Student Events
Scoláireachtaí Gaeltachta
Cuireann Bord na Gaeilge airgead ar fáil chun mic léinn a chur go dtí an Ghaeltacht
Cé atá i dteideal cur isteach ar Scoláireacht? Mic léinn de chuid an Choláiste fiú amháin mic léinn nach bhfuil an Ghaeilge mar ábhar acu. [Ní tharlaíonn sé seo in aon choláiste eile sa tír] Ceist : Cén Ghaeltacht atá i gceist? Iarthar Chiarraí - Corca Dhuibhne (ach is féidir socruithe eile a dhéanamh chomh maith). Ceist : Cén fhaid a mhaireann Scoláireacht? Seachtain. Ceist : Cathain is féidir dul? Tréimhse 1 : 01.04.11– 8.04.11 Tréimhse 2 : 02.09.11– 09.09.11 Ceist : Cén sórt lóistín a bheidh ann? Gnáth-thigh, ag fanacht le clann (5/6 i ngach tigh) Ceist : An mbeidh ranganna ar siúl? Ní bheidh ach beidh seisiún foghlamtha ann, (10 – 12) gach maidin – Teanga agus Cultúr na Gaeltachta. Beidh roinnt imeachtaí ar siúl sa tráthnóna m.sh. céilí, seisiún ceoil, turasanna, scéalaíocht 7rl …. Ceist : Cén costas atá i gceist? Díolann Bord na Gaeilge as an lóistín. Beidh ort féin cúrsaí taistil a eagrú agus roinnt airgid a dhíol as na himeachtaí. €70 : €40 (éarlais) + €30 (imeachtaí) Ceist : Conas is féidir cur isteach ar Scoláireacht? Tar go dtí ORB, G02 – aon lá ó 21.02.10 - 24.02.10 9.30 a.m. – 4.30 p.m. Líon isteach foirm iarratais. Labhair le duine d’fhoireann na Gaeilge Labhartha (Pól, Seán, Ciarán, Claire, Marian, Brian, Nuala). Ní scrúdú béil é seo. Ná caill do sheans FÁILTE ROIMH GACH ÉINNECategory: | Student Events: |
Date: | |
Time: | 9.30am - 4.30pm |
Location: | G02, Ionad na Gaeilge Labhartha, Áras Uí Rathaille |
Target Audience: | Mic Léinn amháin |
Admission Price: € | Tá sé saor in aisce chun cur isteach ar scoláireacht. |
Contact: |
Oifig na Gaeilge Labhartha 021-4902314 http://www.ucc.ie/igl/scolaireacht/ |