- An áil libh seanchus síl gCéin
go mbeirthior iad go héinfhréimh?
ar ghlainchineadh Éimhir Fhinn
220] caithfidhear déinimh díchill.- Nó an áil libh go leigthi as
an tobur feasa fuarus
ar coibhnios mhíleadh Mumhan
fírshreabh dh'fhoilcheas ealaghan.
225]- Geall na druinge as dó tugadh
an t-Éimhior ór fhásodar;
samhoil lóchroinn bhradha Breadh
ní rabha ar mhórchloinn Mhíleadh.- Ní tháinig luach Éimhir Fhind
230] idir Easbáinn is Éirinn,
d'fhuil ríogh na fine dá bhfuil,
do shíol Bile iná Bhreoghuin.- Leis tángadur go fiadh bhFáil
na meicsin Mhílidh Easbáinn;
235] Clár Té do lingsion tar lear,
a ssindsior do b'é Éimhear.- Ceithre meic ag Éimhior Fhionn
do ghabh airdcheannus Éirionn;
díol san ceathrursoin nír chin
240] do hsíol mhearchobhsoidh Mhílidh.
- Do-chuadur as dá éis sin
acht Conmhaol mór mhac Éimhir,
gan chloinn d'fhágbháil na n-áitibh
don droing ógnáir iomráidhtir.
245]- Conmhaol mhac Éimhir na n-each
an céidrí don chath Mhuimhneach,
dar téagrudh teach a dTeamhraigh,
fear far édmhur ingheanruidh.- Tríocha ríogh dh'éis ar-oile
250] a-tá san réim ríoghroidhe
ó Chonmhaol go Brian na mBeann
dá chomhghaol ar fhiadh n-Éireann.- Dias d'easbhoidh dá fhichead fear
do shliocht Éimhir mheic Míleadh
255] fa ráith gcloidhfhinn dtaidhbhsigh dTruim
go haimsir Oilill Óluim.- Ó Oilill mhac Eoghoin Mhóir
go hÉimhior na n-arm ndeargóir
sluadh Breadh na saorchroidheadh séimh,
260] aoinchineadh rob eadh iaidséin.- Sliocht comhramhach Éimhir Fhinn
sgaoilid ainnséin ag Oilill
ní dho mhédoigh a meadhair
a dtrí gégoibh geinealoigh.
265]- Naoi meic dég áirimhthior and
do chloind ag Oilill Ólam;
ní fhoil díbh, dá leanta liph,
acht sleachta trír re a dtuirimh.
- Mo chin tárruidh an triar mac
270] Eoghan is Cian is Cormac;
trí haithriocha fhear n-Eamhna
glainchleatha feadh bhfíneamhna.- Sliocht Eoghoin nar éimhigh troid,
cland Charrthoigh 's gach gné a ngabhoid,
275] mór ann nach inleanta air,
is minshleachta chlann gCarrthaigh.- Sinnsear shil mBriain teas is tuaidh
Cormac mhac Oilill armruaidh;
clann an éanathur crú Cais
280] dan dú férachudh Forghais.- Cian mhac Oilill an fhuilt tslim
aonmhac dob óige ag Oilill;
geall cáigh as dósan dleaghar
sósar dhar chóir creideamhuin.
285]- Nír dhealbh Dia a gcomhmaith do chloinn
clann Chéin mheic Oilill Óluim;
laoich bhoschorra dá bhfiar fiodh
orsonna gliadh na nGaoidhiol.- Seacht meic dhég ag Cian chalma
290] 's nír áitigh a atharrdha
dá chloind act aonmhac uile,
saorshlat don choill cubhroidhe.- Tadhg mhac Céin nar chogoil crodh
ar sliocht Taidhg a-tá in ríoghrudh
295] fa chlár bhféardhomhuin na bhFionn,
's a lán d'éarlomhuibh Éirionn.
