Staitiúid K

Staitiúid K

Acht na nOllscol, 1997

Coláiste na hOllscoile Corcaigh – Ollscoil na hÉireann, Corcaigh

CAIBIDIL I
Bord na Gaeilge

  1. Bunóidh an Ollscoil Bord na Gaeilge (“An Bord”).
  2. Is iad na dualgais a bheidh ar an mBord :
    1. Moltaí a dhéanamh don Choiste Rialaithe maidir le soláthar cúrsaí a chuimsíonn teagasc trí Ghaeilge as a dtiocfaidh céimeanna ollscoile agus gradaim eile de chuid na hOllscoile, in ábhair nó i ndisciplíní a soláthraítear teagasc dá leithéid trí mheán an Bhéarla.
    2. Moltaí a dhéanamh don Choiste Rialaithe maidir le bunú cúrsaí teagaisc trí mheán na Gaeilge a bhunú i réimsí nó i ndisciplíní nach bhfuil cúrsaí á soláthar trí mheán an Bhéarla.
    3. Moltaí a dhéanamh don Choiste Rialaithe maidir le soláthar foirne leis an oiliúint chuí a bheidh in ann na cúrsaí seo a chur ar siúl agus a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.
    4. Moltaí a dhéanamh don Choiste Rialaithe maidir le leathnú agus feabhsú úsáid na Gaeilge san Ollscoil i gcoittinne

      Tráchtaireacht : Is ionann na téarmaí tagartha seo agus na buntéarmaí tagartha a leagadh síos don Bhord i Staitiúid 95 i 1973

  3. Tuairisceoidh An Bord don Choiste Rialaithe agus seolfaidh sé tuairisc scríofa chuig an gCoiste Rialaithe ar bhonn bliantúil ar a laghad. Breathnóid an Coiste Rialaithe tuairimí na Comhairle Acadúla ar thograí uile de chuid An Bhoird.
  4. Is iad baill An Bhoird :
    1. An tUachtarán nó a (h)ainmní;
    2. An Cláraitheoir nó a (h)ainmní;
    3. gach sealbhóir ollúnachta sa Ghaeilge faoi pé teideal atá acu;
    4. Oifigeach na Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn de chuid na hOllscoile;
    5. Beirt bhall tofa ag an gCoiste Rialaithe;
    6. Beirt bhall tofa ag an gComhairle Acadúil;
    7. Ionadaí amháin tofa ag na Coláistí seo :
      1. Ealaíona, Léann Ceilteach agus Eolaíochtaí Sóisialta;
      2. Gnó agus Dlí
      3. Leigheas agus Sláinte;
      4. Eolaíocht, Innealtóireacht agus Eolaíocht Bhia;
    8. Comhthoghfaidh baill ó chatagóirí (a) go (g) beirt bhall ar a mhéid.

      Beidh na baill i gcatagóirí (a), (b), (c) agus (d) ina mbaill ex officio den Bhord.

      Tráchtaireacht : D’athraigh Staitiúid 140 agus Staitiúid D ballraíocht an Bhoird cheana. Cuireadh na hathruithe seo sa tsiúl mar thoradh ar na hathruithe sna Cathaoireacha sa Ghaeilge agus ina dteidil agus sa Staitiúid [D] is déanaí chun cur go mór le líon na mball comhthofa.

  5. Trí mheán na Gaeilge a phléifear imeachtaí de chuid An Bhoird. Beidh na tuairiscí don Choiste Rialaithe agus don Chomhairle Acadúil as Gaeilge agus as Béarla.

    Tráchtaireacht : Tá sé i gceist go mbeidh gnó An Bhoird ar siúl trí mheán na Gaeilge, plé, miontuairiscí srl. san áireamh. Beidh tuairiscí don Choiste Rialaithe agus don Chomhairle Acadúil sa dá theanga.

  6. Bunóidh An Bord an méid cuí fochoistí a mheasann sé a bheith riachtanach chun na téarmaí tagartha atá leagtha amach anseo a chomhlíonadh.

    Tráchtaireacht : Tá gá leis an bhforáil seo chun cead a thabhairt don Bhord fo-choistí a bhunú chun tionscadail na tionscnaimh áirithe a fhorbairt, mar shampla, Institiúid na hOllscolaíochta Gaeilge.

  7. Beidh téarma oifige na mball tofa ar an mBord comhaimseartha agus críochnóidh sé ag an am céanna le téarma Oifige an Choiste Rialaithe.

    Tráchtaireacht : Sainíodh tréimhse trí bliana roimhe seo sa Staitiúid.

  8. Staitiúid 95, Caibidil i, de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh, atá leasaithe cheana féin, leasaithe mar seo leanas :
    1. Trí scrios Mhíreanna 1 go 6.

    Tráchtaireacht : Tá na forálacha de Staitiúid 95, Caibidil 1, ranna 1 – 6 le feiceáil san athdhréacht seo chomh maith leis na hathruithe is gá chun ballraíocht, téarma oifige srl. a thabhairt cothrom le dáta.

    Tá Míreanna 7 agus 8, Staitiúid 95 fós ag feidhmiú toisc gur bhain siad seo na riachtanais ar iarrthóirí ollúnachta agus léachtóireachta fianaise a sholáthar go raibh sé ar a gcumas dualgais a n-oifige a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge.

  9. Staitiúid 140, Caibidil ii, de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh, atá leasaithe cheana féin, leasaithe mar seo leanas :
    1. Trí scrios Mhíreanna 1 agus 2, Caibidil 11.

    Tráchtaireacht : Chuaigh Staitiúid 140, Caibidil 2, siar ar bhallraíocht agus ar théarma Oifige An Bhoird.

  10. Leis seo, tá Staitiúid D, Caibidil II, de Choláiste na hOllscoile Corcaigh-Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, scriosta

    Tráchtaireacht : Ba é seo an t-athbhreithniú is déanaí a rinneadh ar an mballraíocht.

      University College Cork

      Coláiste na hOllscoile Corcaigh

      College Road, Cork T12 K8AF

      Top