- Home
- Academic Policy Portal
- Compliance
- Cur chun cinn na Gaeilge i Saol na hOllscoile
- Health and Safety
- University Safety Policy Statement
- School/Department Safety Management System
- Accident/Dangerous Occurence Reporting
- Persons with Special Needs
- Permit to Work Systems & Safe Operating Procedures
- Student Placement in the Workspace
- University Occupational H&S Dept web site
- Radiation Protection & Bio-Safety
- IT Policies
- Quality Enhancement Unit
- Research
Doiciméad ar bheartas leis an nGaeilge a chur chun cinn i gColáiste na hOllscoile Corcaigh
Doiciméad ar bheartas leis an nGaeilge a chur chun cinn i gColáiste na hOllscoile Corcaigh
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
Glacann formhór de mhuintir na tíre seo le dátheangachas agus is cuid de shaol na hÉireann, a bheag nó a mhór, an Ghaeilge agus an Béarla sa lá atá inniu ann. Ba chóir d'Institiúid Ollscoile, atá ag tabhairt oideachais do mhic léinn le bheith páirteach i saol na tíre agus chun bheith ina dtreoraithe pobail, gach a bhfuil ar a cumas a dhéanamh lena céimithe a chur i gcóir don chúram sin. Tá sé ráite i bhFéilire na hOllscoile gur mian leis na hÚdaráis "go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn i ngnáthshaol na hOllscoile i measc na foirne agus i measc na mac léinn". Is léir cuid mhaith de dhea-thoil a bheith i measc na foirne agus na mac léinn agus cuid dá bhuíochas sin ar scéimeanna atá curtha sa siúl cheana féin faoi choimirce An Choiste Rialaithe. Is mian le Bord na Gaeilge dul chun cinn a dhéanamh ar an mbonn sin agus neartú leis le cúnamh na reachtaíochta nua teanga sa tír agus i bhfianaise sheasamh nua na Gaeilge san Aontas Eorpach. Is í an aidhm atá leis na moltaí atá á ndéanamh againn ná go leathnófaí ar na gníomhaíochtaí atá curtha ar siúl cheana agus a réitíonn le Staitiúid K faoin a riartar Bord na Gaeilge. Tagann siad faoi hocht gcinnteideal agus baineann siad le dhá chomhthéacs (1) inmheánach, (2) seachtrach.
INMHEÁNACH | ||
| ||
INMHEÁNACH |
1 | OILIÚINT PHRAITICIÚIL | |
1.1 | Foireann na hOllscoile | |
1.1.1 | Eagrófar seimineáir agus cúrsaí i nDún Chíomháin don fhoireann agus dá bpáirtithe chun oiliúint teanga a chur orthu agus chun iad a thabhairt isteach ar thimpeallacht ina mbíonn an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha. | |
1.1.2 | Cuirfear leis na cúrsaí sa Ghaeilge Labhartha a bhíonn ar siúl faoi láthair in Ionad na Gaeilge Labhartha agus féadfaidh páirtithe na foirne leas a bhaint astu. | |
1.1.3 | Déanfar soláthar faoi leith trí chúrsaí ollscoile agus/nó cónaí i nDún Chíomháin don fhoireann acadúil atá ag teagasc i gcúrsaí lánGhaeilge agus dá gclann leis. | |
1.1.4 | Beidh, de réir théarmaí atá leagtha síos ag Bord na Gaeilge, fáil ar Dhún Chíomháin ar feadh gearrthréimhsí ag gach aon duine den fhoireann agus a gclann ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Nuair a bheidh roghnú á dhéanamh ar rannpháirtithe ón bhfoireann do na cúrsaí i nDún Chíomháin, is cóir, de ghnáth, tús áite a thabhairt do dhaoine a mbeidh cúrsaí in Ionad na Gaeilge Labhartha déanta acu. | |
1.1.5 | Déanfar cúram d'fhorbairt foirne Ionad na Gaeilge Labhartha ar mhaithe le ardchaighdeán gairmiúil a bhaint amach in obair an Ionaid fhéin agus ar mhaithe le forálacha feabhais na hollscoile a chur i gcrích. | |