- As sé Tadhg féin fuair a gcath
na trí Luidhne ó fhlaith Teamhruch
's ní ar ór ná ar chomha gcruidh
300] acht lógh a fhola d'fhearthoin.- Dá mhac Taidhg na mbarc mbeannach
Connla is Cormac Gaileangach;
dias ór shíoludur clann Chéin,
dá ríomhogol chrann gceinéil.
305]- As siad clann Chonnla mheic Taidhg
síol cCearbhoill an chláir mhíonaird,
fiodh tromthoraidh chrann gcorcra,
's clann Chonchobhair Chiannochta.- Sluadh Luidhne nar loc iomuidh
310] clanna Cormaic Gailiongoigh;
fir chéimleasga do chóir reann
éinfhleascca óir na hÉireand.- Cormuc Gailionguch do ghabh
ó Mhuidh Mharr go Moidh Thuireadh;
315] ó hSliabh Muire go Madh Mharr
do ghabh an uile fhearantt.- Cormac Gailiongach do ghabh
ó Loch Laoidh go Loch Oirbhsion;
ó Loch Oirbhsion don taoibh thoir
320] nír thoirnsion go Baoill mbraonoigh.- Aonmhac do chloinn ag Cormuc
dhar ainm Laoi na leaphurghlac;
an mac dhá oirbheart nír an
gur ghlac oighriocht a athur.
325]- Dá mhac ag Laoi na lann ngéur,
Nia Corb saorchlannda Seisgnén,
géga síodhamhla ón Mháidh mir
dá ríodhamhna cláir Chaisil.- Aonmhac ag Nia Corb na gcath
330] dar ainm Art airgtheoir Teamhrach;
fiche bhliadhuin fuair an fear
d'uain ar giallaibh na nGaoidheal.- Naoi mbliadhna dég na diaidh sin
dá mhac ós cionn a chinidh;
335] rí mar Art Fiodhchoire fionn
's ar iothmhoire gort Gailiong.- Bliaghoin ar fhicheid oile
fuair Figeann mhac Fiodhchoire;
do ghabh an tír a dtarrla
340] seal 'n-a rígh gan fhreasabhra.- Ar chrích Luidhne ó bheinn go beinn
leanus Nad Fraoich mhac Figeinn
dá bhliadhoin déag mar dearur
riaghoil a ghég ngeineluigh.- 345] Brénoinn mhac Nad Fraoich na bhfleadh
'n-a rígh dhar chosmhoil creidiomh
lá is bliadhoin gan bhéim dá brath
do réir fhiadhan na n-eoluch.- Fionnbharr mhac Brénuinn do bhí
350] an t-airdeasbag an t-airdrí
lór na críocha d'fhiadhoin air
tríocha bliadhoin ar bliadhoin.
- Fuair Diarmoid mór mhac Fionnbhairr
críoch Luidhne an fhóid oireardhuinn
355] sgoth gach riaghla ré an churadh
sé bliadhna gan bhaodhlughadh.- Fiche bliadhoin tuaidh is teas
fuair Ceann Faoludh in flaitheas;
slat sheilbhi in fhíonfhuinn aga,
360] eighre díoghoinn Diarmada.- Taithleach mhac Cinn Faoludh fuair
ríoghdhacht Luidhne in fhóid ionnfhuair,
ré a theasda a gcianoibh do chor,
seascca bliadhoin gan bhearnadh.
365]- Fuair Flaitheas trénmhac Tailtigh
seal do Luidhne longphoirtghil,
nír chumhngoidh nír aidhbhsigh air,
urdoil d' aimsir re a athair.- Níor dúnudh doras leasa
370] fa Bhéuc fialmhac Flaitheasa,
céd bliadhoin ag comhdha cheall
ós fhiadhoibh gorma Gailioncc.- Saorghus mhac Béic na mbeann n-óir
ríoghthor le cách a gcédóir;
375] bliadhoin go leith ós Luidhne
do chleith mhiadhoigh Mhodhuirne.- Do Luidhneas leis dob usa
fhuair Eaghra mhac Saorghusa
deich mbliadhna don chlár chorcra
380] fa lán riaghla ios ríghdhochta.
