Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 133

133

Aed Sláini, cidh día n-apar? Ni ansa. Ben ghnóiech robhoí ag Diarmaid mac Cerbhaill .i. Mughain inghen Concraidh meic Dhuach a h-Airgetros. Roba imrit tra in Mhugain sin, & ní ruc clann don rí. Roboí Diarmaid ag tréigin na righna de sin.


p.344

133

Dochuaidh in righan iarsin co Finnén Mhuighi Bile & co h-espoc Aedha mac Bricc, & accáinis friú a beith aimrit. Ro bhennachsat na cleírigh uisci di conus-ibh digh ass, & bá torrach sidhe. Issed ruc don toirrchis sin .i. uán finn. ‘Am mairg-si de seo’, ar Mugain ‘.i. ceithir do choimpert’. ‘Ní h-edh bhías ann,’ or Finnen, ‘acht bidh coisergud dod broinn indí sin .i. innsamhail an Uain nemhlochtaigh rohedbrad tarcenn in chiniudha dáenna.’ Robhennach in cleirech uisci aile dí & ba torrach sidhe{folio 579a} dé sin. Issed rochoimpir, bradán airgdidhe co n-eithribh órdha. ‘Am mairg-si de seo’,ar Mugain, ‘& is mis-di damh a n-dénait na cleírigh frium, ar bid airdhairc ic feraibh Erenn in sgél sa’. ‘Ni h-edh bhías ann’, or in cleirech, ‘acht béra-su mac de, & bérat-sa in bradán lium, & dogéntar fethla lium de, & berair-siu mac díachinn & forberait a bhr[á]ithriu, & bidh lía rí uadh for Erinn innás óna macaibh aile.’ ‘Maith lium’, or Mugain, ‘acht gura chomhaillter’. ‘Comhaillfither’, or in cleirech. Dogní Finnén & espoc Aedha bennachadh na ríghna & bennachadh in t-síl rogheinfedh uaithi, & atnaig uisci don ríghain & ibidh digh ás, & fothraigis inn, & ro toirrchid in ríghan de sin, & beridh mac, & dobreth ainm dó .i. Áedh, & dob eissein Áedh Slaíne .i. roslánaigedh é ó na nethibh mínádúra rug an righan reime. Conid [d]esin asberar Áedh Slaine fris.

Maith tra in mac rucad ann íarsin .i. Áedh Slaine, & roba mhaith a chlann & a chinél déa eís .i. fir Bhregh.

ISberait foirenn aile co m-bad forsan abhainn díanad ainm Sláine rugadh Aed, conid [d]e rohainmniged Aedh Sláne. Nó coma[d] ó Aedh Slaine feisin isberar Slaine frissin abhainn dianadh ainm Slani asberar Slaine fria.