1.1.6 | As seo amach déanfar cúrsaí Gaeilge a thairiscint, do bhaill foirne nuacheaptha, mar chuid dá n-oiliúint bhliana. | |
1.1.7 | Cuirfear cúrsaí ar fáil a bheadh dírithe ar fhoghlaimeoirí a mbeadh spéis acu i sainréimsí teanga áirithe nó i scileanna gairmiúla a shealbhú trí mheán na Gaeilge (e.g. scileanna oifige, eagraithe, ríomhaireachta). | |
1.2 | Mic Léinn | |
1.2.1 | Déanfar forbairt agus éagsúlacht a chur ar chúrsaí Ionad na Gaeilge Labhartha i dtreo go ndéanfar freastal
| |
1.2.2 | Déanfar neartú ar scéim na scoláireachtaí Gaeltachta agus leanfar den éagsúlacht sa scéim. Cuirtear ar fáil scoláireachtaí seachtaine, coicíse agus scoláireachtaí ceithre seachtaine do mhic léinn faoi leith agus d’iarchéimithe a bheadh i ngar do bheith an-oilte agus an-líofa sa Ghaeilge Labhartha. | |
1.2.3 | Cuirfear cúrsaí ar fáil i nDún Chíomháin do ghrúpaí ar leith de mhic léinn (ó Roinn/Ionad amháin nuair is indéanta é) a bhféadfar a bheith ag súil go mbeidís ag teagmháil le chéile go minic i ngnáthshaol na hOllscoile. | |
1.2.4 | Cuirfear cúrsa faoi leith ar fáil in Ionad na Gaeilge Labhartha do mhic léinn i gcúrsa an Dioplóma Iarchéime in Oideachas (DIO) ar mhaithe le caighdeán na Gaeilge Labhartha i múinteoireacht scoile a fheabhsú. Beidh an cúrsa seo dírithe leis ar scrúdú an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile. | |
1.2.5 | Déanfar soláthar ar leith do chúrsaí i nDún Chíomháin do mhic léinn na Ranna Gaeilge agus do mhic léinn an Léinn Dúchais. | |
1.2.6 | Beidh fáil ar na háiseanna i nDún Chíomháin, nuair is indéanta é ag aon mhic léinn eile san Ollscoil a mbeidh fonn orthu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. De ghnáth, áfach, beifear ag súil go mbeadh na mic léinn sin tar éis tréimhse a chaitheamh i dteach muintire sa Ghaeltacht roimhe sin. | |
1.3 | Grúpaí Aosaitheach lasmuigh den Ollscoil | |
1.3.1 | Leanfar de chúrsaí Ionad na Gaeilge Labhartha d'foghlaimeoirí aosaitheacha agus leathnófar orthu, más féidir (e.g. cúrsaí sainchuspóra, cúrsaí do ghrúpaí ó ionaid oibre ar leith). | |
1.3.2 | Cuirfear cúrsaí intseirbhíse ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge le comhoibriú ó Roinn Oideachais an Rialtais nó ó aon ghníomhaireacht rialtais eile, dála Fhoras na Gaeilge. | |
1.3.3 | Leanfar de na socrúcháin atá i bhfeidhm cheana i nDún Chíomháin do na haosaithigh a dhein cúrsaí in Ionad na Gaeilge Labhartha. | |
1.3.4 | Cuirfear san áireamh go gceadófar do bhaill institiúidí acadúla eile nó do ghrúpaí cultúrtha lasmuigh den Ollscoil úsáid a bhaint as Dún Chíomháin, nuair nach gcuireann sé sin isteach ar aon socruithe a bhainfidh le húsáid na háite ag grúpaí ón Ollscoil. | |
1.3.5 | Leanfar de Scéim na Scol atá faoi scáth Bhord na Gaeilge. | |
2. | CÚRSAÍ ACADÚLA AGUS IMEACHTAÍ TRÍ GHAEILGE | |
2.1 | Tacófar le cláir léinn atá curtha ar fáil go hiomlán as Gaeilge e.g. An Léann Dúchais, An Ghaeilge Fheidhmeach, An Ríomhaireacht | |
2.2 | Rachaidh An Bord i gcomhairle le Roinn an Oideachais san Ollscoil agus le ranna cuí eile féachaint an mbeadh sé indéanta (a) cúrsa substaintiúil a chur sa siúl, (b) cúrsa acadúil a chur ar fáil in oiliúint mhúinteoirí sa Ghaeilge. | |
2.3 | Rachaidh An Bord i gcomhairle le Roinn an Oideachais san Ollscoil féachaint cad iad na codanna den chúrsa DIO (ATO) a d'fhéadfaí a dhéanamh trí Ghaeilge. | |
