DPR News

Seimineár Gréasáin leis an gCoimisinéir Teanga

22 Mar 2022

Bhí an-áthas orainn fáilte a chur roimh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go Seimineár Gréasáin ar 22 Márta. Dhein an Coimisinéir cur i láthair an-chuimsitheach do phobal na hOllscoile ar an lá, inar phléigh sé, ar chuma oscailte, fhíorchabhrach, dualgais reachtúla na hOllscoile i leith na Gaeilge mar atá leagtha síos in Acht na dTeangacha 2003 agus na himpleachtaí úra atá taghta i gceist le leasú na bliana seo caite ar an Acht (2021).

Is féidir le baill foirne COC teacht ar thaifead de chur i láthair an Choimisinéara, imeacht a d’eagraigh an coiste reachtúil, Bord na Gaeilge, ar leathanaigh ghréasáin na hOifige um Ghnóthaí Corparáideacha agus Dlíthiúla ag an láthair sharepoint seo a leanas: https://www.ucc.ie/en/ocla/comp/language/. Tá nasc go Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ar fáil anseo agus treoir bhreise de chuid an Choimisinéara ar fáil anseo.

We were delighted to be joined by An Coimisinéir Teanga [the Irish Language Commissioner], Rónán Ó Domhnaill, on 22 March, for an information Webinar focusing on the University’s statutory obligations under the Official Languages Act/Acht na dTeangacha 2003 with regard to the use of the Irish language in official documents, communications, correspondence etc., and in particular on the recent adoption of an Amendment to the Act (2021) in which additions of special relevance to public bodies were announced.  

A recording of the Webinar, which was organised by the UCC statutory committee, Bord na Gaeilge, is now available to UCC staff on the web pages of the Office of Corporate and Legal Affairs at the following sharepoint location: https://www.ucc.ie/en/ocla/comp/language/. A link to the Official Languages (Amendment) Act 2021 is available here and An Coimisinéir Teanga has also published guidance on the Act on his website here.

 

Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir/ Deputy President & Registrar

First Floor, West Wing, Main Quadrangle, UCC, T12 YN60

Top