1605]- Sona sin, a chlanda Cuind;
a-tá oirbhsi a gclár Criomhthoinn,
fon solus na ngéigfhiodh ngeal
sonus nach éidir d'áireamh.- Sona dhaoibh mar táid thalloin,
1610] a chlanda Cuinn chréachtlannoigh,
sluagh ríoMhumhan ag roinn ribh,
croinn dob fhíorumhal d'éigsibh.- Nach cuid dá bhur sonus sin?
táinig Tadhg ma Céin chugaibh
1615] a hIarmhumhain na séd sean,
gég ó ghrianbhrodhoibh Gaoidheal.- Ó bhur ngaol re Tadhg Teamhra,
a shíol gCuinn chláir sheinEamhna,
nír fhéd líne ridhe ruibh
1620] fa ríghe thighe Tuathuil.- Tadhg mhac Céin an chúil sgathoigh
Sadhbh inghean Chuinn Chéadchathuigh
a sheanmháthair as sí sin,
rí ó eangráthaibh Uisnigh.
1625]- Táinig Tadhg do thaoibh a ghaoil
ó thuathaibh Caisil chollchlaoin
a-niar go Cormac Cláire
dondshlat ó iadh fhiondMháidhi.
- As sé Tadhg mhac Céin do chuir
1630] fa cheann saoirmheic Airt éachdoigh
coróin ríogh fionnmhoighe Fáil;
díor an ionnmhuine dh'admháil.- Ar son Chormaic cian ó shoin
tug seacht n-éachdchatha dh'Ultoibh
1635] Tadhg mhac Céin, tuir na Teamhra,
slat réidh ó mhuigh mhínLeamhna.- A shé meic dégdearbh in dáil
's na trí Fearghoisfeidmh neamhnáir
dáibh gá haird i narbh eagal
1640] le láimh Thaidhg gur thuiteadar.- Leis do cuireadhcéim bloidhe
cath Crionna ar chloinn Rudhroidhi
ar sgáth rígheidhre beann mBreagh,
ceann sírsheilbhe na sindsear.
1645]- Do iar diombudh fhola hÍr,
do-rinne Tadhg slios seingmhín,
críoch gnéshlim na ngormshlat ngeal,
Cormac ós Éirinn d'oirneadh.- A námha riamh roimhe sin
1650] sona do mhac Airt Éinfhir
Tadhg dá oirneadh ós iath Fáil
triath nar toirneadh a tteagmháil.- Dá chéile ón lósoin a-lle
fine Chuinn 's an chlann Chéinse
1655] fa chrích móir bhformadaigh bhFáil
dóigh gor chonnmhadair combáigh.
- Síol gCéin dá chomhartha sin
do an cuid díbh go deimhin
ón Mháigh goirmghil duind dathaigh
1660] fa oighribh Cuinn Chéadchathaigh.- A rogha féin d'éis fhuirigh
do mhínLeith Chuinn chraobhdhuilligh
do thuill síol catharrdha Céin;
díon dá n-atharrdha iaidséin.
1665]- Dlighidh síol gCuinn chosnas troid
go deimhin as dó a-támoid
ealbha na laochlann leaphar,
saorchlann Eadhra dh'uaisleaghadh.- Mó as daor do tuilleadh le Tadhg
1670] ó shíol Airt na n-each mbeannard,
damhna ríogh mhoighe Mumhan,
a shíol uile dh'ardughadh.- Síol gCuinn na gcraoisioch bhfoirfi
ua Taidhg Cormac créachdghoirthi,
1675] mun sédachadh um Bóinn mBreadh
a mhédachadh dóibh dlighthear.- As beithti dhóibhdia do bhágh!
dá eagla nó dá fhíorghrádh
ar tí uaislighthe fhir Bhreadh
1680] na guaisbheithre ó thigh Thailltean.- Muna chonnmhoid clann Fhéilim
báidh Taidhg dá bhais bhláithmhéirsheing
a gcrích ghéiggil chuirmthigh Chuinn
tuillfidh ar éigin urruim.
1685]- Le sníomh colg, le corcradh ga,
maith as aithnidh d'Ó Eadhra,
tamhun cubhra ón ghormMáigh ghil
umhla dh'fhodhbháil ar éigin.- Tuilleadh umhlucht amhluidh sin;
1690] meinig do chuir lúib luaimhnigh
buachoil leargmhoighe bruaigh Bhreagh
tre dheargdhoire chruaidh caoilshleadh.- Frais d'armoibh fa áit a shean
iomdha caithghleo nar caitheadh
1695] ó Mhuaidh go sédphort Sionna
re héchdchorp í Oiliolla.- Sochar gan dochor ní dú;
meinig do dhoirt a dhonnchrú,
críoch bláth na dtiormdhoiri tte
1700] ar sgáth liondmhoighe Luighne.- 'N-a lúirigh do loigheadh sin,
meinig do chleacht ól eighridh
agas cruaidhshneachta dá chorp
agos fuairleabtha gan adhart.
