Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 40

40

Mogh Nuadat, cidh día tá? Ni ansa. Daire Barrach mac Catháir Mháir is é ros-ail Mogh Nuadat .i. Eogan mac Mogha Nét. Dorighnedh cumdach Dúin Aillinne fecht ann la Dáire m-Barrach mac Cathair. Robhói tra ráthmhoghaidh amra a n-Érinn intan sin .i. Núadha Sálfada mac Aengusa mic Fir Da Crích a crich Cuailgne, nert céit ann, sáith cóicait nomheleth. Tucad co Dáire m-Barrach in mogh sin do chumdach Dhuine Aillinne. INtan badar isin cluidh iga thochailt dorala íarsin cloch mhór dóibh isin cluidh & forfeimidh in mogh


p.304

a tógbáil. Dobhadar maccraidh in dunaidh & Eogan etarru ar in claidhe na rátha ig fechain in mogaidh ag locad in fedhma. Do íarr in mogh for in maccraidh in chloch do chur assin chlaidh. Rus-eitigh in maccraidh inní sin acht Eogan a aenur. Dochuaidh tra Éogan isin cluidh & do íadh a dhí laimh iman cloich, & rus-tógaibh 'na aenur in chloch, & do chuir ar uillinn deiscertaigh in dúini. Conus fil ann o sin a leth.

IS ann asbert in drái frissin mogh: ‘Is saér do mogh aníu, a Núadha!’ or in drai. Conid dé sin rolil Mog Nuadhat de, & is úaidh rohainmnighedh iarsan slicht sin.