Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 214

214

Cú Cercca cidh día tá? Ni ansa. Bói caillech noem d'Ibh Losgaín Midmine ic Noitiu .i. Cearc a h-ainm. Fechtus dochóidh Finnchadh mac Fáelaín, mac rí Osraidhe, do mhílrad a fogus do chill na caillighe. Duísgit na gadhair míl intan sin. Bái cú ag in chaillig & marbhaís in míl. Romharbhsat coin finnchad cú na cailligi. ‘Truágh sin, a Finnchad!’ or in chaillech, ‘do marbhais mo chú coiméta, & benfat nemh dít ina h-éiric’. ‘Ná gad neamh dím’, or Finnchadh. ‘Bíatsa am choin choimhéta agat co cenn m-blíadhna a n-éiric do chon’. ‘Gabhaim’, or in cháillech, ‘& bidh Cú Chearca th'ainm’. ‘Faemaim’, or Findchad, & baí amhlaid. Is aire sin tra adubhradh Cú Cearca fris.