Gearrchúrsa i mBunscileanna an Aistriúcháin

Achoimre ar an gCúrsa
- Déanfar iniúchadh sa chúrsa seo ar aistriú téacsanna éagsúla, ina measc, tuarascálacha, litríocht, treoracha, téacsleabhair scoile, paimfléid, comharthaí srl.
- Féachfar ar mhionphointí gramadaí a bhaineann go dlúth le ceird an aistriúcháin. Scrúdófar an Caighdeán Oifigiúil, an stair a bhaineann leis agus na hathruithe atá tagtha ar an bhfód le déanaí.
- Múinfear roinnt scileanna eagarthóireachta.
- Pléifear cúrsaí stíle, mar shampla béarlachas!
- Tabharfar léargas chomh maith ar na foinsí atá ar fáil don aistritheoir, go háirithe iad san atá ar líne (tearma.ie agus focloir.ie…)
- Ní gá go mbeadh taithí ag rannpháirtithe an chúrsa seo ar an aistriúchán féin ach tá ardchaighdeán Gaeilge idir scríobh agus labhairt riachtanach le haghaidh an chúrsa seo.
Sonraí Teagmhála
Brian Ó Donnchadha,
Riarthóir an Chúrsa,
brianod@ucc.ie.