Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of O'Hara (Author: [unknown])

section 8

VII

An Fear Cédna .cc.

    1. 1265] Anam gá chéile, a Chormuic;
      fada fola in otharluit
      —an fhala ná déna dhuid—
      do-bhéara cara ar charuid.
    2. Gach cara dhínn, a dhearc corr,
      1270] loiteas an cách nos carond,
      an chara gé thí ar taithlioch,
      bhudh í an chara chomhuightheach.
    3. Cairdios do cheangal re neach
      ní hé as docra, a dhealbh shoichleach,
      1275] —ná car séd acht molta a-mháin—
      docra fa chéd a chonnmháil.
    4. Fada a-rís go dtéid a dteas,
      don dá rann gidh bé bhriseas,
      an síodh cuirthior 'n-a chéile,
      1280] a ghríobh cruithgheal Coirrshléibhi.
    5. Gidh bé ionadh iarrus neach
      an chéduair, a chruth áiseach,
      as sé an té ionnarbthoir ass;
      ionnarbthoigh an té thiocfas.

    6. 1285]
    7. An cíos fhuilngthear as a uchd,
      gidh bé neach do-ní an umhlucht,
      mór luagh na heasumhla air
      freasabhra uadh dá bhfaghthoir.

    8. p.106

    9. Mó ná gach olc re a airdmheas,
      1290] acht go n-éirghe an t-easgcairdeas,
      sgur ní lamhud go luath dhe,
      fuath na gcarud dá chéile.
    10. Dá dhoimhne as-dteagh théid an grádh
      —truagh, a Dhé, cor na gcompán—
      1295] mór as dhoimhni ag tocht as-dteagh
      olc na foirne acht go bhfilltear.
    11. Do bhean díom déanamh ainchean,
      gidh bé cairdeas congoibhthear,
      acht seachna deabhtha Dé bhí;
      1300] as dearbhtha é um gach éinní.
    12. Ní mhaireann duine ar domhan
      céd bliaghoin re a bhreathnughadh
      do shíol gCréidhe thuaigh ná theas
      dar fhuaigh re chéile cairdeas.

    13. 1305]
    14. Mairidh cairdeas, a chruth glan,
      míle bliaghan gan bhádhudh
      ag druing d'fhineadhuibh gach fhuinn
      nar bhuing d'fhiliodhoibh urroim.
    15. Gach rann dá raibhe ag cloinn Chéin
      1310] san mhaith do dáileadh dóiphséin
      táir an mhaith is maroid sin
      do charoid, a fhlaith Luimnigh.
    16. Ná tréig do chara ar chaoi ar bioth
      's ná tréig sinni an sluagh Muimhneach,
      1315] acht déna in dál is bhuaine,
      a rélla ó chlár Craobhruaidhe.

    17. p.108

    18. Mar thugois druim don taoibh theas,
      tríd chuirim cugad cairdeas,
      beith amhairseach gur dual damh
      1320] ar shluadh ghlanaidhbhseach Gulban.
    19. Mo chédchairdeas red chéibh mbuig
      —ór seanoibh as seadh thánuig—
      as rann dá chéile an dá chloinn
      clann Chréidhe agas clann Chárrthoinn.

    20. 1325]
    21. A lámh chruaidh, a chroidhe bog,
      mo dhara cairdios chugad:
      má taoi umam dhá fhalach
      do bhaoi ar ccomand carthanach.
    22. Ribhsi dá rí sinn a leas
      1330] gá ní as teo iná an treas cairdeas?
      an cháil ón ceanamhla sind,
      báigh na healadhna at indtinn.
    23. Ní nochdubh coidhche dom chead
      do chairdios ní mó mhaoidhfead
      1335] ort, a fholt cladhsholus cam,
      's gan amharus ort agam.
    24. Ní mhaoidhfe meisi, a mheic Céin,
      dá mbeath go mbeimis aimhréidh
      ar olc dá ndearnamar duid,
      1340] tort nír cheanglamar caruid.
    25. Do ghabh leithéid eagla in fhir,
      Ó Maol Conaire céillidh,
      fad mhaoinibh giodh hé as usa
      mhé red dhaoinibh dúthchusa.

    26. p.110


      1345]
    27. Beag an turbhoigh dá dtig olc,
      urusa mh'fhearg do dhúsocht,
      bí ar hionggabháil madh áil libh,
      a fhionnbhranáin chláir Chaisil.
    28. Ní mhaithfinn doit, a dhearc mhall,
      1350] dod dheoin dá ndeachtha toram
      ná dot aimhdheoin uair oile,
      a thaibhgheoir bhruaigh Bhóroimhe.
    29. Ní dheachaidh tú romham riamh
      dá bhfaghoinn adhbhur dímhiadh,
      1355] a ghnúis ghlan chéillidh chonnla,
      tar tal éinfhir elodhna.
    30. Breathnuigh romhad, a rosg mear,
      féach ad dhiaigh, dearc ad thimcheal,
      gidh bé taobh dá ttiocfa ar ccion
      1360] ar ccionta ar-aon go n-aincthior.
    31. Déanam a gceann a chéili,
      coisgiom cúis ar n-aimhréidhe,
      is bí san riocht roimhe rum;
      ar iocht ar-oile anam.

    32. 1365]
    33. Ar h'athoir airdrí nimhe
      feirde oineach impidhe,
      ós tú as ghlórmhuire as-ttigh thall
      sir, a óghMhuire, mh'anam.
    34. Anam gá chéile, a Chormuic.


p.112