Scéim na dTeaghlach

I rith an tSamhraidh, cuirtear Dún Chíomháin ar fáil mar ionad inar féidir le baill foirne agus lena dteaghlaigh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus caidreamh a dhéanamh le pobal a labhrann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga.
Isteach is amach le fiche teaghlach a bhíonn páirteach de ghnáth agus cuirtear ar siúl é ó thosach Meithimh go deireadh Lúnasa. Caitheann siad seachtain amháin de ghnáth sa Dún. Le cabhair chuntóra teanga, glacann siad páirt i saol na Gaeltachta i slí thairfeach thaitneamhach.
Má tá suim agat fanacht sa Dún tá fáilte romhat bualadh isteach go dtí Oifig na Gaeilge Labhartha agus foirm iarratais a bhailiú.