Student Events

Scoláireachtaí Gaeltachta 2014

Ar mhaith leat seachtain a chaitheamh sa Ghaeltacht? Ná caill do sheans! Béidh fáilte roimh gach éinne.

Is féidir le mic léinn an choláiste cur isteach ar scoláireacht go dtí an Ghaeltacht fiú muna bhfuil an Ghaeilge ar siúl acu mar ábhar. Maireann na scoláireachtaí seachtain agus is féidir leo dul go Corca Dhuibhne. 29.08.14 - 5.09.14 na dátaí atá i gceist. Fanann na mic léinn i ngnáth-thigh le clann. Bíonn 5/6 sa tigh de ghnáth. Ní bhíonn ranganna ann ach bíonn seisiún foghlamtha ann gach maidin – Teanga agus Cultúr na Gaeltachta. Beidh roinnt imeachtaí ar siúl sa tráthnóna m.sh. céilí, seisiún ceoil, turasanna, scéalaíocht 7rl …. Díolann Bord na Gaeilge as an lóistín. Beidh ort féin cúrsaí taistil a eagrú agus roinnt airgid a dhíol as na himeachtaí. €70 : €40 (éarlais) + €30 (imeachtaí). Má tá spéis agat dul ar scoláireacht: 1. Tar go dtí ORB, G02 – aon lá ó 17.02.14 - 20.02.14 9.30 a.m. – 4.30 p.m. 2. Líon isteach foirm iarratais. 3. Labhair le duine d’fhoireann na Gaeilge Labhartha (Pól, Seán, Ciarán, Claire, Marian, Nuala, Cearbhall). Ní scrúdú béil é seo. Beidh fáilte roimh gach éinne.



Category: Student Events:
Date:
Time: 9:30am - 4:30pm
Location: Ionad na Gaeilge Labhartha, G02 Áras Uí Rathaille
Target Audience: Mic léinn de chuid an Choláiste fiú amháin mic léinn nach bhfuil an Ghaeilge mar ábhar acu.
Admission Price: € 0
Contact: Pól Ruiséal
021-4902314
http://www.ucc.ie/igl/scolaireacht/

<< Back

Events Calendar Home

University College Cork

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

College Road, Cork T12 K8AF

Top