- Tionnsgnus Madhnus mhac Eadhra
mairg talamh dhar tighearna
sealbha ar na críochoibh do chor
do mhíothoil Eadhra a athor.
385]- Tug a mhallucht do Mhadhnas
Eadhra na n-arm ufaobharchclas;
nír chaith d'uain achd énlá ann
térná suil fuair an fearann- Céd bliadhoin dóibh 'n-a dheaghaidh
390] ar feadh thrí nglún ngeinealoigh,
gan ainm ríodhamhna gan rígh
ó mhaidhm fhíorfhaghla iss eisíodh.- Gur ghabh Aodh in fhuilt chleachtoigh,
mheic Tailtigh mheic Mhuircheartaigh,
395] ceannus slóigh an ghormfhuinn ghlais
mheic Domhnoill Mhóir mheic Madhnuis.- Dá bhliadhain ar fhichid d'Aodh
ós Luidhnibh na learg bhfionnchaomh;
is rígh ciallghlan dar cáir geall
400] ag riaghladh cáigh go coitcheann.- Conchobhar mhac Aodha ar-ís
ní raibhe a dhreach mar dhoinngrís
rí budh neamhthláithe fa nimh
acht trí leathráithe ar Luighnibh.
405]- Más fíor ní raibhe a riaghoil
ar chrích Luighni acht leithbhliadhoin,
Aodhmhac Conchobhair na gcath,
saorshlat tromthoruidh Teamhrach.
- Trí ficheid bliadhoin do bhí
410] Diarmoid mhac Aodha, in t-airdrí,
rí gan mhaothchroidhe ar cionn chreach
ós cionn laochroidhe Luidhneach.- Mac Diarmuda na nduas ttrom
rí dar ainm Art na gCapoll,
415] ceithre ríbhliadhna clann Chéin
gá bharr sírniamhdha soilléir.- Fiche bliadhoin druim ar dhruim
fágbhus Art, athair Domhnoill,
ríghe an chláir thaobhghormdhuinn tigh
420] ar láimh chaomhDhomhnoill Chléirigh.- Seaán Mór, an dara mac,
fuair eighriocht Airt gan iomlat
lór a méd do riaghoil ríogh
dá bhliadhoin dég gan dimbríogh.
425]- Ocht mbliadhna ar thríochoid tárroidh
mac Domhnoill shaoir shoghrádhoigh,
rún neamhfhallsa do thuair tol,
an fearannsa fuair Fearghol.- Tadhg mhac Fearghoil, flaith na sgol,
430] ar fheadh dá fhichead bliadhan,
fonn sámh na seanaibhniodh tte
ós chlár leaphuirghel Luighne.- Fuair seision Seaán Buidhe
mhac Taidhg, triath na ríoghraidhe
435] lór a loighiod dá ghruaidh ghloin
oiriod a bhfuair an t-athoir.
- Fiche bliadhoin ós cionn cháigh
Tomultuch, saormhac Seaáin,
naoi mbliadhna fa dhó a-dearar
440] cló a riachcla iar n-a réidheaghadh.- Muircheartach, a mhac eile,
cúig bliadhna fhuair dh'áiridhe
ag díon Luighne na learg sean,
ceard budh duilghe do dhéineamh.
445]- Síol gCéin do Chormac do chreid
bliaghoin teasda do thríochoid
an tslat oirbheartach fhortoil
mac toirbhiortach Tomoltaigh.- Nír goireadh do Ruaidhrí rí
450] ná do Mhadhnus mhac Ruaidhrí
gér leo freagra fear Mumhan
d'eagla a hsean do hsárucchadh.- Ochd mbliadhna 's a cúig re chois
gobhais Oilill mhac Madhnois
455] rí fíre gan fhích gan fhell
ríghe na gcríoch go coitcheann.- Aoinbhliadhoin dég thoir is tiar
ar sheilbh Sheaáin mheic Uilliam,
do shluadh Luighni an chláir chorcra,
460] buighni nar dhóidh dánochta.- Cian mhac Oilill nar dhiult dáimh
nír an re hinmhi d'fhadháil;
a dtighearna in tann do thuit
nír infheadhma cland Chormuic.
