Scéim na Scol 2021/22

Réamhrá
Is ann don Scéim chun tacaíocht an Choláiste le meánscoileanna lán-Ghaeilge a chur in iúl, chun saol U.C.C. idir acadúil, ghaelach agus shóisialta a phlé le ranganna sinsearacha na scol san agus chun mic léinn a mhealladh go dtí UCC.
Ní raibh deis againn dul ar cuairt chuig na meánscoileanna i mbliana is baolach, de bharr na paindéime.
An méid sin ráite, dhein baill foirne agus cúpla mac léinn físeáin ag cur síos ar shaol na hOllscoile.
Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh agus tairfe astu.
Claire Ní Mhuirthile
Comheagraí na Scéime
Is iad na scoláirí atá ag caint sna físeáin ná:
2021/22
- Eileen Ní Chléirigh a d'fhreastail ar Chnoc na Labhrás, Cathair Luimnigh
- Sadhbh Ní Lionáird a d'fhreastail ar Choláiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Darragh Ó Caoimh a d'fhreastail ar Choláiste Treasa, Ceann Toirc, Co. Chorcaí
- Laoise Nic Íomhair a d'fhreastail ar Mheánscoil San Nioclás, Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
2020/21
- Oonagh Ní Mhuirí a d’fhreastail ar Choláiste Íde, An Daingean, Co Chiarraí
- Pádraig Ó hAinféin a d’fhreastail ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co Chiarraí
- Felicity Ní Mhaoldomhnaigh a d’fhreastail ar Ghaelcholáiste Luimnigh
- Caitríona Ní Chonaill a d’fhreastail ar Choláiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co.Chorcaí
- Sadhbh Ní Lionáird a d'fhreastail ar Choláiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co, Chorcaí