2.4 | Tacófar le cláir acadúla trí Ghaeilge de réir mar is cuí e.g. An Chéim BCL Dlí agus Gaeilge, agus le cláir nua a bheadh á bpleanáil e.g. Teastas san Iriseoireacht. | |
2.5 | Rachaidh An Bord i gcomhairle le Cló Ollscoile Chorcaí féachaint cad a d'fhéadfaidís a chur sa siúl maidir le foilsiú i nGaeilge. | |
2.6 | Rachaidh An Bord i gcomhairle leis an Lárionad Teanga agus le haon ionad eile sa Choláiste maidir le cur chun cinn na Gaeilge Labhartha. | |
2.7 | Leanfaidh An Bord le léachtaí agus le seimineáir faoi leith a sholáthar a chothódh eolas ar fhadhbanna cultúrtha agus teanga a bhaineann le staid na Gaeilge. | |
2.8 | Go n-aithneofaí agus go n-úsáidfí an Ghaeilge mar chuid de chláir pleanála acadúla, in irisí/reiviúnna acadúla na hollscoile srl. | |
3. | OLLSCOLAÍOCHT GHAEILGE SA GHAELTACHT | |
3.1 | Go ndéanfaí cláir teanga, scéimeanna agus gníomhaíochtaí Gaeilge a thairiscint ag na leibhéil chuí sa Ghaeltacht i gcomhthéacs Institiúid na hOllscolaíochta Gaeilge. | |
3.2 | Bunófar agus forbrófar ionaid ollscoile sa Ghaeltacht faoi scáth na hInstitiúide agus loirgeofar na hacmhainní cuí chuige sin. | |
4. | I nDÁIL LE TIMPEALLACHT DÁTHEANGACH | |
4.1 | Eagrófar imeachtaí sóisialta, gur gnáthach Gaeilge a labhairt iontu, don fhoireann agus do mhic léinn (imeachtaí a bhféadfaí cuireadh a thabhairt d'oifigigh agus do riarthóirí na hOllscoile teacht go dtí ceann díobh, ar a laghad). Mar ghnás, féadfar na himeachtaí seo a eagrú ar bhonn roinne nó ar bhonn grúpaí atá ann cheana. | |
4.2 | As seo amach coimeádfaidh Oifig na bhFoirgintí/nEastát an prionsabal os comhair a n-aigne go mba chóir ranna a dheineann cuid nó iomlán a gcuid oibre trí Ghaeilge a shuíomh ar chóngar a chéile i dtreo go mbeadh timpeallacht nádúrtha dátheangach san Ollscoil agus go mbeadh an Seomra Caidrimh ar fáil do na ranna seo agus do lucht labhartha na Gaeilge san Ollscoil. | |
4.3 | Leanfar den neartú ar scéim an Ionaid Chónaithe Gaeilge, Áras Uí Thuama i gcomhairle le Iostas Champas COC Tta. | |
4.4 | Leanfar de scéim bhliantúil Ghradam na Gaeilge dóibh siúd i measc na mac léinn is mó a thugann faoi thionscnaimh fiúntacha le húsáid na Gaeilge Labhartha a leathnú i saol na hOllscoile. | |
4.5 | Rachfar i gcomhairle le Aontas na Mac Léinn agus leis an gCuallacht féachaint conas a d'fhéadfaí cabhrú leo i dtionscnaimh faoi leith (e.g. Seachtain na Gaeilge/Spraoi Cois Laoi). | |
SEACHTRACH | ||
5. | AN tÚDARÁS UM ARD-OIDEACHAS | |
5.1 | Cuirfidh Bord na Gaeilge tuairisc bhliantúil ar fáil don Choiste Rialaithe agus ina dhiaidh sin don Údarás um Ard-Oideachas ina mbeidh trácht ar an dul chun cinn a deineadh sna réimsí polasaí thuasluaite. Moltar go gcuirfí cruinniú bliantúil ar siúl idir ionadaithe an Bhoird agus ionadaithe an Údaráis. | |
5.2 | Iarrann an Bord go láidir ar an Údarás um Ard-Oideachas polasaí cuimsitheach i leith na Gaeilge in Institiúidí Oideachais Tríú Leibhéal a chur ar fáil. Iarrann an Bord ar an Údarás polasaí a leagadh síos a bhainfeadh le ceist na hOllscolaíochta trí Ghaeilge san ollscoil agus sa Ghaeltacht. Go léireofaí go speisialta sa pholasaí cad é an chabhair airgid a chuirfeadh an tÚdarás ar fáil do na hInstitiúidí Oideachais faoina chúram maidir le cúrsaí acadúla a bheith á múineadh trí Ghaeilge. Go gcuirfí le líon na scoláireachtaí/ndeontas ab fhéidir a sholáthar do mhic léinn a thógfadh na cúrsaí sin. Iarrann an Bord ar an Údarás glacadh le clár oibre chun an polasaí iomlán a chur i bhfeidhm. | |
