Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 146

146

Dathí .i. Feradhach mac Fiachrach a cétainm. Ocus intán roghabh ríghi n-Erinn dochóidh isin doman sair do ghabaíl righe, & doghabh sé righi iarthair na h-Eórpa go h-Elpa.

Robhoí tra fear fírén a n-ucht t-Sleibhe h-Elpa intansin .i. Fer Ménia a ainm. Boi tor daingin díthoghail ag Fer Ménía. Roghabh tra Feradhach mac Fiáchrach cona sluagh ag toghail a thuir for Fer Ménia, & nír' fétsat ní dó. Toingis in righ nách fuícfed in tor nogo n-[g]abad é. Roghabhsat na slóigh co díchra ag toghail in tuir & ag díubhrugud in cháich bói annsa tor. Cácha n-diubraigdís na slóigh úathaibh frisin tor, eter chlochu & armu, is beg ní rosoichedh lár díbh sech in rígh gan ghabail ina lamhaibh & in righ feissin aridhisi iga fodhail do chach, conidh ed isberdís cách fris: ‘Is daithi in ghabaltaighi dogní in rígh forsna h-armu.’ ‘Fír, tra’, or in drái, ‘bid [D]athí a ainm on mhudh sin.’ Conid [d]e sin rolil Dathi de ósin alle. Fuair tra in rí bás annsin tréna úabur & tréna indliged frisin fer feidhil. Ar taínig saighnen tenedh do nim chuigi ann sin, gurus marbh & gurus loisc in rígh ann. Amal asrubhairt in fili:

  1. 1] Nír'ghabh ré thoisc áel naeim[f]ir
    2] gur' loisc caér thenedh Dáthí.