Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 225

225

Fir Domnann .i. fir damnánn .i. don damnadh & don dáire tucad orro la Gregu rohainmniged Fir Domnann díbh. Ut dixit poeta:

  1. 1] Doluidh Sémíath sair for sét
    2] co tiribh finna fer n-Greg
    3] tugsat Greíg cís fergach fair,
    4] imurchur uíre a m-bolgaibh.
  2. 1] De na bolgaib sin co m-brígh
    2] chlainne Semíath maic Sdairn mhín
    3] dogairter Fir Bholg co m-bladh,
    4] is Fir Domnann ón damnadh.

Fir Domhnann tra .i. fir domhain fonn .i. fir no-dhomhnai[g]dís in talamh .i. ba domain no théighdís isin talamhain ag tabairt uisci aisti dia chur for sleibtibh garba la Gréig.