5.3 | Déanfaidh an Bord comhoibriú leanúnach leis an ÚAO ar mhaithe le cuspóirí an Údaráis i leith na Gaeilge a thabhairt i gcrích. (cf. Development of the Irish Language, An Páipéar Bán Oideachais, 1995.) | |
6. | OLLSCOIL NA hÉIREANN | |
6.1 | Go leanfaí den riail de chuid Ollscoil na hÉireann maidir le máithreánach sa Ghaeilge a bheith ina riachtanas iontrála agus go n-iarrfaí ar Rialtas na hÉireann an tacaíocht chuí ina leith seo a chur ar fáil. | |
6.2 | Go ndéanfadh Bord na Gaeilge comhoibriú leanúnach le Institiúidí Oideachais Tríú Leibhéal eile agus go háirithe le Institiúidí de chuid Ollscoil na hÉireann ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge. | |
7. | REACHTAÍOCHT TEANGA IN ÉIRINN | |
Nóta : | Tá forálacha i leith chur chun cinn na teanga ar fáil in Acht na nOllscol agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cuireann siad seo dualgas foirmiúil ar ollscoil tacú leis an nGaeilge agus scéim teanga institiúidiúil a chur ar bun. | |
7.1 | Cuirfear an Ghaeilge chun cinn ar bhonn dlithiúil san Ollscoil agus in Éirinn faoi réir ag airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann (1937), ag Acht na nOllscol (1997), ag Comhaontú Bhéal Feirste (1998) agus ag Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003). | |
7.2 | Go mbeadh fógraí poiblí dátheangach, de ghnáth; ba chóir polasaí mionchruinn ina leith seo a oibriú amach de réir Scéim Teanga COC agus Acht na dTeangacha Oifigiúla. Go leanfaí den pholasaí atá ann i láthair na huaire go soláthraítear gach stáiseanóireacht san Ollscoil le mírchinn dátheangacha. Ba chóir dul i gcomhairle leis na hOifigigh/Bainisteoirí lena mbaineann an scéal maidir le cur i bhfeidhm na scéime teanga a chuimsíonn na míreanna seo leanas :
| |
7.3 | Rachfar faoi réir ag forálacha na scéime teanga, i gcomhairle leis na hoifigigh lena mbaineann an scéal san Ollscoil, leis an gcuspóir go réiteofar an bóthar chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha in ionaid faoi leith de ghnó na hOllscoile (mar shampla - An Leabharlann, Oifig an Chláraitheora, An Malartán Teileafóin, Oifig na bhFiosrúchán). | |
7.4 | Tógfar ceann go leanúnach de chomhthéacs na pleanála náisiúnta teanga agus go háirithe na spriocanna a bheidh i gceist le plean fiche bliain Rialtas na hÉireann. | |
8. | AONTAS NA hEORPA | |
Nóta : | Tá stádas oifigiúil ag an nGaeilge san Aontas Eorpach ó mhí Eanáir 2007 i leith. Cuireann sé seo go mór le tábhacht na Gaeilge mar theanga ghairmiúil oibre agus mar acmhainn oideachais ar bhonn idirnáisiúnta. | |
8.1 | Tacófar leis na cúrsaí “ab initio” agus leis na cúrsaí oíche d’eachtrannaigh. | |
8.2 | Leanfar de scéim mhalartaithe foirne teagaisc Ghaeilge idir COC agus ollscoileanna áirithe eile an Aontais. | |
8.3 | Forbrófar clár oibre an aonad aistriúcháin agus an clár léinn san aistriúchán Gaeilge i bhfianaise stádas oifigiúil a bheith ag an teanga in obair laethúil an Aontais Eorpaigh. |
Staitiúd K
Nóta : | Bunaíonn Staitiúd K de chuid na hollscoile, Bord na Gaeilge agus cuireann de dhualgas reachtúil air an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn san ollscoil. Tá cóip de Staitiúd K, Caibidil I á cur ar fáil anseo thíos. |