Cúrsa Gaeilge do Mhic Léinn

Achoimre ar an gCúrsa

Cúrsa idirghníomhach sa Ghaeilge labhartha is ea é seo atá ar fáil do gach mac léinn atá ag freastal ar COC.  

Beidh an cúrsa seo dírithe ar na nithe seo a leanas: 

  • Comhrá líofa, soiléir a dhéanamh as Gaeilge.
  • Eolas ar shaol na Gaeilge a chur ar fáil do na scoláirí.
  • Beidh plé ann maidir le téamaí éagsúla atá bainteach le saol an scoláire féin, saol na hOllscoile, saol na Gaeilge sa choláiste mar aon le scéalta atá sa nuacht.
Tá an cúrsa seo oiriúnach do scoláirí má tá suim acu sa Ghaeilge, má theastaíonn uathu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, má tá spéis acu post le Gaeilge a bheith acu sa todhchaí nó má tá an Ghaeilge acu mar ábhar acadúil anseo sa choláiste.

Níl aon scrúdú le déanamh ag na scoláirí atá cláraithe don gcúrsa seo.  Déantar gach iarracht na mic léinn a chur ar a sáimhín só sa seomra ranga ionas gur féidir leo an Ghaeilge a fhoghlaim ar shlí thaitneamhach.  Cuirfear teastas tinrimh ar fáil do scoláirí a dhéanann freastal rialta ar na ranganna.

Níl an cúrsa seo oiriúnach do ghlantosnaitheoirí.  Brúigh anseo chun teacht ar an  eolas maidir leis na cúrsaí do scoláirí nach bhfuil aon taithí acu ar an nGaeilge.

Sonraí an Chúrsa - Earrach 2024

Dátaí an Chúrsa: an tseachtain dár tús 5 Feabhra 2024 – an tseachtain dár tús 18 Márta 2024* (uair a chloig gach seachtain ar feadh seacht seachtaine). Cuirfear ceist ort maidir le do thráthchlár ar an bhfoirm iarratais. Déanfar gach iarracht rang a shocrú duit ag am atá oiriúnach duitse. 

Suíomh: Beidh na ranganna seo ar siúl i seomra ranga ar an gcampas. 

Spriocdháta: Dé Luain, 29 Eanáir 2024, 2pm.

Eolas Maidir le do Rang: Seolfar ríomhphost chuig do chuntas Umail maidir leis an rang atá socraithe duit ar an nDéardaoin, 1 Feabhra 2024 nó roimhe sin.

* Cuirfear rang breise ar siúl do scoláirí a chaill amach ar rang de bharr lá saoire bainc.  

Táille

€30.

Sonraí Teagmhála

Karol Coleman
Riarthóir an Chúrsa
k.coleman@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr