DPR News

Lá na Scoileanna Gaeilge 2022

1 Jun 2022

Bhí Lá na Scoileanna Gaeilge ar siúl san Aula Maxima i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ar an 1 Meitheamh 2022. Thug an tOllamh Pádraig Ó Macháin, Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha cuireadh do Ghaelscoileanna agus do bhunscoileanna Gaeltachta Chorcaí teacht chun na hollscoile chun an obair thábhachtach atá ar siúl ag na scoileanna san ar son na Gaeilge a cheiliúradh. Chuir Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh John O’ Halloran agus Leas-Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Stephen Byrne fáilte rompu ar an lá.

Eagraíodh turas timpeall an champais agus imeacht oifigiúil san Aula Maxima ina dhiaidh. Bhí óráidí, ceol is ceiliúradh i gceist. Bhí ardlá ag gach aoinne. Ba bhreá le hIonad na Gaeilge Labhartha an nasc speisialta seo atá cruthaithe acu le Gaelscoileanna is bunscoileanna Gaeltachta Chorcaí a neartú as seo amach.

Liosta de Ghaelscoileanna Chorcaí a bhí páirteach:

Gaelscoil Pheig Sayers, Fearann Phiarais

Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa, Baile Féitheán

Gaelscoil Dhroichead na Banndan, Droichead na Banndan

Scoil Abán, Baile Bhuirne

Scoil Naomh Fhionnbarra, Béal Átha an Ghaorthaidh

Scoil Náisiúnta Chléire, Cléire

Scoil Chúil Aodha/Barr D’Inse, Cúil Aodha

Lá na Scoileanna Gaeilge was held in the Aula Maxima in University College Cork on Wednesday the 1st of June 2022. Professor Pádraig Ó Macháin, Director of Ionad na Gaeilge Labhartha [The Centre of Spoken Irish] invited the Gaelscoileanna and Gaeltacht primary schools of Cork to UCC to celebrate the important work these schools do in promoting and developing the Irish language. The President of UCC, Professor John O’ Halloran, and Deputy President and Registrar of UCC, Professor Stephen Byrne, welcomed the teachers and pupils on the day. A trip around the university and a celebration in the Aula Maxima took place. Ionad na Gaeilge Labhartha wishes to create a link with these primary schools and to strengthen this special link between the first and third level in education.

The schools that took part:

Gaelscoil Pheig Sayers, Farranferris

Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa, Ballyphehane

Gaelscoil Dhroichead na Banndan, Bandon

Scoil Abán, Baile Bhuirne

Scoil Naomh Fhionnbarra, Béal Átha an Ghaorthaidh

Scoil Náisiúnta Chléire, Cléire

Scoil Chúil Aodha/Barr D’Inse, Cúil Aodha

 

Further Details from: Nuala de Búrca

Irish Tutor| Ionad na Gaeilge Labhartha | Áras Uí Rathaille | Coláiste na hOllscoile Corcaigh

n.deburca@ucc.ie |  htttp://www.ucc.ie/ga/igl   | 021-4901883

Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir/ Deputy President & Registrar

First Floor, West Wing, Main Quadrangle, UCC, T12 YN60

Top