Áine Ní Ghadhra

Is as Chontae Chorcaí í. D'fhreastail sí ar Mheánscoil Naomh Muire, Mainistir na Corann agus do dhein sí cúrsa dhá bhliain sa CIT. Thosnaigh sí ag obair in Ionad na Gaeilge Labhartha sa bhliain 1998.

Tá suim mhór aici i ngach saghas spóirt agus go háirithe sa pheil. Tugann sí tacaíocht do Arsenal, foireann atá bunaithe i Londain. Téann sí sall chun iad a fheiscint trí huaire gach bliain. Téann sí go dtí na cluichí Gaelacha chomh maith.  Chomh maith leis sin téann sí ag siúl gach lá. Tá sí ina ball don Mardyke Arena agus téann sí ag snámh gach tráthnóna tar éis na hoibre. Is maith léi gach saghas ceoil agus téann sí go dtí roinnt ceolchoirmeacha i rith na bliana.

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr