Cúrsa Oíche do Mhúinteoirí

Achoimre ar an gCúrsa
Cur síos ar an gCúrsa
Is cúrsa é seo dóibh siúd atá ag múineadh nó gur mhaith leo bheith ag múineadh tré mheán na Gaeilge. Díreofar ar na príomhábhair chainte a bhíonn ar siúl laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, sa seomra foirne agus i dtimpeallacht na scoile. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas na múinteoirí:
(i) ábhar/ábhair faoi leith a mhúineadh trí Ghaeilge
(ii) caidreamh sóisialta a bheith acu le múinteoirí eile agus le daltaí na scoile, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga
(iii) scileanna cainte/scríbhneoireachta/gramadaí a fhorbairt, mar aon le stór focal.
I measc na n-ábhar a phléifear bheidh a leithéid seo:
Tarlúintí i rith an lae (i) Foclóir an ábhair atá á mhúineadh trí Ghaeilge (ii) Caidreamh an tseomra ranga agus an tseomra foirne (iii) Am sosa, am lóin, am saor, imeachtaí scoile (iv) Mothúcháin phearsanta (an dea-mhéin, an buíochas, an gliondar, an míshásamh, an éiginnteacht, an faitíos srl.) |
Tarlúintí i rith na seachtaine (i) Cruinnithe foirne (ii) Cluichí, clubanna (iii) Turasanna scoile (iv) Cuairteoirí, eagraíochtaí, an bhaint idir an scoil agus an tsochaí |
Tá an cúrsa seo oiriúnach do:
(i) ábhair mhúinteoirí
(ii) múinteoirí nua-cháilithe
(iii) múinteoirí atá fostaithe cheana féin i nGaelcholáistí
(iv) múinteoirí a bhfuil fonn orthu cur isteach ar phostanna i nGaelcholáistí nó i nGaelscoileanna
(v) Bunmhúinteoirí ó Ghaelscoileanna
Speisialtóirí
Tabharfar isteach speisialtóirí ins na hábhair éagsúla mar aoí-chainteoirí (múinteoirí a bhfuil sean-taithí acu).
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2022
Beidh an cúrsa 20 seachtaine seo ar siúl gach Luan 7.00pm – 9.00pm, ag tosnú Dé Luain 26 Meán Fómhair 2022.
Táille
€300
Cláraigh
- Foirm Iarratais don Chúrsa do Mhúinteoirí (Meánscoile) 2022/23
- Foirm Iarratais don Chúrsa do Mhúinteoirí (Bunscoile) 2022/23
Seol an fhoirm chuí chuig Ionad na Gaeilge Labhartha (g.labh@ucc.ie) faoi 29 Lúnasa 2022 ar a dhéanaí.
Sonraí Teagmhála
Isobel Ní Riain,
Riarthóir an Chúrsa,
i.niriain@ucc.ie.