1705]- Do-rinne Ó hEadhra ar éigin
críoch Luighne in chláir chaoimhghéiggil
díon a shíothmhuighe mar sin,
fíocruinne na ngníomh ngaisgidh.- Nír fhéach d'imshníomh ná d'ól sreabh,
1710] nír fhéch anbhuain ná dh'éigean,
cian do bhíoth a mbothaibh slat,
a chríoch gur chothaigh Cormac.
- Do shíol gCuinn dá gcreidiogh soin
nach ffuigheadh uatha a hurdoil
1715] do bhíoth ar cuimhne ag Cormac,
críoch Luighne na leabharshlat.- Olc do-rinde cineadh Cuinn
buain re himlibh a fhearuinn;
dá dhonnghlaic nar dháigh chogoidh;
1720] báidh Chormaic nír chonnmhaduir.- Do cheangoil Cormac ó Cuind
dá aicme ní hiul leathtruim
báidh go bráth re caoimhchloinn Chéin,
na saorchroinn ó ráth ríNéill.
1725]- Ón deighrigh dá dhearbhudh sin
fuair Tadhg mhac Céin cuid chrandchoir
don chrích mhínghil um Bóinn mBreadh;
dá sgríbhnibh as cóir creideamh.- Siobhul a eich re headh laoi
1730] tug Cormac d'Éirinn fhéarnaoi
don ré thuraidh Tadhgmhac Céin,
ardshlat ón Mhumhoin mhínréigh.- A chongnumh féin feadh a ré
tug Tadhgní hiul gan fhínné
1735] tar chách do Chormac dhá chionn,
donnghlac ar nar ghnáth géibhionn- A ndiaigh a bháisní bréag sin
fa chur re síol Airt Éinfhir
tug fógra choidhche dá chloinn
1740] fa Fhódla gcoirmthe gCriomhthoinn.
- Feirde síol gCuinn a chobhair,
gríobh an aignidh éachtghonoigh;
do rígh Luighne an tráigh thaisghil
as cóir cuimhne an chadaighsin.
1745]- Do shíol gCuinn ní ceilte a bháidh
congnamh Í Eadhra d'fhagháil;
as feirde Éire uile,
céile leirge Liathmhuine.- As fiu a eineach 's a oirbheart
1750] as iomad a uasailbheart
nach cóir gaolbháidh dh'éra air,
an rélla ón chaolMháidh chréchdoigh.- Feirde an fine gá bhfoil báidh
re a ghruaidh ndrithleannoigh ndonnbháin,
1755] bláth glainchleath muighe Meadhbha
ruire caithmheach claoinTeamhra.- Beithir chréchduch chleas ngoile,
éigne eiteadh n-órrdhoidhe
ó shruth úr míonchaol Máidhe,
1760] ríochraobh dh'úr na hEasbáinne.- Géag do choillidh chnuic Áine,
damh dh'ealbhaidh fhóid fhionnGháille,
bláth na bhfeadh ó leirg Luimnigh
nar ghabh fheirg fa athchoinghidh.
1765]- Cormac sgáthán gach sgoile,
slat abhla chnuais chubhroidhe
d'fhiodhbhaidh Fhéile is eang Luighne,
don fhéile as ceann comuirghe.
- Gnáth leis ag díol dámh ndoiligh,
1770] le hiomad a fhíoroinigh,
éd ar Caiteilín do chor,
gég dhaighceiníl na ndeorudh.- Achd re heineach Í Eadhra
Caiteilín cruth soidhealbha,
1775] géis ón Bhúill chuirmthe chleithghil,
tnúidh uirrthe ní hairighthir.- Deirdre na tíre thalluin,
Eimhear fhréimhe Raghallaigh,
inghion Toirrdhiolbhaigh, glac geal
1780] slat do ghoirmfhiodhbhoidh Ghaoidheal.- Mór Mhumhan a fréimhe féin,
fagháil a deargtha ó daoirchléir
dá gruaidh ní gar a-nosa;
an bladh fhuair ní hurosa.- 1785] Mág Aonghusa nar ér mhe,
truadh don bhás a bhuain dínne,
gég do-chuaidh tar chrú Rosa;
an clú fhuair ní hurusa.- Fa bhás Cuinn dreach nar donnadh
1790] mór ríoghan as ríoghollamh
mór n-oireacht do bhuail bhosa;
toigheacht uaidh ní hurusa.- Saoradh m'anma d'éis mo bháis
go dtí do Pheadur príomhfháidh
1795] 's do Mhuire is don chíoch corcra;
ríomh mh'uilcse ní hurusa.Sona sin