- As fiacha ar neach an ní gheallas;
gealladh daingeandia do bhuaidh!
lámh as treisi ar fhud gach fheadhma,
1800] tug meisi d'Ó Eadhra uaim.- Do gheallus laoidh 'n-a laoidh cumuinn,
craobh do lubhghort leasa Floinn,
dom laodh dil, do Chormac Cabha,
glanshlat do dhligh ragha is roinn.
1805]- Cuige do chomhall mo gheallta,
géag thoroidh as truime bláth,
fear nar iarr acht a n-ágh urruim,
triall lem dhán comuinn tar chách.- A theachtoire théid go Cormac,
1810] dá chneas lúthmhar lingeas tóir,
fear do thabhoigh go hég m'annsa,
tabhair an tréd rannsa róinn.- Iomdha romham san raon díreach
le druing dheaghrann dan dual toil
1815] ón trian teas go Cormac Cláire,
donnshlat ó Eas Mháighe a-moigh.- Beir ón Mhumhain na múr ndaithgheal
an drong rann do-rinne mé
go bile Gréag tar gach Gaoidhiol;
1820] séad fine na n-aoigheadh é.
- Maith a chumann, caomh a aigneadh,
aoibhinn doidse dol 'n-a cheand,
fear nar aomh béim ar a bhiodhbhaidh,
craobh réidh don fhiodhbhaidh as fhearr.
1825]- Ní tuirsioch doit dol go Cormac;
cuirfidh mo chéili, creid uaim,
laoidh nó duan ní háil a n-aisgidh
ad láimh luach bhur n-aisdir uaidh.- Síos go seolchrann sleachta hEadhra
1830] ní haithreach dhoit dul ar séad;
laoidh riamh ná aonrann a n-aisgidh
nír iarr saorbharr gaisgidh Ghréag.- Dom chéile ar gcluinsin na rannsa
reac uaim ris, is ní rádh clé,
1835] mo bheith a ngioll ag géig Thaoidhean,
's nar thréig sinn ar aoinfhear é.- Cóir do ghrádhoigheas géag Mháighe;
minic fhuaras san trian tuaidh
a ghrádh, a uille ar cúl comhóil,
1840] a rún uile, a onóir, uaidh.- Gan fháth ní thugus toil doiséin;
a ndiaigh na tarbha téid an grádh;
fuaras uaidhe a each 's a eirreadh,
an chleath nuaidhe neimhmion nár.
1845]- A-tá sind ar son ar gceannoigh
ag Cormac ó chroidhe thé
budh buan go héag an toil tuilltir;
ó shin as dá mhuindtir mhé.- Beith ag Cormac na gcolg ngreanta,
1850] gruaidh loinneardha dar las gríos,
do neach dom thréad ní toil mheallta,
géag ó Thoigh an Teampla thíos.- Cormac Ó hEadhra ucht solus,
seabhac éachtach na n-each mbras,
1855] nír thuill diomdha um dháil a mhaoineadh
iomdha idh na n-aoidheadh as.- Do lean Máire mhéin na gcraobhsoin,
na craobha ór chin ciabh na lúb;
meinig ag cách a clú ar cuimhne,
1860] as gnáth le crú Suibhne sútt.- Na croinn fhíneamhna ór fhás Máire,
'n-a maoinibh ní mór a gcás,
do mhéadoigh sí a ccéim re chéile,
sí do réir a fréimhe ag fás.
1865]- Doirseoir Dé ná diultadh mheisi;
míorbhul bhuan ar nach bíodh glas
síodh biodhbhadh san Róimh do-ríne;
ní hiongnadh dóidh fhíre as.- Adhbhar bróin a bheith fan gcomhraidh,
1870] Conn Aolmhuighe na n-each mbras;
ní ghabhadh sin séad ó aoinfhear,
géag do chin ó Ghaoidhiol Glas.As fiacha ar neach.