Cúrsa Comhrá do Mhic Léinn le Spéis sa Bhunmhúinteoireacht

Achoimre ar an gCúrsa
Beidh an cúrsa idirghníomhach seo dírithe ar na nithe seo a leanas:
- Comhrá líofa, soiléir a dhéanamh as Gaeilge.
- Eolas ar shaol na Gaeilge a chur ar fáil do na scoláirí.
- Eolas a chur ar fáil maidir leis na scrúduithe cainte Gaeilge a bhíonn ann don bhunmhúinteoireacht.
|
---|
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2022
Dátaí an Chúrsa: an tseachtain dár tús 26 Meán Fómhair 2022 – an tseachtain dár tús 14 Samhain 2022* (uair a chloig gach seachtain ar feadh 8 seachtaine). Cuirfear ceist ort maidir le do thráthchlár ar an bhfoirm iarratais. Déanfar gach iarracht rang a shocrú duit ag am atá oiriúnach duitse.
Suíomh: Beidh na ranganna seo ar siúl ar an gcampas.
Spriocadháta: Déardaoin 22 Meán Fómhair 2022 ag a 5.00pm.
Eolas Maidir le do Rang: Beidh an rang seo ar siúl gach Déardaoin 12-1pm.
* Cuirfear rang breise ar siúl do scoláirí a chaillfidh amach ar rang de bharr lá saoire bainc.
Táille
€30.
Cláraigh
Tá an clárú thart anois don bhliain acadúil 2022/23.
Sonraí Teagmhála
Karol Coleman,
Riarthóir an Chúrsa,
k.coleman@ucc.ie