465]- Reimheas Taidhg mheic Céin chródha
ceithre bliadhna bladhmhóra,
ré lán fa tairthighe trádh
in flaithbhile ó chlár Chollán.
[...]
470]
[...]
[...]
[...]- Ríoghthor le cách a gcinn trill
Cormac mhac Céin mheic Oilill;
475] téid ann a n-áitibh a hsean
do ráidhtibh Gall is Gaoidhiol.- Áitighthear críoch Luighni lais
idir thuaith uile is eaglois;
tír mhilis na bhfonnbhrat bhfionn
480] tilis Cormac go coitchiond.- Cuiris gach aon na áit féin
d'oireachtoibh sleachta saoirChéin;
fógairthear tar ais na huilc
tógoibhthear lais a longphuirt.- 485] Taibheochaidh cóir a chinidh
ar chairdibh ar choillidhibh;
oirbheart caithleomhain chrú Céin
do aithbheodhaigh clú a cheinéil.- Tionóiltear leis a leauoir
490] do thúr a ghég ngeinelaigh;
gach diamhair dá fhréimh roimhi
iarroigh san réim ríoghroidhi.
- Seanchairt chíosa cláir Luighne
ar ndul uatha ar égcuimhne,
495] go mbí 'n-a glanchartoigh ghil
athghlantoir í dá oighribh.- Iomdha ceart ar a chrích féin
ag codhnach fhréimhi ríChéin;
cóir dá ghruaidh natharrdha náir
500] uain na hatharrdha d'fhadháil.- Beag nar rudhruigh sé mar sin,
naoi gcéd ar ceithre bliadhnaibh
a-tá Luighne fa chloind Chéin
na buighne nar thuill toibhéim.
505]- A lloss chatha agos chogoidh
fríth an fearann fuarodar
beag nach fairbríogh cor 'n-a gceann
is do thoil airdríogh Éireand.- Nír bheag dho Chormac mar chóir
510] dá bhféchdaois cách a gcéduir
a mhéd d'anbhuain fhuair impe
'n-a sduaigh armruaidh innillte.- Maith an chairt ar crích a shean
a bhfuair dh'ulc ó aois naoidhean,
515] ag dortadh a chrú fa a ceann
gur nochtadh do chlú a chéimeand.- Críoch Luighne na learg ngairthe
fa bhréid sladtoch sároighthe,
tar ceand gach cogoidh dar chuir
520] gur thogoibh cheand dá chartoigh.
- A-tá sí ó soin a-lle
'n-a haonchlár hsuaimhneach shídhe
gan ghoimh gan fholuidh gan fhích
gan toil d'fhoghoil ná dh'eissíoth.
525]- Do leasoidh an lámh do loit,
críoch Luighne re linn Cormuic,
tír í dá dtérnó a teimhiol
sí a n-énló dho háiteighiodh- Ní tháinig ó Thadhg mhac Céin
530] go mac Úna dá fhírfhréimh
clú a hsean ón ghasroidh dho ghlac
fear budh casmhoil re Cormac.- Do bhádur a gceas chumhadh
síol gCéin, mar do-chualubhar,
535] gur fhás an bile ó thigh Tháil
do-bheir dá fhine a n-anáil. An ail- Is dá tochmharc tús ratha
mac Céin d'adhbhur ardfhlatha,
fuair sa céidchéile do char
540] a n-uair éidtréine dh'iomchar.- Máire inghean Mhaoil Mhuire,
gnuis ríoghdha, run geanmnoidhe,
bean ós mhnáibh braonbhrodha Breadh,
aonrogha cháigh dá chiniodh.
545]- Tarrla do Chormac mhac Céin,
dá measdar í a ngach aoinchéim,
ar dtogha na fréimhe ó bhfoil
rodha chéile do charthoin.
- A bhfuil reimpe suas dá sliocht,
550] a-tá in chlú aca i n-eighriocht
seilph na heighriochta as dóidh dí
tar mnáibh seinshleachta Suibhne.An ail libh.