- Maith an ceanduighe Cormac
mac Céin dá gclaon iobhurshlat,
lámh thabhartach um cheann gcruidh
malurtach as fhearr aguibh.
665]- Re linn Chormoic ní cluintir
fear a mheallta a malairtibh
bheith soimheallta as sé do-bheir
dá ghné hsoineannta hsoilbheir.- Mac Céin na gcéimionn ndocrach,
670] móide as mhaith an malartach,
sduagh dhaoineach ó bheannaibh Breagh,
meallaidh gach aoinneach eisean.- Féach an fearr iomlaoid oile
ná in mhoirn tsuthoin tsíorruidhe
675] téid don fhlaith ionfhuair fhaoilidh
ar mhaith diombuain díomhaoinigh.- Gearr do mhairfeadh na maoine
bronntar le flaith Formaoile
's pudh buain na molta ar marthoin
680] dá ghruaidh chorcra chomharthoigh.- Ní mhairfeadh bleidhe ná brat
dá bhfaghoid cách ó Chormac
ná arm áigh craoibhlíne cuir
aoinmhíle a-bháin do bhliadhnaibh.
685]- Ní mhairfeadh éideadh ná each
ná feilm loinnearrdha líneach
ná beirt mhaothghorm tsróill ngloin
ná saorchorn óir ildealbhoigh.- Dá measdaoi maith an domhuin
690] as sé críoch a gcualubhair
ní bhí acht an moladh a-mháin
ní don domhan acht díoláimh.- Maith an ceannuighe an té tug
bláth diombuan dúisgeas formud
695] fada ón bhláth tocht a thoraidh
ar sgáth mholta mharthonaigh.- Maith an ceannuighe an fear fuair
ar bhréig ndiomolaidh ndiombuain
díoghrais mholta buain bhaluidh
700] a n-uair obtha dh'ealadhuin.- Maith an ceannoighe cheandchas
an uair as mhó an maitheamhnas
an maitheas ar a mbí a bhrath
nó an ní chaithios do cheanduch.
705]- Do bhí dh'echt ar Ó nEadhra
do thaobh a ghlun ngeineamhna,
fir neamhdhochda nar náir cruth,
deaghmholta cáigh dho cheannuch.- Ní fhuigheadh Cormac mhac Cein
710] córuide in éigse dh'óighréir
tráth as neamhdhaoire ná a-nos
na deaghlaoidhe ó chách cheandchos.
- As sé a bhfoil ar feadh Bhanbha
oirne ag iaroidh ealaghna
715] d'uaislibh chláir bhraoincheannsa Bhreadh
aoinphearsa a-mháin an mhíleadh.- Céd urdoil a bhfuighthi a-niodh
ar ghrés fromhtha na bhfileadh
rachaidh orthoibh uair oile
720] ó onchoin Bhruaigh Bhóroimhe.- As sé an uair as saoire soin
's as teirce a-tá gá iarroigh
sgotha dána gnénuaidh ghloin
énuair as chára a charrthoin.
725]- Ó a-tá in dán neamhdhaor a-niodh
biaidh lin nach éidir dh'áireamh
ma slán tarngortaigh Chláir Chrot
d'aghmholtaibh cáigh ag Cormac.- Biaidh oirchill re haghaidh cáigh
730] an uair as usa a bhfagháil
d'éis taisdioluigh tholcha Breadh
d'aisgeadhaibh fromhtha Féindeadh.- Maith fear do-rinde roimhe
thallód a dtús aimseire
735] oireichil a samhla sin,
roibheithir chalma Chaisil.- Do-rinde Modh Néid nárach
a hsindsior maith mórdhálach,
rí Mhoidhe coirmtheinn Chodhoil,
740] oircheill oile a ionshamhoil.
- Do-chonnairc fís fada ó hsin
ríoghan Mhodha Néid neimhnigh,
'n-a hinnisin ro bhí brígh,
indisidh í dhon airdrígh.
