Coláiste Íosagáin
I gcomhthéacs dhul chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail is mar ábhar acadúil bheartaigh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh a bheith rannpháirteach i bhforbairt oideachasúil Choláiste Íosagáin. Coláiste Ullmhúcháin do mhúinteoirí faoi oiliúint agus meánscoil do bhuachaillí ab ea é tráth. Tá sé suite i mBaile Bhuirne i lár Ghaeltacht Mhúscraí.
Tá sé i gceist go bhfeidhmeodh Coláiste Íosagáin (CI) mar Mhór-Ionad Láir a dhéanfadh freastal ar Ghaeltachtaí uile na Mumhan, a neartódh agus a spreagfadh iad chun fáis agus chun forbartha.
Leagann an ráiteas aidhme na bunphrionsabail amach chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna seirbhíse táirge. Is ionann é agus dearcadh is cuspóirí Údarás na Gaeltachta agus Choláiste na hOllscoile, Corcaigh araon.
"Beidh Coláiste Íosagáin ina eithne chruthaitheach a nascfaidh le chéile réimsí oideachais agus réimsí oiliúna, an Ghaeilge, an cultúr Gaelach agus an tionscalaíocht chun bonn a chur faoi fhorbairt na fiontraíochta. Agus san á dhéanamh aige, tógfaidh ar bhunáit áitiúil na n-acmhainní nuair is féidir agus déanfaidh cur leis seachas baint de thionscnaimh Ghaeltachta agus réigiúnacha eile atá i bhfeidhm go dtí seo. Comhoibreoidh Coláiste Íosagáin go dlúth le gníomhaireachtaí forbartha agus le grúpaí forbartha mar bhunghné dá chuid oibre. Ach fanfaidh sé mar aonad slán leis féin, lena struchtúr bainistíochta agus lena chistí maoinithe féin."
|
Bainistíocht agus Soláthar Foirne Teanga na hollscolaíochta sa Bhreatain Bheag le Micheál Ó Súilleabháin |
