Cumhacht an logainm

Agus sinn ag iarraidh dul i ngleic leis an mBreatimeacht agus le cúrsaí na timpeallachta, is cosúil go bhfuil an nasc atá againn le háiteanna níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh. Pléann Máiréad Ní Loingsigh conas mar a nascann ár logainmneacha sinn leis an saol fisiciúil, sóisialta agus cultúrtha atá timpeall orainn.

3 MIN READ
10 Dec 2019

Is deacair ár slí a dhéanamh sa tsaol gan logainmneacha. Bainimid leas astu chun brí a bhaint as léarscáileanna agus comharthaí bóthair agus chun an córas iompair a úsáid. Is léir go bhfuil tábhacht mhór leo ó thaobh na geograife de, ach tá feidhmeanna eile acu chomh maith – i dteannta ár n-ainmneacha baiste agus ár sloinnte nascann siad lénár n-áit chónaithe sinn agus is gné thábhachtach den ómós áite iad. Nuair a théimid amach ar a bhfuil i logainmneacha na Gaeilge faighimid mioneolas ar an dtírdhreach chomh maith le mórán nodanna seandálaíochta, béaloidis agus miotaseolaíochta. Buailimid le foclóir saibhir, samhlaíoch sna tagairtí meafracha do na baill choirp in ainmneacha gnéithe topagrafaíochta, cuir i gcás.

Is minic a bhuailimid le logainmneacha i gcomhthéacs an spóirt ón uair go mbíonn logainmneacha mar chuid d’ainmneacha na gcumann spóirt go minic, mar shampla leithéidí Ringmahon Rangers (cumann sacair i gCorcaigh) nó Listowel Emmets (cumann de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael i gCiarraí). Téann logainmneacha áirithe i bhfeidhm go mór ar lucht tacaíochta an chumainn spóirt dá bharr san. Tá taithí anois againn ar mhórán logainmneacha ón iasacht de bharr an spóirt, go háirithe an rugbaí agus an sacar; is mó logainm ar nós Manchester, Munich, Toulouse agus Toulon atá i mbéal an phobail, go háirithe i gcás daoine óga, agus is fearr an cur amach a bhíonn acu orthu san ar uairibh ná ainmneacha áiteanna atá níos cóngaraí don mbaile.

Buailimid le móran logainmneacha sa chóras oideachais agus sa chóras sláinte – is amhlaidh a bhíonn siad mar chuid d’ainmneacha na n-ospidéal agus na scoileanna, an-mhinic sna hainmneacha oifigiúla atá orthu agus uaireanta eile sna hainmneacha neamhoifigiúla a bhaisteann muintir na háite orthu. Ar an gcuma so is mar a chéile logainm uaireanta agus ainm institiúidí áirithe, agus is minic a bhíonn íomhá ghruama ag na hainmneacha seo, mar shampla Daingean (St. Conleth’s Reformatory School for Boys, Daingean, Co. Offaly) nó Tuam (Bons Secours Mother and Baby Home, Tuam, Co. Galway). I gContae Chiarraí, cuir i gcás, shamhlaítí an logainm Cill Áirne leis an ngealtachas. Nuair a labhartaí ar bheith ‘i gCill Áirne’ ba léir gur thréimhse mar othar i dtigh gealt an bhaile sin a bhíodh i gceist. Bhí ‘Cill Áirne’ no ‘Daingean’ dá gcuid féin ag bailte eile, dar ndóigh, agus bhí brí shóisialta leis na logainmneacha mícháiliúila seo.

"Dealraíonn sé más ea go músclaíonn logainmneacha ár gcuid mothúchán agus go bhfuil baint acu lenár n-áit sa phobal" Máiréad Ní Loingsigh

Tá an-shaibhreas le fáil i dteanga na logainmneacha. Múintear a lán dúinn mar gheall ar an dtírdhreach – deintear cur síos ar an dtalamh ard i bhfocail mar cnoc, sliabh, cruach agus binn. Tá sruth, sruthán, abha agus glaise againn, cuir i gcás. Léiríonn na focail páirc, gort, garraí, inse agus móinéar difríochtaí áirithe go bhfuil tábhacht leo ó thaobh na feirmeoireachta de.

Ní foláir nó bhí tábhacht mhór leis na crainn nuair a ceapadh an-chuid d’ár logainmneacha. Ainmnítear mórán crann iontu – an dair, an bheith, an t-iúr agus mórán eile nach iad. Ina theannta san tá focail sna hainmneacha a dheineann cur síos ar shaghasanna éagsúla áiteanna ina mbíonn crainn ag fás – doire, ros, garrán, gaortha, scairt agus muine, mar shampla.

