Cúrsa Gramadaí do Mhic Léinn

Achoimre ar an gCúrsa
Múinfear an cúrsa seo trí mheán na Gaeilge amháin.
Déanfar trácht mar chuid den gcúrsa ar an méid seo leanas:
- An t-ainmfhocal
- An Chopail
- Na tuisil
- Iolraí
- An aidiacht
- Uimhreacha
- Réimíreanna is iarmhíreanna
- An Séimhiú
- Cúrsaí foclóra, 7rl
Tá an cúrsa seo ar fáil do scoláirí le Gaeilge mhaith is le spéis faoi leith i ngramadach na Gaeilge. |
---|
Sonraí an Chúrsa - Earrach 2023
Dátaí an Chúrsa: an tseachtain dár tús 6 Feabhra 2023 – an tseachtain dár tús 20 Márta 2023* (uair a chloig gach seachtain ar feadh 7 seachtaine). Cuirfear ceist ort maidir le do thráthchlár ar an bhfoirm iarratais. Socrófar an rang seo ag am atá oiriúnach d'fhormhór na scoláirí.
Suíomh: Beidh na ranganna seo ar siúl ar an gcampas.
Spriocdháta: Dé Luain 30 Eanáir 2023 ag a 10am.
Eolas Maidir leis an Rang: Seolfar ríomhphost chuig do chuntas Umail maidir leis an rang atá socraithe ar an Máirt, 31 Eanáir 2023 nó roimhe sin. Má tá an t-am seo oiriúnach duit, beidh tú ábalta díol as an gcúrsa leis an nasc a bheidh sa ríomhphost seo.
* Cuirfear rang breise ar siúl do scoláirí a chaill amach ar rang de bharr lá saoire bainc.
Táille
€30.
Cláraigh
Na céimeanna bainteach leis an gclárú ar líne:
- An fhoirm iarratais thíos a líonadh amach. Beidh ort logáil isteach ag baint úsáide as an ríomhphost umail de chuid UCC agus an pasfhocal atá agat chun teacht ar an bhfoirm iarratais.
- Gheobhaidh tú ríomhphost maidir leis an rang atá eagraithe ar an Máirt, 31ú Eanáir 2023 nó roimhe sin.
- Má tá an t-am seo oiriúnach duit is féidir leat úsáid a bhaint as an nasc a bheidh sa ríomhphost seo chun díol as an gcúrsa.
Ní féidir linn spás a choimeád duit go dtí go mbeidh na céimeanna seo comhlánaithe ina n-iomláine.
Má tá aon fhadhb nó aon cheist agat maidir leis an gclárú is féidir ríomhphost a sheoladh chuig k.coleman@ucc.ie.
Muna féidir leat an fhoirm iarratais a fheiscint is féidir brú anseo chun teacht air.
Sonraí Teagmhála
Karol Coleman,
Riarthóir an Chúrsa,
k.coleman@ucc.ie