coirche ceoil.- Líon ádha fa oighir Céin,
nach táinig go soighin sídh
2325] iomdha deighfhear dornchla óir;
deiriodh slóigh tholcha a dtír.- Ní fhúigfe fa oirear n-Ír
cúirte gan doighir 'n-a dhiaigh;
a-táid fiaghain fhoghla ar hféin
2330] géill ios fiaghoil Bhanbha Briain.- Tug a chrích 's a oighre uadh,
ar a dhíoth do-roighne rún;
ní hé an síodh uile dho iarr
giall ríogh dod ghuidhe ar a ghlún.
2335]- D'éis a chríche d'fhoghoil uaibh,
a dhícheall do chora a gcéill,
foigse a shean dod ghabhloibh gaoil
do mhaoidh fear adhbhair ar hféin.- Fiu a dtarrla do dhochar a ndáimh
2340] nach gabhthar a gcomhaidh gcóir;
lór féghadh filiodh ar hféin
do théghudh géill igheadh n-óir.- D'iarroidh fhírshreabh bhfoirfe bhfionn
do líon cliachdha um ochtoibh all,
2345] buinne caol am bhonnaibh beann,
raon 'n-a cheann ón choraidh chrann.- Iomdha rí umhal dot fhéin
budh díon do thuloigh an Trír;
meic ríogh ag luidhe fad láimh,
2350] díon cáigh a ngach dhuine dhíbh.- Feadh do dhiomdha um n-oirear n-Ír
ní loighfeadh a bhfiodhbhaidh féin
gérbh fhada fear adhbhair uaibh
ar adhbhuidh fhuair nír bhean béim.
2355]- Bró fhéinniodh narbh obthach n-áigh
dá féaghoin nír dholta dhóibh,
nír bheag do chor anma ar hféin,
ar a son féin tarrla tóir.- Omhan do dhonnadh fa dheoigh
2360] le bhfoghthar don ollamh uaibh;
deargfoidh file agus fuil Chéin
a bhfuil do mhéin ghile ad ghruaidh.
- Uatha ní tigthear le tóir
do n-uagha le dtiltear tír;
2365] leig dod dheithfir ar fheadh n-áigh,
beirthir ar dháil na sleadh sídh.- Rí dá ndleaghair inis Ír
do bhí a deabhaidh libhse a láimh;
do shaoil giall na n-idheadh n-óir
2370] gur chóir dhá chineadh fiadh Fáil.- A mheic Úna nar ér sgoil,
a ndúthchus gé léigthear libh,
cuirid sin a míne an mhuir,
fir nar chuir fan ríghe ribh.
2375]- An fhearthoin nach bhfaicthear fóibh
do haithneadh ar thealchaibh túir;
néll ceatha fan madh ós Mhuaidh
do an 'n-a bhuaidh eatha ar úir.- Feadh taisdil na sroth mun Sídh
2380] ní fhacoigh acht clocha cuaigh;
d'éis tiomchoil na learg mun Léim
ceard féin ní iomchair a bhfuair.- Ioth a dtalamh, teas a ngréin,
na tairthe ag meabhsain fan Muaidh;
2385] fiu ar chuir dho thoradh a dtír
muir mhín do bhlodhadh a bruaigh.- Ua Oiliolla in earrla naoi
ní soigheaphtha in bhearna a mbí;
fear fine dhon fholoidh é
2390] sé ag foghoil tighe Dhá Thí.
- D'éis a bhfoghla ar fionnmhuigh n-Ír
gan adhbhar diomgha 'n-a ndeoigh
gár bheag dh'ionnramh chean ó gCéin
sreabh nach éir tar fiodhradh bhfeoir.
2395]- Teacht a-niu le comhaidh gcóir
fiu a cheart ar tholaigh in Trír;
tabhairt theannál tre theagh tTáil
náir do leannán na sleadh sídh.- Croinn dhírghiis doighirthe dhe
2400] a sgríbhni ar tholaigh Dá Thí;
sleadh chaol ler toghladh in Traoi
le saor an chraoi omnadh í.- Méin Chormuic 's gach dhuine dhíbh
ar thoirbheart ndoiligh do dháil;
2405] iomdha orrudh cruidh do chléir
d'fhuil Chéin ag donnadh re ndáimh.- D'fhonn ágha ar fhéinnidh ó nDuach
do éimhidh a chána ar chách;
re héara nach bhfuair ó iath
2410] do-chuaidh triath ó nÉanna ar áth.- Buighne cléire ag dol 'n-a dháil
ag cor chuimhghe ar réidhi an raoin;
beiridh do sgoil ar chloinn Chéin
a-moigh féin nar thoill re a ttaoibh.
2415]- Ar tteacht roimhe um cholbha cuain
a gcoinne Cormuic do-chóidh
do mhaoidh bean go raibhe a-réir
ag faire ghéill na n-eadh n-óir.
- Oighre Céin nach donnfa draoi
2420] d'éis choimhghe tholchadh Dá Thí
nírbh é a thráth dh'Ó Eadhra é
sé re gcách san bhearna a mbí.- Caor shlóigh nach bhfoghar gan fhíoch,
nach taobh comha na gcóig n-iath,
2425] laoich dob ordhruic n-anma ar áth,
ar sgáth Chormuic tharrla a dtriath.- Géill fhaghludh le heighir Céin
d'éis a fhaghla um oirear mBriain;
iomdha bráighe a mbeirtigh sróill
2430] leigtheir le fóir Gháille ón ghliaidh.- Síol gCéin as orrdhruic um ól
gá céim don oirbheart nar fhéagh?
fir dhan tréidhe dámh do dhíol,
ní nár dhá síol féine a bhfrémh.
2435]- Béin ón ainnirmhín dob áil
céim tar Chaiteilín do-chuaidh,
suil fhuair file aithne a heoil,
neoil ghairthe tre ghile an ghruaidh.- Bean don fhréimh Raghollaigh riamh
2440] um réir daghollaimh gan díon,
gé bheith sí a n-éigion bha n-iarr,
nír léigiodh cliar dhí gan díol.- Inghean Toirrdhealphaigh, taobh seang,
ó a sgoithleaphraibh gach craobh chorr
2445] eala neamhdhoirche as bhláith barr,
an mhall thláith dhealbhghoirthe dhonn.
- Bean le bronnadh fhailgheadh n-óir,
ler haingheadh goradh a gruaidh
a gceand chléire suil do-chóidh,
2450] geall ó mhnáibh a fréimhe fuair.Frémh.