Cúrsaí Oíche sa Ghaeilge Labhartha

Achoimre ar an gCúrsa
Freastalaíonn na cúrsaí seo ar dhaoine a bhfuil líofacht áirithe acu sa teanga agus orthu siúd atá ar bheagán Gaeilge chomh maith.
Cuirtear an-bhéim ar ghnáthchomhrá - ar shealbhú múnlaí coitianta, ar líofacht agus cruinneas a fheabhsú agus ar leathnú foclóra.
Bíonn na cúrsaí seo an-taitneamhach. Is ionann iad agus ócáidí sóisialta, geall leis.
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2022
Is gá freastal ó 7.00pm go 9.00pm oíche amháin sa tseachtain agus bíonn na ranganna ar fáil ar an Luan, ar an Máirt nó ar an gCéadaoin. Ní féidir a rogha oíche a thabhairt do mhic léinn is baolach. Cuirfear tús leis na ranganna seo an tseachtain dár tús 26 Meán Fómhair 2022.
Táille
€250 (€200 ráta ar leith).
Cláraigh
Seol an fhoirm seo chuig Ionad na Gaeilge Labhartha (g.labh@ucc.ie) faoi 28 Lúnasa 2022 ar a dhéanaí.
Sonraí Teagmhála
Isobel Ní Riain,
Riarthóir an Chúrsa,
i.niriain@ucc.ie.