1065]- Ciondus fríth fearand Luighne
ó rígh Fódla férghuirme?
fir bhoga cathurrdha ó gCéin,
foda ón athurrdha iaidséin.- Ní fearand fríth gan fhachoin
1070] ó mhaicne Cuinn Chédchathoigh,
fuinn lánshocra do líon mil
le síol árracha Éimhir.- Mór do fhuilngiodur impe
d'imshníomh uile is aidhmhillte,
1075] d'anbhuain chatha, dho chogthoibh,
sgatha in daghshluaigh dhíoghaltoigh.- Tadhg mhac Céin céidfhear do ghlac
Luighne a gcath Crionna ó Chormac
ar son a eadrána air
1080] ar ccor theagmhála um Theamraigh.- Dála Laoi nar loc iomoidh,
mac Cormaic ghil Ghaileangoigh,
d'uaim a ghlainshlightheadh do ghabh;
ainmnighthear uaidh an t-achadh.
1085]- Ar chosg Í Ruairc fuair an fear
Luighne ó Ruaidhrí rí Gaoidheal,
flatha gan taithleach dtachair,
Taithleach chatha Conachair.
- Cairt ar Luighne na learg nglan
1090] Ó Ching Risdeard rí Sagsan
do réidhigh Aodh Ó hEadhra,
an féinnidh saor soidhelbha.- A Art Ó hEadhra a n-Áth na Ríogh
rug Féilimfada an t-imshníomh
1095] cóigiodh cairt an oirir fhinn
ar n-oicchidh Airt fa Fhéilim.- An seisiodh cairtse ag Cormac
ar clár bhfionn na bhfochanbhrat,
cairt as dísle san domhan,
1100] an tírse a hairc dh'fhuasgoludh.- Laoi mhac Cormaic, ciabh na sreath,
Art is Aodh, Tadhg is Tailteach,
ní leig a ngar Luighni a lot,
ní mhar dá gcuimhni acht Cormac.
1105]- Sé féin as mhó fhuair dá hulc,
é bhus fearr seal dá sochrucht,
sé ar maith as cheand dá chineadh;
flaith 'n-a cheand ní cuirfidhear.- Ó aois naoighean gus a-niogh
1110] ag cosnamh críche a shinnsior
a-tá taibhgheoir brúigh Bhearbha
d'aimhdheoin tnúidh gach thighearna.- Ní rug aonlá ar n-éirghe a-mach
ó aois leinibh laoich Theamhruch
1115] ní ar talumh bhudh leathtrom lais
ar thamhan ndearccorr nDurlois.
- Síol gCuind agus clanna Céin,
mór lá do-rinni riuséin
osadh síth comhdháil cogaidh
1120] mun gcrích ttonnbháin dtiobradaigh.- Mór lá nar choigil Cormac,
gur shaor í ar a hothorlot,
sgaoi sheancholg dtirmlígeal tte
d'imdhídean leathbhord Luighne.
1125]- Meinic do bhí a bhas leaphar
fa cholg dtrom dá tuirseaghadh,
dá mbeath gur fhada in adhaigh,
's a each aige ar aradhuin.- Meinic bhós do bhean chasnoidh
1130] don bhais séghoinn solusghloin
crann sean as neamhfhoirfe neimh
ar feadh geamhoidhche geimhridh.- Meinic do cheangoil cuisne
an cneas nar chlaoi athtuirsi
1135] re beirt bhfuair ngoirméidigh ngil
fa sduaigh choirrghéigil Chaisil.- Do ghabh Cormuc gu nua a-niodh
dó féin coidhche is dá chineadh
críoch Luighne ass í gan urraidh
1140] ní as duilghe dá ndubhramair.- Fuair Luighne na lubhghort bhfionn,
d'éis a dtorchoir 'n-a timchioll,
lot cáich is coimhdhe a a chinidh
'n-a sáith d'oighre ar éinshlighidh.
1145]- An uair as dóthcha a ndol as
ar shíol gCéin as ann fhásas
pailm do mhórchrann trom thoroidh
'n-a lóchrand lonn lasamhoin.- Ní mór nach mac a samhla
1150] Feniox an t-én allmhurdha
don ríghealbha do chloind Chéin,
na croind fhíneamhna a héinfhréimh.- Ní mó ná aoinén uile
iomthús na n-én neamhdhuidhe,
1155] bhíos aca go bráth san bhioth
slata gan bhláth gan bhisioch.- Saoghal gach eoin don ealtoin
go gcuirthir é a n-illreachtoibh
iomdha líne dh'fhiaghuin air
1160] míle bliaghain do bhliadhnoibh.- Én soin le bhfaghthor gach fios;
tionóilidh, an tan tuigeas
a bheatha a ndeiriodh ag dol,
sreatha teiniodh 'n-a thiomchol.
