- 2005] Creach ag Luighne ó Leith Mhodha
cuimhne ar an chreichsi cheana,
creach ríogh as mhó ar íbh Modha,
rogha a ngníomh dhó fa deara.- Creach dh'iath Luighdheach do lámhoigh;
2010] Luighne leantar a n-iaroinn,
trom an bhreath ar iadh n-Éimhir;
déinimh chreach riamh 's dá riaghuil.- An bhfuil dídean a ndligheadh
ri creich ón mhuighsin Mhumhan?
2015] sí dhíonn do bhreith nír beanudh,
dleaghar díon ar chreich churadh.- Fine Céin an chreach luaidhim,
a gcéin ag teacht tar tóruinn;
ar luidh d'fhoirind ar aoineing
2020] maoidhim d'fhuil Oilill Óluim.- Do bhreith Chairthe is a cluinsin,
leibh, a Chaisil, an chreachsin,
do chreach do-chí san orsain,
an breath chosmhoil í at easbhoigh.
2025]- Creach ríogh ar chuimhne cluintear,
do dhíoth Muimhneach ní moltor,
Luighne do-chím gur chiontoigh,
tiocfaidh trínn cuimhne ar Chorcaibh.
- Tóir ó Thráidh Lí 'n-a leanmhoin
2030] gurbh áil cóir ón chrích Luighnigh
creach shluaigh 's a fios gá foghlaidh
connmhoidh Muaidh ó lios Luimnigh.- Siad a gcéin d'anmhain uaidhe
do ghlanMhogh Néid ní náire;
2035] mas sé as toil dar gcloinn Chéinne
ní boing bhéime ar mhoigh Mháidhe.- Do Chormac dh'aithle a n-umhla,
flaithbhile as oirdhearc n-anma,
ar ghairm ríogh do fhréimh Eadhra
2040] meanma réigh ag síol Sadhbha.- Ró teasda ar eachtra uadha
dá measdar ní meath dála;
sgaoilidh dámh fa iadh Úna,
lán súla riamh gá rádha.
2045]- Ní gan fháth fhuair a n-umhla
ó chách a n-uair an fheadhma;
leis a mbeirn do bhí a bhiodhbha
diongna in ní dh'fheidhm Í Eadhra.- Ríoghfhlaith re roinntear maoine
2050] dá díothludh ar bhoing mbéime,
maith fa roinn acht roinn tíre,
flaith fíre dhar ccloinn Chéinne.- Ealta hseabhuc dh'fhuil Eadhra
cuingidh le mbeantar biodhbha
2055] fáth narbh áil síodh na Samhna
tarrla dháibh díol a ndiomgha.
- Cormac re hucht gach aoinfhir
fa chonfadh a ngort ghábhaidh
dá féin as am dá fhéaghadh,
2060] dénadh clann Chéin ar chánoigh.- Tadhg mhac Céin re cairt chloidhimh
dá sdair as déanta deimhin
gur dhearbh sé sén a chinidh;
sgél dlighidh é dhá oighir.
2065]- Lámh tharrla ós fheidhm gach aoinfhir
Tadhg a mbeirn nó gur bhuadhaigh;
tig le tréan ó iadh n-Éimhir
triall dar éiridh séan sluaghaidh.- Tadhg ar fhoghoil re n-ógoibh
2070] sbairn 'n-a n-aghaidh narbh fhéidir,
budh thuaidh ar dtriall an óigir
trian cóigidh fhuair ar éigin.- Fuair dhá shíol sochor suthoin,
foda bríogh a n-a bhreathaibh;
2075] tiad ós aird ar dtriall tochoir
sochair Thaidhg ar iadh n-Eachaidh.- Dual dá shíol cách fa a chomhaidh,
gach críoch fa chánaidh cuiridh;
mór n-aird do iadh 'n-a aghaidh
2080] d'fhaghail Taidhg ar fiadh bhfuinidh.- Nír chuir suirghe ar cheand gcumuinn
tuir Luighne re léim glaineang,
mac Céin 's dá fhiadhach dh'fhearann
gealfhonn réidh grianach Gaileang.
2085]- Gnáth airrghi ríogh 'n-a ríoghfhuil,
síol an Taidhgsi 's dá ttréidhibh,
maicne fa dhíol do dheoraibh
síol leomhain d'aicmi Éimhir.- Sé dá mheas le mac Úna
2090] meadh chosmhoil mar do-chuala;
lorg Taidhg ar ghníomh do-ghébha
sgéla ríogh ós aird uadha.- Beith dána a deaghbhloidh dlighidh
Ó hEadhra tar chách cuiridh,
2095] teisd cháigh ós aird do fhoiligh
oighir Taidhg re ndáimh nduiligh.- Gasroidh órbh anta a n-iorghoil
fa Thadhg don mhacraidh Mhuimhnigh;
sgéla a theasd libh dhá leanmhain
2100] dearbhaidh sibh, a fhleasg Luimnigh.- Ró teisde ar ndul a ndaoirsi
nach roichid cur red chéimsi,
do chlú dá gcora i n-uaisle
fuairsi rogha ón chrú Chéinse.
2105]- Do shirthe ag rochtain rompa,
a Osgair Thighe an Teampla,
lór uaibh ar chách mar chionnta
buain iompa a ttráth na teannta.- Toil ag fear linn nach ludha
2110] do shreibh mhir fa mhadh Modha
sé ón teas n-a thráigh thana
Eas Dara ios táin dá thogha.
- Tug fáidh aithne ar a airghibh,
tairthe fa thráidh gach innbhir
2115] searg an chuain 's an ghoil gheamhroidh;
dearbhaidh soin Muaidh 'n-a minshreibh.- An ríoghfhuil ó mhuidh Mhumhan,
gá bhfuil ríoghdhacht 'n-a roghar,
sealbh in chlú dá druim dleaghar
2120] bearar crú Cuinn 'n-a gcomhar.- As fiu a ndáilid ó dheaghthoil
clú 'n-a gcároid nach cuirthir,
téid a mhéin re muir ttorchoir;
fuil Dhonnchaidh a gcéill cuirfidh.
2125]- Cách ag tnúdh le díol dáimhi
nír shín a gclú re chéile;
téid an clú dháibh a ndaoire
daoine láimh ler gcrú Céinne.- Fiodh dar lia bile is barrshlat
2130] tearc triath dá ttig a thromlot,
muna guais Goill dá n-iomlat,
coill fhionnshlat chnuais fa Chormac.- Arm cruaidh neimhmeirbh an naomhchroch
uaimh Ifrinn nó gur fhírchreach,
2135] sleadh do bhí ad chíoch mar chaomhthach;
saothruch fríth, a rí, an ríchreach.Creach ag Luighne.