Conall & Cernach, can assa ráiter? Ni ansa. Rosacht chlainne bói for Finnchaímh ingin Chathbaidh .i. ben Aimirghin Iarghiunnaigh, coná beredh clann. Co tudchaidh araile druí ina dáil, con-epert in druí fría, dám[b]a mhaith mo lógh, ol sé, doberthá-ssa mac maith do Amhargen. Bidh fír son, ol sisi: bid maith do lógh lium-sa. Con-eipert in druí, tar don tiprait amárach & tiagh-su lat. Tiaghait{folio 592a} andís íarnamhárach don tiprait, con cechain in druí brechtu & tairchetla forsin tiprait. Con-epert in druí: Dot-fothraig eissi & dofuisemha mac, & ní ba h-ingaire nech aile día mathar macne oldás .i. do Connachtaibh.
Atibh an ingen digh assin tiprait iarsin & ro sluig duirb laisin digh, & bai in duirb sin a laimh in maic a m-broinn a mháthar, gu ra tholl an lámh & gurus-cernaigh.
O'tchúala Cet mac Maghach, brathair a mhathar, in ní sin .i. go m-béradh a siúr in ghin nómhuirbhfed fer for leth Connacht, boí sein a coimét a seathar co m-berid a mac. Taínic inbaid na h-ingine, & rofug mac. Tangadar drúidh baidsidhe in maic i n-geintliucht gur chansat an m-baithis n-geintlidhe for in mac m-beg, & roráidhsit ni ghinfi mac bhus ingairc oldás in mac so do Connachtaibh,& ní bhíadh aidhchi gin chenn Connachtaigh for a chriss,& mairbhfidh fer for leth Connacht. IS ann sin roghabh
Conall Cernach didiu, .i. cearn robói assa lethchinn bá meítithir fría cobhraidh sceíth, iarna bhúalad a n-Albain im dhilsi mná. Is dé bá Cernach on mhudh sin.