Chomh maith leis na focail ar fad a thagraíonn don dtírdhreach fisiciúil tá móran focal sna logainmneacha a bhaineann le cúrsaí lonnaíochta, mar shampla dún, ráth, lios, cathair agus caiseal, agus gan amhras léiríonn focail ar nós cill, domhnach, mainistir, teampall, eaglais agus díseart anáil na Críostaíochta.

Ní fuirist i gcónaí brí a bhaint as teanga logainmneacha na Gaeilge ón uair gur i bhfoirmeacha béarlaithe atáid tar éis teacht anuas chugainn don gcuid is mó. Is é atá sna foirmeacha béarlaithe seo i ndáiríre ná iarrachtaí fhoireanna na Suirbhéireachta Ordanáis sa naoú haois déag ar na logainmneacha Gaeilge a bhailiú agus a thrascríobh. Is minic a labhartar ar an dtruailliú a deineadh ar na hainmneacha, ach ba cheart a admháil gur ar éigin a bheadh teacht againn ar oiread abhair logainmníochta mura mbeadh iarrachtaí údaráis na Breataine ar logainmneacha na hÉireann a bhailiú agus a bhreacadh ar learscáileanna aimsir na Suirbhéireachta Ordanáis. Bhí seans, leis, againn tar éis don dtír an tsaoirse a bhaint amach go raibh lucht rialtais na hÉireann sásta Coimisiún Logainmneacha agus Brainse Logainmneacha a bhunú agus a chothú.

Léaráid: Caitlin Quinn

Is minic a bhíonn cumhacht ag logainmneacha. Músclaíonn siad an mórtas agus an t-uaigneas agus cuireann siad eachtraí gránna i gcuimhne dhúinn (cuimhnímis ar Mhainistir Leathrátha, Gránard nó An Droichead Órga). Nuair a deintear praiseach ar uairibh de logainmneacha na Gaeilge cuirtear cainteoirí Gaeilge ag gáirí nó is amhlaidh a bhíonn siad le ceangal. Bíonn spórt againn ar fhoirmeacha Béarla logainmneacha áirithe (Nobber, The Paps, Effin, Moll’s Gap). Bítear ag iarraidh an logainm is faide nó an ceann is giorra nó an ceann is gáirsiúla a aimsiú. Samhlaítear an logainm An Teampall Mór i gContae Thiobraid Árann leis an nGarda Síochána toisc gurb ann atá coláiste oiliúna an fhórsa lonnaithe. Léiríonn logainmneacha an deighilt a bhíonn idir pobail ar chúiseanna socheacnamaíochta, go háirithe sna bailte agus sna cathracha mar a mbíonn cáil an tsaibhris ar cheantair áirithe agus drochtheist an bhochtanais ar áiteanna eile.

Tá fuíollach fianaise le haimsiú i siopaí bídh go bhfuil logainmneacha ábalta ar theachtaireachtaí a chur in iúil dúinn. Is mó táirge bídh go bhfuil logainm mar chuid dá ainm, go háirithe táirgí déiríochta (Kerry, Charleville, Kilmeadan, Dubliner), agus uisce i mbuidéil (Ballygowan, Tipperary, Evian). Is é atá á chur in iúil dúinn ná gur áiteanna glana ar an dtuath iad na háiteanna so agus dá réir sin go ndéanfaidh na táirgí a luaitear leo maitheas dúinn agus gurb é ár leas iad a cheannach. Is cosúil ná meallann áiteanna plúchta, truaillithe sa chathair lucht siopadóireachta.

Dealraíonn sé más ea go músclaíonn logainmneacha ár gcuid mothúchán agus go bhfuil baint acu lenár n-áit sa phobal. Léiríonn siad difríochtaí agus cuireann siad teorainneacha fisiciúla agus teorainneacha sóisialta in iúil chomh maith. Agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le stiúrú na timpeallachta, an t-athrú aeráide agus an Bhreatimeacht, b’fhiú dhúinn machnamh a dhéanamh ar ár gceangal le háiteanna agus le logainmneacha chun sinn a cheangal leis an saol fisiciúil, sóisialta agus cultúrtha atá timpeall orainn.

Previous Issues

Sign up to our eZine

By clicking the submit button, you're agreeing to our Terms and Conditions

Office of Marketing and Communications

Margaíocht agus Cumarsáid

East Wing, Main Quadrangle, University College Cork, Cork, Ireland

Top