Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 149

149

Tuatha Dea (.i. Donann) .i. dée in t-áes dána & andeé in t-áes trebhtha; amail asrubhairt .cc. for Taín Bó Cúailnge, día m-bái a toirrsi & a n-ítaidh mhóir déis Lóich meic Mofeidbis do mharbad. INtan bói Cú Chulainn isin comrag sin Lóich, taínic chuigi In Mhórríghan inghen Ernmhais a richt anaichnidh a sidhibh do bhasgadh Con Culainn isin comhrag. Tug Cú Chulainn root n-urchuir don Mhórrighain gura bhris a lethrosc. Taínic sí aridhisi a richt t-seantainne d'innsaighi Chon Culainn, & dobhí sí ag bleghan bó tri sine ina fiadhnaisi. IS ime tra táinic sí arbíthin a foírithnech do Choin Culainn, daigh ní ghonadh Cú Chulainn nech araterná[d] co m-beth cuid dó fein ina leighis. Conaitecht Cú Chulainn in bleóghan fuirri iarna dhéchradh d'ítaidh. Dobreth sí blegan sine dó. ‘Rob slán an neim damh-sa só!’ ar Cú Chulainn. Bá slán didiu lethrosc na ríghna annsin. Ar Cú Chulainn robhris a lethrosc roime sin. Conaitecht som bleoghan sine aile fuirri. Dobert sí dó. ‘An neimh rob slán intí doridhnacht’, or Cú Chulainn. Conatach som in tres n-digh & dobert bleghan sine dó. ‘Bennacht dée & anndée fort, a inghen’, or Cú Culainn. Batar é a n-dée in t-aés cumhachta{folio 582a} & a n-andée in t-aes trebaire, & bá slán in righan iarsin.