1165]- Do-níthior ainnséin re headh
luaithreadh beag dhe fa dheireadh,
go dtéid sé a n-illreachtoibh as;
mindleantair é as a eolass.- An luaithreadh cédna a gcionn trill,
1170] téid sé re haimsir aithghirr
fa dheoigh 's na reachtoibh reimhe
d'fheartoibh an eoin ainglidhe.
- Ní bhí éinmhí gan an t-én,
's ní bhí dhíbh ann acht éinén;
1175] iongnadh gach cás don dá chor,
fás is iondramh na healtan.- Mar soin do chlannmhaicne Chéin;
mar thiaghoid as go héinfhréimh
tig an fhrémh bhós 'n-a bile
1180] do nós na n-én n-ainglidhe.- Uair is fiche fuair a lot
ó Thadhg mhac Céin go Cormac
gan aodhaireacht éinfhir air
saoroireachd céillidh Clároigh.
1185]- Ní fríth éanuair aca sin
nar fhás díbh dh'éis a n-imnigh
dá ndeirbhfhine féin dá bhfuil
ceinnbhile ó gCéin do chabhuir.- Fada do bhádur fa bhrut
1190] go teacht chuca do Chormuc,
gur shaor geilfhiodhuch clann gCéin
an crann deireanuch díbhséin.- Amloigh do bhí a bhél corcra
'n-a naoidhin óig éadrochta
1195] gan aithne ar achadh a shean
a haithle a athar dh'oighiodh.- Goirid d'aimsir dá éis soin
go dol dó a ndígheann cogaidh,
gruaidh fhinnmhíolla shuilbhir hseang,
1200] fuilngidh imshníomha Éireann.
- Mór dh'ulc fuair bhur bhfear suirghe
fad cheannsa, a chríoch sheanLuighne;
maith do chuir leis agus libh
gan fhoil a chneis do choigil.
1205]- Ó chéibh mbuig go bonn ttaisgheal
ní fhoil ball dá bhallaibhsion
ní ró teasmholta ar thuir mBreadh
nach phfuil treasghonta ad thimcheal.- Ní fhuair neach comhmaith an cheirt
1210] a-tá ar Luighni ag laoch Deirgdheirc,
críoch na gclaontamhan bhfiar bhfionn
a n-aontalamh d'iadh Éirionn.- Míle acht dá bhliadhoin a-bháin
ceithri céadní cúis tseachráin
1215] don chrích ainghlidhe ag cloinn Chéin
gan ainbhfine ag roinn riuséin.- Andamh aoinneach riamh roimhe,
dá bhféachthaoi in réim ríoghroidhe,
gan cheart nua ar atharrdha in fhuinn
1220] go hua gcatharrdha gCriomhthoinn.- Do shliocht Taidhg mheic Céin chalma
lór a fhad as atharrdha,
clár óir na gcraobhleas gcorcra;
dóibh ní haoibhnios iasochta.
1225]- Fuair Cormac féin mar gach bhfior
maith do lean lorg a shinnsear;
gá ní as domhaolta um barr mBreadh?
comhaonta Gall is Gaoidhil.
- Cormac mac Céin nar chlaon breath,
1230] far iadhsad ógbhoidh Luighneach,
a gcosg foghla, a ndíon docra,
gríobh comhdha na cródhachta.- A ré lán, a lán mara,
a ngrian tar éis fhearthana,
1235] flaith as rodhaingne rún gnáth,
as úr comhairrle, a gconách.- A sgur feirge, a bhfraoch deabhtha,
a dtinne dh'ór aithleaghtha,
dar chaith an ríghe reimhi
1240] a bhflaith fíre foirghlidhe- A mír chruadha, a gceann uidhe,
inghilt súla sochoidhe,
tileadh clár na bhfiodhbhudh bhfionn,
grádh na bhfionnbhan nach bhfaicionn.
1245]- Ciondus fríth mar fuair Máire
amladh óir ón amháille
dá deirc gcuirr mongfhabhroidh mir
ó ollamhnoibh fhuinn Éimhir.- Gé fhuair inghean Mhaoil Mhuire
1250] d'aonláimh uatha a n-ionmhoine;
gidh bé dá dtabhroid a dtol
ní thabhroid é gan adhbhor.- A n-orrláimh dhuine ar domhan
acht dúinne an t-aois ealoghan
1255] ar chóir taisgeadha ní thig
aisgeadha óir ná airgid.
- A seoid bhuadha, a bruit chorcra,
tug sí sealbh a n-iasochta
don luchd taisgeadha do thogh
1260] a huchd aisgeadha a n-ughdur.- Searc na n-éigeas dá dreich ndil
saoilim nach slad a n-aisgidh;
fáth a n-ionmhoine ag dol di
gan chrodh d'ionghaire aici.Cionnus
Aois an Tigherna an uair do-rinniodh an dánsa 1584 Aois an Tigherna an uair do cuireadh cath Crionna eadhón dhá chéd bliaghan[...]