Imeachtaí Poiblí

Socraíonn Ionad na Gaeilge Labhartha gach sórt imeacht Gaeilge agus iad dírithe ar phobal na hollscoile féin, ar mhuintir na cathrach agus ar phobal an chontae máguaird.
Bíonn cainteanna agus léachtaí poiblí, oícheanta siamsaíochta, ceoil agus drámaíochta sa Seomra Caidrimh sa seomra ranga ORB G01 agus in áiteanna eile chomh maith.
Baineann An Chuallacht, An Cumann Drámaíochta agus Cumann an Cheoil Thraidisiúnta úsáid as áiseanna an Ionaid go tráthrialta chun a gcuid imeachtaí a eagrú.