Cúrsa Oíche sa Ghaeilge Labhartha do Thosnaitheoirí

Achoimre ar an gCúrsa
Cúrsa 20 seachtain is ea é seo. Freastalaíonn an cúrsa seo ar thosnaitheoirí gan aon taithí ar an nGaeilge labhartha.
Tá an cúrsa seo an-taitneamhach. Is ionann é agus ócáid shóisialta, geall leis.
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2022
Is gá freastal ó 7.00pm go 9.00pm ar an Luan. Cuirfear tús leis an gcúrsa ar an 26 Meán Fómhair 2022.
Beidh an cúrsa seo ag brath ar dhóthain éilimh a bheith air.
Táille
€250 (€200 ráta ar leith).
Cláraigh
Seol an fhoirm seo chuig Ionad na Gaeilge Labhartha (g.labh@ucc.ie) faoi 29 Lúnasa 2022 ar a dhéanaí má tá suim agat clárú don gcúrsa seo.
Sonraí Teagmhála
Isobel Ní Riain,
Riarthóir an Chúrsa,
i.niriain@ucc.ie.