745]- Tarfás don mhnaoisin Mhodha
seacht mba binne bláthmhara
da-chí an fionnchrodh soiléir seang
a dtiomchol oiléin Éireann.- Tarfás fós dí 'n-a dheaghaidh
750] ón bhuar shuaithnidh shítheamhail
gach magh fionn collbhán corcra
lomlán do lionn leamhnochta.- Tarfás dí a ndiaigh na tána
seacht mba eile urghránna;
755] adhbhur teadhma teacht orrtha
na seacht seanbha siabhurrtha.- Go bhfuighlibh goirte garbha
go n-adhurcaibh iarnamhla
fraoch orra mar ealtoin sgean
760] go ndearcoibh tolla teineadh.- Nír fagbhadh leadhb ar láthair
don tánaigh óig iongnáthaigh
ón tána cheinnmhir chalma
ngránna neimhnigh nathardha.
765]- Breath na haislinge ass é a fhíor,
rug Dearg Damhsa, draoi an airdríogh
an bhreath chathardha dar chreid
a ratharbha asd-teach táinicc
- A-dubhairt an draoi 'ar dtosaigh
770] as siad na seacht gcédbhasoin
seacht mbliadhna lomlán lachta
comhlán riaghla is ríoghachta.'- 'As iad bhós na ba oile
seacht ndaoirbhliadhna docroidhe
775] tír na ccuan mbailbhlindte mbind
budh tuar aidmhillte dh'Éirinn.'- 'Íosoidh bean a mac da muin
sénfoidh an t-oighre an t-athoir
fa chlár séimhsheang na sreabh nglas
780] ar feadh Éiriond re hocras.'- 'Déntar uaibh' ar Dearg Damhsa
'oirichil mun adhbhursa
na céidbhliadhna suil tí as-tteagh,
a ri géigniamhdha Gaoidheal.'
785]- 'Ná gabh ad chíos ná ad chánoigh
ó Leith Mhogha mhórdháloigh
fan gcrích móir mbraoincheinnfhinn mbuig
aoinphinginn oir ná airgoid.'- 'Ná gabh ó chách ad chíos ríogh'
790] do ráigh ollumh an airdríogh,
'a ghríobh fhial mhoighe Mumhan,
acht biadh uile d'éanmhonadh.'- Gach ní dhá ndubhairt an draoi
re rígh Áine an fhuinn ghégnaoi
795] do aontoigh é go humhal,
sé d'aontoil an ollumhan.
- Tiad Muimhnigh dá bhfógra féin
do mhac an airdríogh d'éinmhéin
'n-a mbróin chóirighthe um Chuan Dor
800] do luadh fhóirithne a n-easbhadh.- Tugsad umhla dh'Eoghan Mhór
d'éis a dtírtheadh do thionól;
don tslógh fa robhuidhe a riar
Conoire Mór is Maicniadh.
805]- Do bhí an Mhumha fa Mhodh Néid
mar bhíos eadchrann ós fhoighéig
fá cheandoighiocht bídh tre bhioth
don tseangoireacht mhín Mhuimhnioch.- Feirrde a shíol ó shin a-lle
810] nar an re ham na daoirse,
cneas taobhthondghlan dá ttráidh muir,
saorchonnradh cháigh do cheandoigh.- Aithris ar Modh Néid do-ní
Cormac Ó hEadhra in t-airdrí,
815] dias dar dual fochondmhadh Fáil
fa shochonnradh uan d'fhagháil.- Mac Céin nar chaomhain doibheart
cóir a chor re ceannoigheacht;
bláth fpóir sheangfhola Shadhbha
820] ceandoighe óir ealaghna.- Do ghrés glan fhileadh bhfromtha
tarla sonn séan gconnortha
dá shuil chuirr mhongfhabhruidh mhir
ó ollamhnoibh fhuinn Éimhir.
825]- Go lá an bhráich biaidh ar marthain
'n-a bharr shéin is shobharthoin
don tslógh ó bheannuibh Bladhma
ar cheandoigh d'ór ealadhna.- Feirdi an tráth tug dá aire
830] riar éigeas Fhóid Laoghaire,
cion gach aonduine ar ndol dí;
crodh gan aodhuire an éigse.- Peandocht éigeas innsi Fáil,
beannocht naomh Éireann d'éanláimh
835] luach a cheannoighthe as sé soin;
beandoighthe an té le a ttuilltir.- Ar mhac Céin cheannchas molta
do thuit bail na beannochta
ó thrácht mhaothbhuinn réidh rathmhair
840] go céibh gcraobhthruim gcomharthaigh.- Ní mó a-niodh ná 'n-a naoidhin
dúil cháigh 'n-a chruth fhorbhfaoilidh;
fuair sgath Luighne 'n-a leanabh
rath nach oighbhi ar eileaghadh.
845]- Do fagbhadh é a n-aois leanaibh
ar mbuain a ghég ngeinioluigh
gan aipdhioghadh dá ghruaidh ngil
'n-a mhaicleanamh uair éigin.- Ní raibhe caomh ná cara
850] dílios don óg armthana
sé a aonur a na n-aghuidh,
sé a mbaoghal gá bhiodhbhadhaibh.
- Do beanadh a dhúthchus de
do beanadh bhós a bhráithre
855] go raibhe saor Thighe Táil
'n-a aon d'fhine ar n-a fhágbháil.- Beantair seilbh Luighne as a láimh
an tráthsoin truadh in diombáigh;
tógoibhthear an té nar dhligh,
860] fógairthear é re haimsir.- Bliaghain ar fhichid don fhior
nar shuigh sósar ná sinnsior
do shíol gCéin 'n-a n-áitibh ann
gur áitigh féin an fearand.
865]- Táinig san senágh síol mBloid
fíoch Cormoic in tan tánoig
cland Chéin asd-teach ní tugadh
a mbreath féin go bhfuarudar.- Ésga lán an leithe theas,
870] ní lughoide fuair flaitheas
sé d'fhágbháil 'n-a aon d'fhine,
an chraobh ógnáir oirnighe.- Ní dheachaidh ag aoinneach air;
dar leat as leis do bhádair
875] a raibhe a n-aghaidh an fhir
ag faghail fhola hÉimhir.- Mó ná rath do rígh Luighne
cáin an tíre tonnghuirme
d'éis na bhfearchon ó Thigh Tháil
880] do neamhthoil gach fhir d'fhagháil.
- Nír thioghluic Dia roimhe riamh
a bhus ná a Mumhoin Mhaicniadh
rath an ríogh dh'aoinneach eile
do shíol daoineach Dairine.
885]- Tús ratha rogha dealbha
fríth leis a lló a gheineamhna,
sduaigh dhédnuaighe brodha Breagh,
rogha cédbhuaidhe an Choimgheadh- Fríth dealbh Chormoic ón Choimgheidh
890] d'égcosg agus d'fhorfhuighlibh;
ó run dil go dreich ngairthe
do bhreith Fhir a n-ordoighthe.- Ó thrácht puinn go céibh gcaisghil
ní bhí ball dá bhalloibhsin,
895] rí an tsluaigh ó Gháiridhe ghil,
gan bhuaidh áiridhe éigin.- Buaidh lúith ar an mbonn mbántais
nach léamhoid lucht gabháltais,
buaidh gach fheadhma ar an mbais mbáin
900] dearna thais acht a tteagmháil.- Buaidh mbreithre ar an mbél gcorcra,
dá ttig buaidhreadh bantrochta;
buaidh gcéille ar an gcroidhe mhear
ag céile Mhoidhe Maisdean.
905]- Tarrla dhó ó Dhia nimhe
buaidh bhfírinne is bhfoisdine;
fuair a ttighibh na togha
buaidh n-einicch is n-eangnamha.Maith an